Tá ráite ag coiste Oireachtais gur chóir don Rialtas an liúntas Gaeltachta do mhúinteoirí a thabhairt ar ais chun múinteoirí a mhealladh chuig scoileanna Gaeltachta.
Deir Coiste Gaeilge an Oireachtais go ndearnadh “feall” ar phobal na Gaeilge nuair a rinneadh an cinneadh in 2012 gan an liúntas a bhíodh ar fáil dóibh siúd a bhí ag múineadh i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a íoc le múinteoirí nua. Deirtear gur cruthaíodh “éagothromaíocht tuarastail idir múinteoirí sna scoileanna céanna” agus an liúntas, ar fiú €3,455 é, á fháil ag roinnt múinteoirí ach cuid eile fágtha dá uireasa.
Deir an Coiste gur chóir an liúntas a thabhairt ar ais agus gur chóir go mbronnfaí é ar gach múinteoir atá ag múineadh i scoil atá ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta.
Tá 103 bunscoil agus 29 iar-bhunscoil ar fud na tíre ag glacadh páirt sa scéim sin, a eascraíonn as an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.
Tá filleadh an liúntais i mbéal an phobail i láthair na huaire agus pléadh an cheist ag comhdhálacha ceardchumainn na múinteoirí le déanaí. Glacadh le rún ag comhdháil Chumann Mhúinteoirí Éireann, an INTO, ag éileamh go dtabharfaí ar ais an liúntas Gaeltachta agus dúradh ag Comhdháil Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) go raibh géarghá leis na liúntais a thabhairt ar ais.
Rinne Coiste na Gaeilge an moladh i dtuarascáil atá foilsithe aige faoi Ghaeltacht Acla.
Deirtear inti go bhfuil easpa múinteoirí ann i scoileanna an cheantair agus go gcuireann an easpa sin isteach ar fheidhmiúlacht na scoileanna agus córas na scolaíochta trí chéile.
Léirigh an Coiste díomá nach bhfuil dhá scoil lonnaithe i nGaeltacht Acla ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta, áfach.
Níl ach na ceantair in oirthear Oileán Acla aitheanta mar cheantair oifigiúla Gaeltachta i láthair na huaire ach molann an Coiste sa tuarascáil go n-aithneofaí Oileán Acla “ina iomláine” mar chuid de Ghaeltacht Acla agus go gcuirfí cúnamh agus tacaíocht bhreise ar fáil don phobal chun canúint Ghaeilge Acla a chaomhnú.
“Is léir dúinn gur Gaeltacht bheo bheathach í Ghaeltacht Acla ó na cruinnithe a bhí againn leis na daoine áitiúla, leis na gníomhairí pobail, leis na hoibrithe deonacha, leis na tuismitheoirí, leis na múinteoirí agus na múinteoirí cúnta, iad siúd go léir atá gníomhach sa cheantar áitiúil lá i ndiaidh lae,” a dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh.
“Gaeltacht is ea í, mar sin féin, atá faoi bhagairt ach ag an am céanna, a bhfuil todhchaí inmharthana agus luachmhar os a comhair. Caithfidh sí an t-aitheantas, an cúnamh agus an tacaíocht a fháil, atá de dhíth uirthi, ón Rialtas lárnach agus ón údarás áitiúil, rud atá tuillte aici mar phobal de shaoránaigh na hÉireann.”