Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
comhairle-carad:-is-leor-o-mhor-a-dicheall

Comhairle Carad: Is leor ó Mhór a dícheall

| kathryn ni mhaolain | ,

Foghlaimíonn tú gach rud ó do thuismitheoirí agus tú óg. An dóigh le siúl, le hithe, le labhairt, le grá a thabhairt. Mar sin, is mór an t-aistriú saoil é nuair a aithníonn tú gur daoine daonna iad agus nach bhfuil gach rud ar eolas acu. Déanann siad meancóga, bíonn eagla orthu, tá siad leochaileach. Thig leis a bheith ina rud scanrúil nó thig leis sibh a tharraingt níos cóngaraí dá chéile.

I gceisteanna na seachtaine seo, pléann muid na buairimh a bhíonn againn mar “pháistí fásta” agus muid ag iarraidh aire a thabhairt dár dtuismitheoirí.

P, 28
An bhfuil moltaí praiticiúla ar bith agat ar gan a bheith ag mothú freagrach as na daoine eile i mo shaol? Mo thuismitheoirí ag dul fríd cholscaradh san am i láthair atá salach go leor.

Bíonn sé dúshlánach briseadh caidrimh a láimhseáil ag aois ar bith. Éiríonn an scéal níos casta nuair atá níos mó daoine bainteach leis an bhriseadh. Tá brón orm a chloisteáil go bhfuil do thuismitheoirí ag fáil colscaradh óna chéile agus go mothaíonn tusa freagrach astu.

Ba bhreá liom a fhiosrú cad chuige a mothaíonn tú mar seo. An é go bhfuil siad do do tharraingt isteach sa phlé? Deir tú go bhfuil sé salach go leor. Is dócha go gciallaíonn sé sin go bhfuil go leor barúlacha acu beirt agus nach bhfuil siad ag teacht le barúil an duine eile. Bíonn sin an-deacair don duine sa lár. Sa chás seo — tusa.

An chéad rud a déarfaidh mé leat ná: níl ach seit tuismitheoirí amháin agat. Molaim duit fanacht chomh fada ar shiúl ón dráma agus is féidir leat. Déan iarracht a bheith neodrach, agus déan iarracht gan é a phlé leo an oiread is lú agus is féidir. Cinnte, beidh seo dúshlánach. Ach sílimse gurb é seo an dóigh is fearr le caidreamh a choinneáil leo beirt (agus do chiall a chaomhnú!).

Chun é seo a dhéanamh, beidh teorainn le leagan síos agat. Tá go leor plé déanta ar theorainneacha sa cholún go dtí seo, ach mar achoimre — baineann teorainn leat féin amháin. Ní féidir leatsa daoine eile a smachtú. Níl smacht agat ach ar na rudaí a dhéanann tú féin agus na freagraí a thugann tú do dhaoine eile. Sampla maith de theorainn sa chás seo: “Ní bheidh mé ag caint le duine agaibh faoin duine eile” nó “Má leanann tú ort ag caint air seo liom, crochfaidh mé suas an guthán.”

Tabhair faoi deara go bhfuil na rudaí sin faoi smacht agat. Má thosaíonn siad ag cúlchaint faoin duine eile nó ag iarraidh tú a tharraingt isteach, is fútsa atá sé diúltú leanúint leis an chomhrá. Is é is tábhachtaí leis na teorainneacha seo go mbíonn tú leanúnach leo. Cibé teorainn a leagann tú síos, lean leis agus ná tarraing siar. Beidh sé seo i bhfad níos deacra ag an tús, go háirithe muna bhfuil do thuismitheoirí cleachtaithe leis. Ach geallaim duit go n-éireoidh sé níos fusa.

Is gá a bheith airdeallach ar iompar nimhiúil ag an am chéanna. Is féidir a bheith neodrach agus fanacht siar ó lár na hargóinte, ach má thugann tú faoi deara go bhfuil duine amháin ag léiriú tréithe nimhiúla agus ag gortú an duine eile d’aon turas, seans go mbeidh ort seasamh isteach. Tá na leideanna thuas ann mar threoir ghinearálta ach is gá a chuimhneamh go bhfuil gach cás difriúil. Ní féidir a bheith neodrach i gcónaí.

Ar an iomlán, déan iarracht a bheith foighdeach agus measúil le do thuismitheoirí. Is léir go bhfuil an saol ag teacht crosach orthu fá láthair, ach ní chiallaíonn sin go bhfuil ortsa gach rud a réiteach dóibh. Bí grámhar ach seas an fód. Tabhair aire duit féin.

L, 32
Tá mo thuismitheoirí ag éirí níos sine agus tá mé ag aithint nach bhfuil a gcuid sláinte chomh maith agus a bhí. An fhadhb atá ann ná nach n-aithníonn siad féin é sin! Ba mhaith liom go rachadh siad chuig an dochtúir ach níl mé cinnte cén dóigh chun sin a thógáil leo.

Cloiseann muid ó aois an-óg faoi rotha mór an tsaoil, agus cé go dtagann pointe mar seo i saolta go leor daoine, ní bhíonn aon duine ullmhaithe fána choinne. Tá brón orm a chloisteáil nach bhfuil sláinte do thuismitheoirí chomh maith agus a bhí. Cé go bhfuil siad ag diúltú dul chuig an dochtúir leat faoi láthair, tá an rud ceart ar siúl agat, agus ba cheart leanúint ort.

Ar phléigh tú seo leo go fóill? Ní soiléir ó do litir é. An bhfuil siblíní ar bith agat nó baill teaghlaigh eile a thiocfadh leo cuidiú leat leis an chomhrá? Ba mhó daoine ag insint do do thuismitheoirí gur gá dóibh rud éigin a dhéanamh faoi seo, ba dhócha a bheadh sé go n-éistfeadh siad.

An leid is mó a bheadh agam don chomhrá seo ná teacht chuige le grá agus le comhbhá. Is dócha go mbaineann an drogall atá orthu le heagla, rud atá go hiomlán nádúrtha. Ná déan dearmad gurb é seo an chéad uair do do thuismitheoirí a bheith ag an aois seo. Níl a fhios acu cad é atá rompu. Tá eagla orthu, agus dá dheasca sin, tá siad ag déanamh neamhaird ar an fhadhb. Rud a dhéanaim féín go minic!

Abair leo gur mhaith leat go mbeadh siad sláintiúil agus sásta, agus go mbeadh siad leat chomh fada agus is féidir leo. Tairg dóibh dul chuig an dochtúir leo mar a rinne siad leatsa agus tú óg. Ar lá na coinne, déan rud éigin deas a phleanáil leo roimhe nó ina dhiaidh. Lón, siúlóid, caife – rud ar féidir leo a bheith ag súil leis agus díriú air sin seachas ar an choinne.

Ní comhrá sultmhar a bheas ann. Mar sin, déan iarracht an t-am is fearr a roghnú. Má bhíonn spion maith orthu, is mó an seans go n-éistfidh siad leat. Thairis sin, muna n-éisteann siad leat an chéad uair, lean ort. Tá an tsláinte níos tábhachtaí ná an bród, agus tá súil agam go n-aontóidh siad leat agus go bhfeicfidh siad an gá le haire a thabhairt dóibh féin.


An bhfuil comhairle uait? Seol ceist nó fadhb, mór nó beag, chuig Kathryn san fhoirm anaithnid seo, agus freagróidh sí do cheist amach anseo.

The post Comhairle Carad: Is leor ó Mhór a dícheall appeared first on NÓS.

Níos mó