Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
leirmheas:-deanann-declan-mckenna-agus-wunderhorse-ruathar-ar-an-ulster-hall

Léirmheas: Déanann Declan McKenna agus Wunderhorse ruathar ar an Ulster Hall

| tomai o haodha | ,

★ ★ ★ ★

Ná cuireadh a chuma óigeanta an dubh ina bhán ort, ní haon nuatheachtaí é Declan McKenna. Ba léir sin don tslua bhríomhar fhuinniúil ins an Ulster Hall oíche Luan Cásca agus an t-amhránaí is scríbhneoir as Londain i mbun ceolchoirme lán le dathanna, fonnadóireacht shéimh agus seinm giotáir mháistriúil.

Chuir racairí grúinse sícideileacha Wunderhorse tús an-atmaisféarach leis an oíche. Bhunaigh an príomhamhránaí, Jacob Slater, an banna mar thionscadal dianghlasála le linn phaindéim COVID-19 agus tá dul chun cinn éachtach déanta ag an ghrúpa taobh istigh de dhá bhliain. Tá cleachtadh maith acu ar Bhéal Feirste anois nó thug siad tacaíocht do Fontaines D.C. sa halla chéanna thiar um Nollaig 2022, agus do Sam Fender agus Inhaler ag gig dhodhearmadta i bPáirc Ormeau an samhradh seo caite. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil catalóg an cheathrair ag síor-fhairsingiú óir achan uair a théann siad ar an ardán le tacaíocht a thabhairt do na ceoltóirí móra, bíonn tuilleadh ábhar acu. Tá tacaíocht tugtha acu do liosta iontach ceoltóirí anois chomh maith, lena leithéid de Fontaines D.C., Pixies agus Foals ina measc.

Grianghraf: Wunderhorse ar stáitse an Ulster Hall an 1 Aibreán.

Sheinn siad dornán amhrán óna gcéad albam Cub (2022), ceirnín a fuair moladh mór ó leithéíd NME agus Riot, chomh maith le dornán eile amhrán neamheisithe. Leis an tsoilsiú íosghile sa chúlra agus éadaí clárscátálaí móra scaoilte á gcaitheamh acu, shílfeá go raibh tú tar éis teacht amach as meaisín ama sna 1990idí nó na luath-2000idí. Chuir an ceol giotáir dorcha agus guth láidir mothúchánach Slater a lucht éisteachta Gen-Z faoi gheasa. Chan an slua focail a n-amhráin neamheisithe ‘Midas’ in éineacht leis an bhanna. Ba é buaicphointe sheit Wunderhorse a dtraic albaim ‘Teal’. Amhrán forásach glic atá ann ina n-eachtraíonn Slater eispéireas gnéis anabaí óna dhéaga agus ba léir go raibh dáimh ar leith ag lucht éisteachta óg an bhanna leis an traic sin.

Tá sé doiligh a chreidbheáil go dtéann fréamhacha ceoil Declan McKenna siar 10 mbliana ach d’eisigh sé a chéad singil ‘Brazil’ leis féin in 2014 agus níorbh fhada gur tharraing sé an-aird agus moladh air féin, ag baint comórtas Glastonbury do cheoltóirí nua in 2015. Is doiligh arís lipéad ar leith a bhualadh ar stíl agus ar sheánra an fhir óig as Enfield, Londain. Tógadh McKenna os comhair an domhain mhóir ar an ardán agus tá éabhlóid agus teacht in aois le feiceáil ina shaothar.

Ní sheachnaíonn McKenna na hábhair chrua riamh ina chuid ceoil, ag tabhairt faoi chaimiléireacht FIFA, an bochtanas, agus an ghéarchéim féinmharaithe sa phobal thrasinscneach. D’eisigh sé an dara halbam dá chuid Zeros in 2020. Ba mhór idir é agus an chéad cheann ó thaobh stíle agus ó thaobh ábhair de chomh maith. In Zeros chuir sé an pholaitíocht ar leataobh le halbam rac péacach a bhí go mór faoi anáil Bowie. D’eisigh sé an tríú halbam What Happened To The Beach? i mí Feabhra.

Óna theacht chun cinn an-tapa bheifí ag súil go mbeadh an t-amhránaí is scríbhneoir ró-mhór don halla dhlúth íocónach ar Shráid Bedford ach, cé gurbh iomaí tionscadal amhail Wunderhorse agus Newdad a d’fhás go díreach as an phaindéim, do McKenna agus dá leithéid a bhí ar tí barr a réime a bhaint amach, ba bhuille tubaisteach é a chuir moill iomlán ar a threocht. 

Is minic a chluintear ‘siondróm an tríú halbam’ i dtionscal an cheoil. Creidtear go bhfuil iarracht de bhaol leis an tríú ceirnín ar féidir leis ceoltóirí agus a lucht éisteachta dílis a chur dá mboinn ach tá an chuma ar an scéal go dtiocfaidh Declan McKenna slán as an mhallacht. Tá fuaim ar leith ar a cheirnín is déanaí, d’aithneofá láithreach fuaim shícideileach a chuireann ‘Sgt. Pepper’s Lonely Hearts Club Band’ de chuid The Beatles i gcuimhne, agus tugann ‘Mulholland’s Dinner and Wine’ agus ‘The Phantom Buzz (Kick In)’ le fios go bhfuil McKenna faoi anáil ceoltóirí sícideileacha trialacha níos comhaimseartha, amhail Bombay Bicycle Club. Athchruthú eile atá san albam seo atá muiníneach agus aibí, agus cosúil le Zeros léiríonn an easpa polaitíochta sa cheirnín seo go bhfuil an Sasanach óg ag iarraidh é féin a thuigbheáil go fóill.

Grianghraif: Declan McKenna san Ulster Hall ar an Declan McKenna UK & Éire Tour 2024

Thosaigh McKenna láithreach ar ardán Ulster Hall le príomhshingil WHTTB?, ‘Sympathy’. Taispeántas muiníne agus údaráis a bhí ann, á leanúint go díreach ina dhiaidh bhí Why Do You Feel So Down?óna chéad albam What Do You Think About the Car?, amhrán a raibh a liricí ar fad ar eolas ag an tslua, curtha ar a gcompord le hamhrán aitheanta óna shaothar luath. D’fhág sé an scéal ag a chuid ceoil den chuid is mó, ag tógáil sosa ar mhaithe le bolgam aeir corruair agus lena bhuíochas a ghabháil le Béal Feirste fáilteach

Thug sé faoin ábhar úr go luath sa ghig agus jab iontach á dhéanamh ag a bhanna beo agus ag a théada gutha féin le speictream na dtréithe caolchúiseacha ón albam úr a thabhairt slán go dílis don leagan taifeadta. Ní foláir an t-albam úr a chluinstin beo chun lán-sult a bhaint as. Chuaigh an lucht éisteachta as a meabhair do na clasaicí ‘Brazil’ agus ‘Isombard’, ag canadh (ag screadaíl) ag barr a gcinn in éineacht leis.

Chuir sé clabhsúr cuí ar an ghig le traic dheiridh an cheirnín úir. Bhí lucht éisteachta Ulster Hall doshásaithe, áfach, agus i ndiaidh cúig bhomaite d’fhill McKenna ar an ardán chun freastal ar an éileamh. Ba chríoch spleodrach mar ba chuí ar an encore é an leagan cumhachtach catairseach de ‘Great British Bombs in The Yemen’, le glas agus dearg ag lonnrú sa chúlra. Ba mheabhrú é gur ceoltóir polaitiúil agus radacach é ina chroí istigh go fóill. 

The post Léirmheas: Déanann Declan McKenna agus Wunderhorse ruathar ar an Ulster Hall appeared first on NÓS.

Níos mó