Labhair dalta óg Gaeltachta ar an mórtas atá air as an nGaeilge in óráid a thug sé ag ócáid bhronnta duaiseanna d’aistritheoirí óga sa Bhruiséil.
Bhuaigh Fionnán Ó Coisdealbha, dalta ó Choláiste Chroí Mhuire ar an Spidéal i gConamara, príomhdhuais na hÉireann sa chomórtas ‘Juvenes Translatores’, comórtas aistriúcháin d’iar-bhunscoileanna san Aontas Eorpach, agus chuaigh sé chun na Beilge an tseachtain seo caite chun glacadh leis an ngradam.
Bronnadh an gradam ar Ó Coisdealbha as saothar a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus sa phíosa cainte a rinne sé ag an ócáid bhronnta, labhair an fear óg ar an tábhacht a bhaineann leis an teanga dó.
Ghlac breis is 3,000 dalta ar fud na hEorpa páirt i gcomórtas na bliana seo.
Roghnaigh aistritheoirí an Choimisiúin Eorpaigh buaiteoir amháin ó gach tír san Aontas. Fuair 247 dalta eile moladh speisialta as an obair aistriúcháin shármhaith a rinne siad.
Is í seo an dara bliain as a chéile ar ghnóthaigh dalta ó Choláiste Chroí Mhuire duais na hÉireann – ba í Maitilde Warsop ón scoil chéanna buaiteoir na hÉireann in 2022.