Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
cuntas-o-cheanada:-an-turas-rv-iii

Cuntas ó Cheanada: An Turas RV III

| aodhan o baoill | ,

Tá Aodhán Ó Baoill ar thuras RV lena mháthair, a dheartháir, agus a ghrá geal, Bríd. Tá siad ag teacht go deireadh an turais agus Oileán Vancouver rompu. Buidéal jin, briathar nua Gaeilge, agus athmhuintearas. Tá an t-aistear déanta agat, ná caill an ceann scríbe anois!

Lá a Cúig

“Lig do Connor roinnt tiomána a dhéanamh,” a dúirt Mam arís agus arís eile.

Ní chreidim nach tiománaí maith atá i mo dheartháir ach bhí mé iontach neirbhíseach faoi dhuine ar bith eile ag dul ar an stiúir. Déarfainn mar chaith muid an oiread sin ar an tsaoire, ar a laghad dá mbainfeadh taisme dúinn, ba ormsa a bheadh an locht. Faoi dheireadh, lig mé dó agus rinne Connor píosa tiomána ar an bhealach ó Jasper go Kamloops, an baile is mó ar fhan muid ann ar an turas go dtí seo.

Ní ag dul thar fóir atá mé nuair a deirim nár dúradh oiread agus focal amháin sa tréimhse sin. Arís eile, níor bhain sé le scileanna tiomána Connor, ach is dócha liomsa agus an imní a bhí orm go raibh sé ag tiomáint den chéad uair sa tír in RV, ar thaobh eile an bhóthair, ar bhóthar nach raibh thar mholadh beirte. Tháinig muid slán sa deireadh agus níor chóir go raibh imní orm ar chor ar bith mar a tharlaíonn sé.

Cad é a deirim faoi áit champála Kamloops? Bhuel, a áille agus atá na háiteacha eile, a mhalairt ar fad a bhí anseo. Bhí sé mar a shamhlófá páirceanna RV, cineál salach agus gan mórán aire tugtha dó. Ar thaobh an mhótarbhealaigh, brúite isteach i spás beag a bhí muid. Ní raibh muid ábalta siúl áit ar bith agus ní raibh mórán áilleachta sa tírdhreach ach oiread.

“Tá deoch de dhíth orainn leis an oíche seo a bhualadh,” a dúirt Connor agus Mam. “Ach ní thig linn dul áit ar bith.”

“Tá sé agam!” a dúirt Bríd. “DoorDash, thig linn buidéal jin a doordasháil (déan tusa iarracht Gaeilge a chur air sin!) chuig an RV.”

Buidéal mór jin, tonaic, mála oighir agus an fear DoorDash a shábháil muid an oíche sin.

Lá a Sé

Is ar Whistler a bhí ár dtriall an lá seo. Cosúil le Calgary, tá clú ar Whistler mar gheall ar na Cluichí Oilimpeacha 2010 a thit amach anseo in 2010 – 22 bhliain i ndiaidh na gcluichí in Calgary. Is anseo a théann na daoine saibhre ar saoire ach ní deirtear rud ar bith leat faoin tiomáint ann. Bríd nó Oonagh sa suíochán paisinéara in aice liom, ba le lámha láidre a choinnigh siad gréim ar an taca sciatháin. Cé gur thuras galánta a bhí ann, arís eile, bhí an mhórchuid de ar bhealaí beaga bídeacha nach raibh an RV féin róchompordach orthu. Mar a bheadh muid ar rollchóstóir ach níos cnocaí arís. Ba dhoiligh an tiomáint é.

Anuas air sin, in áit stopadh go rialta mar a rinne muid ar an turas go dtí seo, bhí muid ag iarraidh an rud ar fad a dhéanamh in aon turas amháin ceithre uair an chloig. Theastaigh uainn an oiread is mó ama agus is féidir a chaitheamh in Whistler. Cibé, bhain muid an áit amach go slán sábháilte agus isteach go lár an bhaile cháiliúil seo.

Is iontach an áit é! Tá lorg na gcluichí le feiceáil ar fud na háite agus tá spiorad iontach thart faoin cheantar. Thiocfadh leat seachtain a chaitheamh ann agus ní raibh againn ach tráthnóna. Rinne muid ár ndícheall! Cúpla bronntanas ceannaithe agus cúpla deoch níos moille, ar ais linn go dtí an RV leis an phacáil a dhéanamh.

Is ansin a d’aithin mé féin agus Bríd go raibh barraíocht stuif againn. Bhí muid le málaí a chur abhaile le Mam agus ghlacfadh Connor scíonna Bhríde. Ach nuair a bhí muid ag pacáil na málaí, ní raibh an spás ann.

“Beidh orainn rudaí a fhágáil anseo,” a dúirt Bríd.

(Má thig liom labhairt ar ár son ar feadh bomaite, tháinig muid anseo ar feadh bliana agus ag tús an gheimhridh. Bhí cuid mhór éadaí de dhíth. Agus éadaí teo!)

Sé léine, cúpla geansaí agus péire scíonna níos moille, bhí rudaí brúite isteach againn i seacht málaí idir an ceathrar againne.

Lá a Seacht

Lá mór a bhí sa lá seo. Bhí orainn a bheith in Vancouver leis an RV a fhágáil roimh 13:00 agus chinn muid Bríd agus Connor a fhágáil leis na seacht (7!) mála ag stóras málaí sa dóigh is nach mbeadh orainn iad uilig a thabhairt linn go dtí an t-oileán. Ansin, ar philleadh go Vancouver dúinn i gceann cúpla lá, ghlacfadh Connor agus Mam ar ais abhaile iad.

Sin mar a tharla sé go raibh mé ag cúlú RV mór fada ó chúlsráid go príomhbhóthar chroílár Vancouver. “Seas ansin i lár an bhóthair agus cuir stop leis an trácht,” a scairt mé amach ar Connor mar a bheadh gealt ionam.

Sháródh sé radharc ó Father Ted. Connor ina sheasamh i lár ceithre lána, a lámh thuas san aer ar nós maor tráchta scoile. Bríd ar thaobh an bhóthair le seacht mála agus péire scíonna. Agus mo mhamaí ag déanamh iarrachta gan amharc amach an fhuinneog ar eagla go mbuailfinn rud éigin.

“Ceart go leor, ceart go leor… STAD!” arsa Connor. “Ba bheag nár bhuail tú comhartha ansin!”

“An bhfuil mé ann dul nó nach bhfuil?” a scairt mé ar ais.

“Tá, sílim.”

“Tchífidh muid sibh ar an bhád,” a dúirt mé, ag fágáil slán acu agus ag dul chuig an ionad RV le Mam.

D’éirigh linn, i ndiaidh dul ar strae ach cúpla uair, an RV a fhágáil ar ais go breá. Thug mamaí cúpla beoir a fágadh sa chuisneoir do chigire na veain.

“Níl muid do do bhreabadh. Geallaim duit,” a dúirt sí.

Lá a hOcht, a Naoi & a Deich

Is ar an turas RV féin a raibh mé ag iarraidh díriú isteach air san iontráil seo, ach níor mhiste liom cúpla focal a lua faoi chathair Victoria. Caithfidh mé féin agus Bríd cúpla seachtain ann sula mbogann muid ar aghaidh.

Suite ar Oileán Vancouver, is cathair ghalánta amach is amach í. Ar an drochuair, tá lorg an impiriúlachais agus an choilíneachais le mothú go láidir go fóill cosúil le go leor áiteacha i gCeanada. Murab ionann is na háiteacha eile, tá cuma ar an scéal go bhfuil níos mó iarrachta á déanamh le hathmhuintearas a dhéanamh leis na bundúchasaigh. Tá admháil sa chathair gur goideadh a dtailte agus tá roinnt cuaillí tótaim a rinne taoisigh na dtreibheanna breactha fríd an chathair. Tá bealach fada le dul ar ndóigh, ach is maith liom an tús.

Bhí cúpla lá den scoth againn ar an oileán agus lá eile in Vancouver. Ba ghalánta ar fad mo theaghlach a fheiceáil arís agus an t-eispéireas agus an turas seo a dhéanamh leo. Tá cúpla píosa comhairle agam do dhuine ar bith atá ag smaointiú ar thuras den chineál seo a dhéanamh lá éigin:

  1. Bí cinnte go dtuigeann tú cá háit a bhfuil na hionaid champála a bhfuil leithreas acu.
  2. Glac leis go mbeidh cúpla tréimhse iontach strusmhar ann.
  3. Déan é!

The post Cuntas ó Cheanada: An Turas RV III appeared first on NÓS.

Níos mó