Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
“ni-caitliceach-me-ach-is-maith-liom-dul-ar-aifreann.”

“Ní Caitliceach mé. Ach is maith liom dul ar aifreann.”

| hannah ni chonghaile | ,

Ní Caitliceach mé. Ach is maith liom dul ar aifreann.

Níl an nós againn ag baile, ní raibh riamh, ach téim anois is aríst agus bainim taitneamh as. Bíonn an choimhlint i gcúl mo chinn i gcónaí — an bhfuil sé ceart a bheith ag freastal ar aifreann? Ní gá na cúiseanna a lua: scannal a lean scannal a lean scannal. Tá a fhios againn ar fad an dochar atá déanta ag an Eaglais Chaitliceach.

Fós, is maith liom dul ar aifreann. Ní gach aon aifreann a thaitníonn liom, áfach, agus muna dtaitníonn an sagart paróiste liom ní chífidh sé aríst mé. Le déanaí, tuigeadh dom go raibh sagart nua ag léamh an aifrinn in áit nár chuas ann le blianta toisc nár aontaíos leis an sagart.

Chuas ann agus d’fhág sé le roinnt smaointí mé.

Tá mórchuid athruithe tagtha ar chúrsaí aifrinn le blianta beaga anuas. Ar cheann acu, níl aon aifreann ann Dé Domhnaigh a thuilleadh sa pharóiste seo. Tá an iomarca aifrinntí fé chúram an tsagairt. Bíonn ár n-aifreann anois ag a 19:30 tráthnóna Sathairn.

Cé a raghadh ar aifreann tráthnóna Sathairn? Ach, suite ar shuíochán ar chúl an tsáipéil an tráthnóna úd, thuigeas gliceas na seifte. Daoine ar a slí go dtín tigh tábhairne áitiúil ag bualadh isteach chun cúpla peaca a mhaitheamh dóibh féin roimh dhul amach. An méid san déanta do sheachtain eile. Is ag an bpointe san gur thuigeas gur cuireadh chun pínt i ndáiríre a bhí sa chuireadh freastal ar aifreann.

Sa lá atá inniu ann, is fuirist an rud é dearmad a dhéanamh ar an dtionchar go bhféadfadh an sagart paróiste a imirt ar phobal. Níor thaitin an gnáthshagart paróiste liom, lena sean-nósanna coimeádacha gan spás do thuairimí níos nua-aimseartha. Is daoine coimeádacha traidisiúnta iad muintir an pharóiste freisin, áfach. Níor thugas fé ndeara an nasc idir cur chuige an tsagairt agus cur chuige an phobail go bhfacas tionchar an tsagairt nua.

Baineadh preab as muintir an pharóiste ná raibh ar an eolas fén athrú sagairt. Chuir sé ag gáirí mé daoine a fheiscint ag corraí, ag caint féna n-anáil agus ag féachaint timpeall ar a chéile. Bhíodar ag iarraidh a fháilt amach cé hé a bhí ina sheasamh ar an altóir. Ba dhóigh leat gur scaoileadh asal isteach sa tsáipéal leis an mbuairt a bhí ar chuid acu. Ach, sagart is ea sagart agus, ar an iomlán, bíonn meas ag lucht aifrinn ar shagairt.

Labhair an stróinséar agus mhínigh gur sagart é a bhíodh ag obair sa deoise chéanna ina rabhamar ach a atá éirithe as le roinnt bliana. Níor thuigeas go raibh sagairt in ann dul ar scor! Tháinig sé i gcabhair ar an ngnáthshagart, a mhínigh sé, gan aon chúis a lua. An iomarca aifrinntí ar siúl Dé Sathairn, samhlaím féin.

Níor thug an sagart nua aon aird ar a bhí leagtha amach dó sa leabhrán. Dhírigh sé ar rudaí ar nós gan a bheith ag ceapadh go bhfuil tú níos fearr ná do chomharsan mar bímid ar fad thuas agus thíos. Chuirfimíst é seo i gcomparáid leis an dtuairim a bhíodh ag an seansagart: go n-éireoidh go maith linn má bhímid go maith agus san san. Fágann so go bhféadfadh duine a chreidiúint go bhfuil aon mhí-ádh a bhuaileann a chomharsana ina thoradh ar rud éigint mícheart atá déanta acu.

Chuir sé ag paidreoireacht sinn. Cuimhnímis ar na daoine atá breoite, na daoine i dtíortha ina bhfuil cogaíocht agus slad, na daoine ná fuil anseo a thuilleadh, agus orainn féin agus ár muintir. Chun críoch dheas a chuir air, dúirt an sagart nua an tÁr nAthair as Gaelainn. Ní haon ionadh gur thaitin sé liom! Dá mbeadh gach pobal ag éisteacht leis an méid a bhí le rá ag an sagart san gach seachtain, ní bheadh ann do leath na bhfadhbanna atá againn sa tsochaí.

Bhí seachtainí ann sular fhilleas ar an aifreann san agus nuair a dhein, b’aifreann Oíche Nollag é. Is ceann maith é seo i gcónaí dar liom. Bíonn sceitimíní ar nach mór gach éinne. Na daoine beaga ag cuimhneamh ar Shaintí, na daoine móra ag cuimhneamh ar chúpla pínt deas agus chuile dhuine i ndea-ghiúmar.

Thugas cara liom go dtín t-aifreann seo. Bhí cloiste aici go raibh an sagart nua “aisteach” agus theastaigh uaithi a fháilt amach di féin. Chuir an sagart nua fáilte roimh an sáipéal a bhí lán den chéad uair le bliain, shamhlóinn. Dhein sé cinnte fáilte a chur roimh gach éinne, go háirithe rompu siúd a bhí aerach, aiteach, déghnéasach, neamh-dhénártha, trasinscneach, nó éinne eile go mb’fhéidir ná raibh fáilte rompu san Eaglais cheana.

Ní bheadh sé ráite ag an seansagart agus ba léir ná rabhadar siúd a bhíodh dílis dó sásta. Rith sé liom: an é sin tionchar an tseansagairt? Ní fhéadfadh daoine ar na saolta seo a bheith chomh sáinnithe sin sna laethanta neamh-uileghabhálacha atá imithe tharainn — gan tionchar seachtrach ar aon chor. An bhféadfadh?

Ní raibh aon spéis ag an sagart nua i smaointí cúngaigeanta mhuintir an pharóiste ar aon chuma. Dosna daoine óga, na daoine ná téann ar aifreann go minic, agus dosna daoine a bhí tagtha abhaile don Nollaig, ba ghnáthrud é fáilte a chur roimh éinne a cheapfadh b’fhéidir ná raibh fáilte rompu. Ní bheimíst ag súil, sa lá atá inniu ann, lena mhalairt – an mbeadh?

An mise an t-aon duine a cheap ná raibh aon tionchar, in aon chor dáiríre, ag an méid a déarfadh sagart ar phobal a thuilleadh? An mbíonn tionchar níos mó ag an gcreideamh ar an bpobal ná mar a cheapaimid, fiú sa lá atá inniu ann?

The post “Ní Caitliceach mé. Ach is maith liom dul ar aifreann.” appeared first on NÓS.

Níos mó