Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ba-choir-tuilleadh-a-dheanamh-i-gcomhair-na-sciathan-leathair

Ba chóir tuilleadh a dhéanamh i gcomhair na sciathán leathair

| hannah ni chonghaile | ,

Sciathán leathair. Ialtóg. An Bás Dorcha. Tá cur amach againn ar fad ar na créatúir oíche seo a thug inspioráid do Bram Stoker, a chíthimid i mbothán feirme istoíche, a chloisimid san áiléar agus, más fíor na scéalta, a fhaigheann greamaithe i ngruaig fhada mná mí-ámharacha.

Is ar an naoi gcineál sciathán leathair in Éirinn a bhí Linda Lyne ag caint le linn Féile Spéartha Dorcha Chósta na Sceilge in Uíbh Ráthach cúpla seachtain ó shin. Ní raibh mórán spéise agamsa riamh sna sciatháin leathair. Ní chuireann siad isteach orm, ní chuimhním rómhór orthu, agus samhlaím gur sin an cás don gcuid is mó dúinn. Ach níor thuigeas an méid a chuirimid isteach orthu agus an baol mór go gcuirimid iad ann sa lá atá inniu ann, go háirithe ó shoilse mínádúrtha ár saoil.

Thosnaigh Linda amach le cuid den eolas bréagach atá ann i dtaobh na gcréatúr seo a chur ina cheart. Mar shampla, ní luch le sciatháin é an sciathán leathair. Níl aon ghaol in aon chor eatarthu, cé go bhfuil an dá ainmhí beag agus is féidir leo beirt dul isteach i bpoill bheaga bhídeacha.

Níl sciatháin leathair dall ach oiread. Tá radharc na súl maith acu, cé go n-úsáideann siad a gcluasa chun rudaí a aimsiú ó mhacalla chun taisteal agus chun bia a sheilg.

Is ainmhithe ana-spéisiúil iad sciatháin leathair. Fiú na sciatháin féin, atá déanta as craiceann, a shíneann thar chnámh fhada na géige. Ag caint ar sciatháin, is é an sciathán leathair an t-aon mhamach go bhfuil cumas eitilte aige. Cé go bhfuil leithéidí an iora eitilte ann, ní eitilt a dheineann na mamaigh eile seo ach faoileoireacht.

Deineann sciatháin leathair geimhriú i ngrúpaí agus is minic go roinnfidh speicis dhifriúla fara amháin. Nuair a bhíonn na baineannaigh ag iompar, téann siad isteach go fara máithreachais le chéile agus bíonn coileán amháin ag gach baineannach. Ansan, nuair a bhíonn an fara lán le coileáin agus máithreacha, is féidir le máthair amháin imeacht amach ag fiach agus nuair a thagann sí thar n-ais, aithníonn sí a coileán óna bholadh.

Itheann sciatháin leathair feithidí agus is féidir le ceann beag suas le 3,000 míol nó mar sin a ithe in aon oíche amháin. Sin a dhóthain eolais domsa chun go dteastódh uaim cabhrú leo – samhlaigh an saol gan iad! Tá níos mó feidhme acu ná sin, áfach. Is iad na sciatháin leathair a dheineann an planda agáibhe a phailniú agus scaipeann siad síolta i dtíortha áirithe. Meastar go sábhálann sciatháin leathair $23 billiúin ar sheirbhísí srianadh lotnaidí sna Stáit Aontaithe ós rud é go n-itheann siad na feithidí a scaipeann galair ar phlandaí. Cé ná fuil figiúirí mar sin againn in Éirinn, itheann na sciatháin leathair galáin, feithid a ndeineann a larbhaí dochar do phlandaí.

Créatúir spéisiúla, gan dabht. Mar sin, conas atáid i mbaol?

Is gnách le sciatháin leathair teacht amach ar thóraíocht bídh leathuair an chloig tar éis dul fé na gréine. Ag an am seo, bíonn feithidí lae ag bogadh chun dul a chodladh, agus feithidí oíche ag teacht amach, ach ar feadh tréimhse ghairid bíonn an dá dhream ann ag an am céanna, agus seo é am cothaithe na sciathán leathair. Sula bhfágann na sciatháin leathair an fara, deintear eitilt sampláil solais. Deintear meas ar na leibhéil solais agus ní thagann siad amach chun bia a aimsiú go dtí go bhfuil sé dorcha a dhóthain dóibh.

Cuireann solas saorga mearbhall orthu agus cailleann siad amach ar an dtréimhse beathaithe atá rí-thábhachtach dóibh. Téann aon speiceas i léig nuair a chuireann rud éigint isteach ar a chothú, agus ní hé an t-aon speiceas a gcuireann an solas saorga isteach air sa tslí seo. Is iomaí dochar atá á dhéanamh againn dosna ainmhithe oíche seo. Cad chuige? Ionas go bhfuil an saol lasta dúinn, gur féidir linn ár ngnó a dhéanamh sa dorchadas, cé ná fuil súile oíche againne. Cad é réiteach na faidhbe? Tá ceann amháin ríshoiléir – múch na soilse!

Ní gá go mbeadh gníomhaíochtaí míréadúla do shochaí an lae inniu i gceist chun dul i ngleic leis an bhfadhb mhór seo. Is féidir rudaí a fheabhsú go hana-shimplí, trí shoilse a mhúchadh nuair ná fuil gá leo, iad a chur ar amadóir, soilse buí a úsáid in ionad soilse bána, agus soilse a chur níos cóngaraí don dtalamh in áiteanna lasmuigh.

Thiocfadh linn rudaí níos simplí fós a dhéanamh chun cabhrú le gcás na sciathán leathair, cosúil le cinntiú ná fuil soilse tí ag cur isteach ar chrannteorainn nó ar fhál sceach atá trasna an bhóthair ón dtigh, agus a chinntiú ná cuirtear solais le braiteoir gluaiseachta in áiteanna a mbíonn sciatháin leathair ag eitilt.

Is féidir tuilleadh eolais maidir le sciatháin leathair in Éirinn a fháilt ó Bat Conservation Ireland, agus canathaobh ná teastódh uait níos mó a fhoghlaim fén ainmhí a itheann 3,000 míol in aon oíche amháin!

The post Ba chóir tuilleadh a dhéanamh i gcomhair na sciathán leathair appeared first on NÓS.

Níos mó