Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
bhi-an-t-adh-ina-rith-ar-sprints-ar-a-stop-camchuairte-i-mbeal-feirste

Bhí an t-ádh ina rith ar SPRINTS ar a stop camchuairte i mBéal Feirste

| tomas o haodha | ,

★ ★ ★ ★ ★

Dé Sathairn, fuair muintir Bhéal Feirste a gcéad spléachadh ar an ghrian i mbliana agus cuireadh brí sa chathair dá bharr. Níorbh fhada go raibh na gairdíní beorach faoi lán seoil agus lucht caite raithní ag ceiliúradh 4/20 ins an Luibhghairdín. Mar bhuacphointe an tsonas earraigh seo, agus an ghrian ag dul faoi, b’iontach an taispeántas punc-gharáiste spleodrach a thug SPRINTS ins an Ulster Sports Club an oíche chéanna.

D’eisigh an ceathrar Baile Átha Cliathach an chéad fhadcheirnín dá gcuid Letter To Self ar an 5 Eanáir, agus díoladh gach ticéad dá gcamchuairt rathúil RA-Éireann i bhfad roimh ré. Ins an bhanna tá Karla Chubb (scríbhneoir, príomhamhránaí, giotáraí), Colm O’Reilly (príomhghiotáraí), Sam McCann (dordghiotáraí) agus Jack Callan (drumadóir). Is buanchairde ón scoil iad Chubb, O’Reilly agus McCann atá ag seinm le chéile ó bhí 10 mbliana slánaithe acu, an splanc iontach atá eatarthu le brath ina dteacht i láthair an-mhuiníneach ar an ardán.     

Tá ardmholadh faighte ag an cheathrar ó léirmheastóirí móra an tionscail as a n-albam úr, le cúig réalta tuillte acu ó NME. Mar chuid lárnach den rabharta reatha de bhannaí giotáir Éireannacha a bhfuil an-tóir go deo orthu, is dócha nach iontas ar bith é go gcuirtear i gcomparáid iad go minic le leithéidí NewDad, Pillow Queens, The Murder Capital agus, dar ndóigh, Fontaines D.C.. 

Tá fuaim tharchéimnitheach cruthaithe acu, le rianta na luath-90idí ar nós Pixies agus Sonic Youth le mothú, iarracht de IDLES ins an liriciúlacht agus Otoboke Beaver le cluinstin ins an fhlosc agus an luas. Léiriú atá ins an lucht éisteachta ar an réimse tionchar seo le BBC 6 Dads, mar aon le mic léinn gléasta ó bhun go barr ins na héadaí is déanaí ó Depop, agus achan duine eatarthu le feiceáil ins an chúngach.

Grianghraf: SPRINTS ar an ardán san Ulster Sports Club.

Ins an albam an-fhéinmhachnamhach seo, ar tugadh an t-ainm cuí Letter To Self air, nochtann Chubb mothúcháin, achrann agus tráma ón am atá caite agus ón am i láthair. Thug siad faoi ardán greamaitheach an Ulster Sports Club ag 8.45, ag cur tús leis an chéad amhrán ón albam ‘Ticking.’ Traic fíor-dhuairc atá ann a chothaíonn imní agus a thaibhríonn gach olc.

Á leanstan go díreach ina dhiaidh sin, sheinn siad ‘Heavy,’ traic a d’fhéadfá a rá atá chomh duairc agus chomh trom céanna ach rinne seinm giotáir sciobtha O’Reilly agus an teacht aniar a bhí le brath i nguth Chubb gur fheidhmigh sé mar leigheas agus catairsis ar an ísle brí. 

Sheinn siad ‘I’m In A Band’ agus ‘Delia Smith’ óna gcéad EP chomh maith le dhá amhrán eile óna gceirnín úr, ‘Adore, Adore, Adore,’ agus ‘Cathedral,’ traic ina bpléann an príomhamhránaí a taithí mar bhean dhéghnéasach ag fás aníos san Eaglais Chaitliceach. Thug Chubb an slua léi, ag baint spóirt astu i modh grinn agus ag trácht ar an uair dheireanach a sheinn siad anseo in 2022. 

D’ullmhaigh O’Reilly an slua le haghaidh athrú luais, ag ráit go raibh an chéad amhrán eile, ‘Shaking Their Hands,’ “níos fadálaí” óir ba shaghas bailéid é. Ní raibh aon ullmhú de dhíth ar an tslua nó tá an t-amhrán seo ar an amhrán is fearr agus is cumasaí ar an cheirnín. Thug Chubb focal buíochais do BBC Raidió Uladh as craoladh beo a dhéanamh ar an ghig sular ghabh sí a leithscéal le Gemma Bradley ón stáisiún, ‘Tá muid beo agus níl cead againn a bheith ag eascainí…och fuck that. Tá brón orm a Gemma!”

D’éirigh an slua an-tógtha ar fad nuair a phill Lara Minchin ón bhanna tacaíochta, Adore, ar an ardán agus rinne sise agus Chubb leagan spreagúil spleodrach de ‘Deceptacon’ le Le Tigre. Sular chuir SPRINTS clabhsúr trí amhrán ar an oíche, léirigh an príomhamhránaí gur grúpa prionsabálta radacach iad nach ndéanann dearmad ar a bhfréamhacha nó orthu siúd atá imeallaithe ag an domhan mhór faoi láthair. 

“Thosaigh muid i mbothán gairdín beag. Seasann muid in éadán chinedhíothú na bPalaistíneach. Seasann muid le daoine de dhath. Seasann muid leis an phobal thrasinscneach.”


B’údar mór díomá agus déistine é an mhaidin dár gcionn nuair a bhí ar SPRINTS an ráiteas seo a leanas a chur amach ar na meáin shóisialta:

“Inné, rinneadh ionsaí gnéis ar Karla don dara huair ar an chamchuairt Letter To Self. Is uafásach an rud é gur tharla sé seo faoi dhó. Tá sé déistineach fós go dtarlaíonn a leithéid ar scor ar bith. Ní ghlacfaidh muid leis agus ní bheidh muid inár dtost faoi.

“Ba chóir go mbeadh bancheoltóirí in ann teagmháil a dhéanamh lena lucht éisteachta agus imeacht den stáitse gan eagla a bheith orthu roimh chrúbáil, cat-calling, agus ciapadh. Tá sé thar a bheith gránna go dtarlaíonn sé seo go laethúil do mhná go fóill.

“Ár mbuíochas leo siúd a thug faoi deara agus a thug dúshlán an duine. Dóibh siúd atá freagrach as an iompar, is mór an náire sibh.”

The post Bhí an t-ádh ina rith ar SPRINTS ar a stop camchuairte i mBéal Feirste appeared first on NÓS.

Níos mó