Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Irish Language Commissioner
Using Irish State Services
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘oirthear-bheal-feirste-an-t-aon-ait-go-mbeidh-scoil-lan-ghaeilge-nua-a-hoscailt-i-mbliana’

‘Oirthear Bhéal Feirste an t-aon áit go mbeidh scoil lán-Ghaeilge nua á hoscailt i mbliana’

| Tuairisc.ie | ,

Oirthear Bhéal Feirste an t-aon áit sa tír go mbeidh scoil lán-Ghaeilge nua á hoscailt i mbliana.

Dúradh an méid sin ag cruinniú de choiste Oireachtais i dTeach Laighean mar léiriú ar mheath an ghaeloideachais agus na deacrachtaí a bhaineann le scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú.

Chualathas ag an gcruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta scéalta ó lucht feachtais ar fud na tíre atá ag iarraidh go mbunófaí scoileanna lán-Ghaeilge nua ina gceantar.

Cormac McCashin, Cathaoirleach Ghaelscoil na Mí

Dúirt Cormac McCashin, Cathaoirleach Ghaelscoil na Mí, atá gníomhach san fheachtas ar son bunú gaelcholáiste in oirdheisceart na Mí, gurb “í an bhunfhadhb ná go bhfuil an stát, a bhfuil sé mar aidhm aige an líon cainteoirí Gaeilge a fhás tríd an ngaelscolaíocht, ag cur bac orainn scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú”.

Dúirt sé go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh “beag is fiú” de spriocanna agus seasamh an stáit i leith an oideachais lán-Ghaeilge.

“An t-aon áit go mbeidh scoil lán-Ghaeilge nua ag oscailt i mbliana ná in Oirthear Bhéal Feirste.

“Is iontach an rud é go mbeidh an pobal sin ag baint leasa as an ngaelscolaíocht den chéad uair.

“Cé gur rud dearfach é seo, mothaím gur údar náire atá ann go bhfuil an stát seo ag tabhairt maoinithe do bhunú gaelscoile lasmuigh den stát ach ag cur bac ar a leithéid laistigh den stát féin.”

Tagairt a bhí ansin do Scoil na Seolta atá le hoscailt in oirthear Bhéal Feirste san fhómhar agus a bhfuil maoiniú curtha ar fáil di ó Chiste an Oileáin Chomhroinnte.

Dúirt Cormac McCashin go raibh “an-éileamh” ar an ngaelscolaíocht in oirdheisceart na Mí agus trí ghaelscoil eile taobh istigh de 20 nóiméad ó Ghaelscoil na Mí – Gaelscoil na Cille, Gaelscoil na Ríthe agus Gaelscoil Thulach na nÓg.

“Tá 1,200 áit scoile iontu san iomlán. Tá breis is 1,100 ag freastal ar an gceithre scoil faoi láthair ach tá an ráta aistrithe go gaelcholáistí gar do náid.

“Tá an stát tar éis infheistiú sa cheantar seo ag an mbunleibhéal. Beidh 1,200 dalta sna

gaelscoileanna go luath. Cén luach ar an infheistíocht atá ann má tá na daltaí ag dul a gcumas sa Ghaeilge a chailliúint sa mheánscoil?

“Tá an daonra ag fás gan stad sa cheantar. Ach is síneadh agus síneadh eile ar na meánscoileanna Béarla a cheadaíonn an Roinn Oideachais, seachas gaelcholáiste nua a cheadú. Cé atá ag coinneáil na státseirbhíseach sa Roinn cuntasach agus polasaithe an stáit agus an Rialtais á gcaitheamh sa bhruscar?”

Dúirt McCashin, a bhíonn ag obair chomh maith don bhForas Pátrúnachta,

gur “ciúnas”, “neamhaird” agus “doirse dúnta” an t-aon fhreagra a bhí faighte ón Roinn Oideachais ar an éileamh ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge d’oirdheisceart na Mí.

Frainc Ó Clochartaigh

Dúirt Frainc Ó Clochartaigh ón bhfeachtas ar son gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh i Maigh Eo nach raibh aon fhreagra faighte ar aighneacht a cuireadh faoi bhráid an Aire Oideachais mí Feabhra seo caite.

Dúirt sé go raibh an cuspóir go mbunófaí gaelcholáiste nua i Maigh Eo ag teacht le polasaithe an stáit a bhaineann le forbairt na Gaeilge, stádas Chaisleán an Bharraigh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta ina measc.

Dúirt Ó Clochartaigh atá ina chathaoirleach ar choiste stiúrtha Bhaile Seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh, go raibh ceithre ghaelscoil laistigh de 35 nóiméad ón mbaile agus nach mór 670 dalta san iomlán ag freastal orthu.

In 2020 ní dheachaigh ach beirt de na páistí a bhí i rang a sé i ngaelscoileanna Mhaigh Eo ar aghaidh go dtí gaelcholáiste.

“B’éigean don chuid eile, 90 scoláire san iomlán, a gcuid oideachais iar-bhunscoile a fháil i scoileanna Béarla, de dheasca a laige is atá an soláthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiar-bhunscoile i gContae Mhaigh Eo.”

Dúirt Frainc Ó Clochartaigh gur léiriú é ar chur chuige na Roinne Oideachais go mbíonn “na milliúin” á n-infheistiú i bhforbairt iar-bhunscoileanna Béarla Mhaigh Eo ach nach bhfuil pingin le caitheamh ar ghaelcholáiste nua a bhunú.

Carmel Nic Airt

Dúirt Carmel Nic Airt ó choiste stiúrtha an fheachtais Gaelcholáiste Iarthar Chorcaí gur beagnach 800 dalta atá ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge an cheantair agus gur ag fás atá an líon sin.

As an isteach is amach le 80 dalta a bhíonn i rang a sé sna scoileanna lán-Ghaeilge sin ní théann ach 15% ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Dúradh gur ó Ghaelscoil Bheanntraí an 15% sin go léir agus go dtéann siad sin ar fad ar aghaidh go dtí iarbhunscoil Ghaeltachta i mBéal Átha an Ghaorthaidh.

“De bharr cúinsí tíreolaíochta, níl an rogha seo ag daltaí na scoileanna lán-Ghaeilge eile,” a dúradh.

Dúirt Niamh Ní Bhroin, atá ag obair ar an bhfeachtas ar son gaelcholáiste san Tulach Mhór in Uíbh Fhailí go raibh thart ar 1,000 dalta ag freastal ar shé bhunscoil lán-Ghaeilge an cheantair lár tíre, ach nach raibh aon ghaelcholáiste le freastal ar dhaltaí na scoileanna sin.

“An Gaelcholáiste is giorra d’Éadan Doire ná Maigh Nuad, 30 ciliméadar, an ceann is giorra de Bhiorra ná Baile Átha an Rí i gcontae na Gaillimhe, 60 ciliméadar, [an ceann is giorra] don Mhuileann gCearr ná Ráth Chairn i gcontae na Mí, 32km, agus [an ceann is giorra] don Tulach Mhór, An Nás i gcontae Chill Dara, 54 ciliméadar.

“Caithfidh an Roinn polasaí nua a chur i bhfeidhm chun Gaelcholáiste a

bhunú san Tulach Mhór. Tá gá ann, ba chóir go mbeadh sé ann agus is trua nach bhfuil Ghaelcholáiste san Tulach Mhór. Gan Gaelcholáiste ní thiocfaidh fás ar an nGaeilge.”

‘Bac á chur ag an Rialtas agus an tAire Oideachais ar fhorbairt an oideachais lán-Ghaeilge’

Bhí plé ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inné ar an éileamh ar an ngaeloideachas agus an easpa freastail atá á déanamh ar an éileamh sin.

Cháin eagraíochtaí oideachais agus teanga go láidir cur chuige an Rialtais agus na Roinne Oideachais i leith an ghaeloideachais.

Moladh ag an gcruinniú go mbunófaí próiseas ar leith chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú, go mbeadh ceart reachtúil ag duine ar an oideachas lán-Ghaeilge agus go dtabharfaí isteach dualgas agus sprioc reachtúil chun cur le líon na scoileanna lán-Ghaeilge agus líon na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur léir go raibh gá le polasaí sonrach nua maidir le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú.

“Tá polasaí nua ag teastáil, tá sé simplí. Caithfidh mé a rá, tá mé tinn tuirseach agus chuile uair a chloisim go bhfuil polasaí mór nua le teacht amach, deirim, ‘bhuel sin bealach le déanamh cinnte nach dtarlóidh tada i dtréimhse an rialtais seo’.

“Go maithe Dia dom é ach tógann sé trí nó ceithre bliana dul tríd na rubrics ar fad a bhíonn i gceist le ceapadh polasaí agus go minic, nuair a fhoilsítear é, ní bhíonn ann ach copy and paste.

Éamon Ó Cuív

“Is dóigh liom go pearsanta go dteastaíonn ráiteas neamhbhalbh. Má tá éileamh ann…go mba cheart freastal bunaithe ar an éileamh sin…”

Nuair a tháinig an rialtas i gcumhacht in 2020, gealladh go ndéanfaí líon na ndaltaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge a dhúbailt ach tá céatadán na ndaoine óga a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge tite ó 6.3% in 2019-2020 go dtí 6.1% in 2022-23.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais in 2022, i 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae.

Níos mó