Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
comhairle-carad:-gra-crua

Comhairle Carad: Grá Crua

| kathryn ni mhaolain | ,

Cad is comhairle mhaith ann? An í an chomhairle a ba mhaith leat a chloisteáil nó an chomhairle ar duit a chloisteáil?

Glacaimse leis agus sibh ag scríobh chugam, a chairde, gur réiteach faidhbe atá uaibh, seachas cluas éisteachta. Is spás sábháilte é seo, cinnte. Ach creid uaim é go bhfaighidh sibh mo bharúil ionraic, fiú má tá a fhios agam nach mbainfidh sibh sult as…

C, 27
Is ‘people pleaser’ í mo chara is fearr agus cuireann sé isteach orm go mór! Am ar bith a dhéanann muid pleananna, ní bhíonn ionchur ar bith aici agus fágann sí an phleanáil ar fad fúmsa. Cén dóigh a dtig liom a rá léi stopadh agus a bheith níos gníomhaí sa phleanáil?!

Oof. An duine a dhéanann iarracht daoine a shásamh agus a chuireann isteach orthu de thaisme ina áit sin. Tá trua agam do do chara! Is cinnte go bhfuil frustrachas ort leis seo, agus ba bhreá liom a fhiosrú cén fáth nach mbíonn do chara ag iarraidh ionchur a bheith aici ar chúrsaí pleanála – leatsa go háirithe.

Cad é mar a bhíonn tusa nuair a bhíonn tú ag ócáid nó i mbialann nach dtaitníonn leat? An mbíonn sé soiléir go bhfuil tú míshásta? Agus cad faoin tréimhse pleanála? An mbíonn tú sásta glacadh le smaointe daoine eile nó an breá leatsa cúrsaí a smachtú?

Is fiú machnamh a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil rudaí, agus na fáthanna a bhfuil siad mar sin, sula léimeann muid díreach isteach a rá le daoine eile conas caitheamh linne.

Níl mé ag cur an locht ar fad ortsa. Ach ní shílim féin go gcruthaítear dinimic mar seo go fánach. Agus mé ag iarraidh mé féin a chur i gcosa do charad, shamhlóinn gurbh fhearr léi i bhfad daoine eile a bheith sásta lena gcinneadh féin, ná go mbeadh gach duine (nó tusa amháin!) díomách nó fiú cantalach le cinneadh a rinne sise. Seans gur cuma sa tsioc léi cá dtéann sibh, agus gurb fhearr léi díreach a bheith lena cairde, cibé áit.

Sin ar fad ráite, is ualach intinne mór é a bheith i gceannas ar an phleanáil ar gach uile ócáid. Ba cheart duit iarraidh uirthise rud a phleanáil an chéad uair eile: an áit a roghnú, í a chur in áirithe, cuireadh a thabhairt do dhaoine eile, srl. Abair léi go díreach nach bhfuil an fuinneamh agatsa cinntí a dhéanamh faoi, agus gur bhreá leat dá ndéanfadh sise é.

Agus seo an rud is tábhachtaí. Bí dearfach faoi. Má dhéanann sí rudaí ar bhealach difriúil agus í ag pleanáil, ná bí ag tabhairt amach faoi. Má roghnaíonn sí bialann nach mbeadh mar an chéad rogha agatsa, ith agus ná habair faic. Dá mba mhaith leat go ndéanfadh sise an phleanáil, tá ort an smacht a thabhairt di.

Seans go mbainfidh tú sult as sin! Agus seans go mbeidh fuath agat air. Ach tá ort an seans a thabhairt di, go bhfeicfidh sibh taobhanna a chéile. B’fhéidir amach anseo gur féidir libh teacht ar réiteach: sealanna a ghlacadh nó an phleanáil a roinnt. Ach ceacht mo chuid comhairle inniu ná, má dhéanann duine eile an phleanáil, is acu atá an smacht.

‘Crá i gcruatan’
Tá mé i ngrá le mo chara is fearr. Tá stair eadrainn, ach shocraigh muid beirt tamall ó shin gurbh fhearr cairdeas ná caidreamh casta. Tá mothúcháin agam dó fós, agus tá sin ar eolas aige go cinnte, cé nár phléigh muid é. Ba mhaith leis gur cairde muid, ba mhaith liomsa níos mó. Cad a ba cheart dom a dhéanamh?!

Ní bheidh dúil agat i mo chomhairle. Tá brón orm, ach i roinnt cásanna is gá ‘grá crua’ a úsáid. Sa chás seo, is é an rud is cineálta é.

Tá ort céim siar a ghlacadh ón chairdeas (nó cúpla céim)! Is léir ó do theachtaireacht go bhfuil sé seo do do chrá i rith an ama, agus go mbíonn sé chun tosaigh i d’intinn. Is é sin an rud is fearr agus an rud is measa faoin ghrá – ní féidir éalú uaidh.

Ní féidir le rudaí leanúint ar aghaidh mar atá siad anois: tusa ag súil go n-athróidh sé a intinn lá éigin, agus seisean ag cur i gcéill nach bhfuil a fhios aige mar a mhothaíonn tú. Tá tubaiste ag fanacht libh anseo. Agus ní shílim gur gá domhsa sin a insint duitse – sílim gurb é sin an fáth ar scríobh tú chugam.

Bhí mé i do chás roimhe, agus déarfainn go raibh gach duine a léann an colún seo i do chás, nó cás cosúil leis, ag staid éigin. Níor chríochnaigh sé go maith domhsa, agus is minice sin ná a mhalairt. Is í an chomhairle a bhí ag mo mhamaí i gcónaí ná, “Má tá dúil aige ionat, beidh a fhios agat. Muna bhfuil dúil aige ionat, beidh mearbhall ort.”

Tá duine tuillte agat a thugann grá duit go soiléir. Agus cé gur mhaith leat am a chaitheamh leis an chara seo, níl sé ag déanamh aon mhaitheas duit a bheith do do chrá féin ina dhiaidh. Ní bhfaighidh tú an rud atá uait, atá tuillte agat, anseo.

Le spás, beidh deis agat bogadh ar aghaidh. Beidh deis agat seans a thabhairt do dhaoine eile, agus seans a thabhairt duit féin fás. Muna mbeidh an cairdeas seo ina chaidreamh choíche, beidh tú sásta gur thug tú spás duit féin bogadh ar aghaidh.

Tá súil agam go nglacfaidh tú le mo chomhairle, cé gur cinnte nach raibh dúil agat ann!


Ar mhaith leat comhairle carad? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí thú amach anseo.

Comhairle Carad: bhí an ceart ag Dolly agus tá ag Taylor

The post Comhairle Carad: Grá Crua appeared first on NÓS.

Níos mó