Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ni-thiocfaidh-tg4-slan-as-na-2030idi-gan-tuilleadh-maoinithe’-–-ardstiurthoir

‘Ní thiocfaidh TG4 slán as na 2030idí gan tuilleadh maoinithe’ – Ardstiúrthóir

Deir Ardstiúrthóir TG4 nach mairfidh an stáisiún Gaeilge fiche bliain eile mura bhfaigheann sé ardú maoinithe suntasach ón stát.

Agus é ag labhairt os comhair an Chomhchoiste um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus Meáin i dTeach Laighean inne, dúirt Alan Esslemont nach mbeidh ann do TG4 faoi 2040 mura maoineofar an stáisiún ar comhchéim le leithéidí S4C sa Bhreatain Bheag.

Tá Ardstiúrthóir TG4 ag éileamh le roinnt blianta anuas go mbeadh an stáisiún ar comhchéim ó thaobh maoinithe de le S4C, a fhaigheann thart ar €100 milliún ón táille cheadúnais gach bliain.

Tá €57 milliún le fáil ag TG4 ón Rialtas in 2024, ardú €5 milliún ón mbliain seo caite, ach deir Esslemont go bhfuil ardú suntasach ag teastáil chun TG4 a choinneáil ar an aer sa todhchaí.

“Ní thiocfaimid slán as na 2030idí leis an leibhéal [maoinithe] atá againn faoi láthair. Teastaíonn an leibhéal céanna uainn is atá ag S4C nó na Bascaigh nó na Gailísigh. Sin an leibhéal atá riachtanach dúinn. Má fhanann cúrsaí mar atá, ní bhainfimid deireadh na 2030idí amach,” a mhaígh Esslemont.

“Ceann de na míbhuntáistí móra atá againn i gcomparáid le cainéal na Breatnaise ná nach bhfuil againn ach leath an oiread maoinithe poiblí is atá acu sin. Cé gur chóir d’Éirinn a bheith ina ceannródaí ar na meáin i mionteangacha, tá Éire chun deiridh.”

Dúirt Esslemont go raibh sé tugtha le fios i Straitéis 2023-2027 TG4 go raibh thart ar €11 milliún breise sa bhliain ag teastáil chun TG4 a thabhairt ar comhchéim le S4C ach go bhfuair an stáisiún amach go luath roimh Bhuiséad 2024 nach mbeadh ach €5 milliún breise á chur ar fáil.

Dúirt Esslemont go ndearna an cinneadh sin rudaí “an-deacair” dóibh, go háirithe agus an cainéal nua Cúla4 seolta sa bhfómhar. Dúirt sé gur “údar imní” a bhí ann dó nach bhfuair TG4 an tacaíocht ón Rialtas a rabhthas ag súil léi.

Mhol Esslemont freisin ag cruinniú an chomhchoiste go dtabharfadh an Rialtas tacaíocht bhreise do chomhlachtaí léiriúcháin Gaeltachta chun na ceantair Ghaeltachta agus an teanga a threisiú.

Faoi láthair, cuirtear an creidmheas cánach 32% ar fáil do chomhlachtaí faoi Alt 481 chun léirithe scannáin, teilifíse agus beochana a spreagadh in Éirinn ach deir Esslemont go dtacódh cúnamh breise don earnáil sa Ghaeltacht le roinnt spriocanna atá leagtha amach ag an rialtas, idir chur chun cinn na teanga agus forbairt na réigiún.

“D’fhéadfadh eacnamaíocht chruthaitheach agus chultúrtha rathúil i réigiúin na hÉireann íomhá na réigiún a athrú ó bhonn, dóibh siúd a chónaíonn agus a oibríonn ann agus dóibh siúd a thugann cuairt,” a dúirt Esslemont.

“Is féidir leis an tionscal cruthaitheach closamhairc tionchar a imirt ar thurasóireacht, na healaíona, cultúr, spórt agus an Ghaeilge agus iad a threisiú, chomh maith le cur leis na tionscail chruthaitheacha trí clusters agus comhshuíomh.”

Bhíodh comhlachtaí a bhí lonnaithe lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Corcaigh i dteideal creidmheas níos airde faoin scéim ‘Forbairt Réigiúnach’ ach tháinig deireadh leis an scéim sin ag deireadh na bliana seo caite.

Dúirt Alan Esslemont go ndéanann TG4 infheistíocht ar 80% dá chaiteachas léiriúcháin taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus go gcaitear 70% ar chomhlachtaí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. As an €32 milliún a chaith TG4 go náisiúnta leis an earnáil léirithe neamhspleách in 2023, caitheadh €29 milliún sna réigiúin, a dúirt sé.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 go raibh deis ann, i gcomhthéacs Straitéis 20 Bliain an stáit don Ghaeilge, faoiseamh cánach níos airde faoi Alt 481 do chomhlachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Níos mó