Deir Sinn Féin gur cheart don Rialtas leithscéal a lorg ón nGearmáin maidir le heachtra inar cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge i mBeirlín le gairid.
Thug póilíní le fios do ghrúpa a bhí ag caint agus ag ceol as Gaeilge ag campa agóide ar son na Palaistíne sa chathair nach ceadmhach ach Béarla nó Gearmáinis a úsáid le linn agóidí.
Dúradh go raibh cosc ar labhairt agus canadh as Gaeilge ag an gcampa gar don Reichstag mar nach raibh aistritheoir cláraithe i láthair chun a chinntiú nach gríosú chun fuatha nó foréigin a bhí ar bun.
Cuireadh in iúl chomh maith go raibh cosc ar bhratach a raibh ‘Saoirse don Phalaistín – Beirlín’ breactha uirthi.
Tá Sinn Féin anois ag iarraidh ar an Tánaiste Micheál Martin leithscéal a lorg ó Ambasadóir na Gearmáine “as an masla seo” agus go gcuirfí ina luí ar stát na Gearmáine “meas ar chearta cainte agus cruinnithe” a léiriú.
Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go bhfuil cosaint ar shaoirse cainte sa Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus go bhfuil saoirse cruinnithe luaite ann agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh chomh maith.
“Tá an Ghaeilge anois, tar éis na blianta a chaitheamh ag feachtasaíocht chun stádas cothrom a bhaint amach, ina teanga iomlán oifigiúil den Aontas Eorpach.” a deir Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin. “Seans nach dtuigeann na húdaráis sa Ghearmáin cé chomh domhain is atá an bá atá againn don Ghaeilge tar éis na gcéadta bliain faoi chos agus faoi chosc, ach ní ghlacann muid go ciúin le bheith ciúnaithe.
“Tá cuma Orwell ar an scéal, póilíní ag gníomhú chun ciorcal comhrá ag canadh ‘Óró Sé Do Bheatha ’Bhaile’ a chosc sa bhliain 2024, agus is cinnte go gcuirfeadh sé i gcuimhne duit ré ina raibh géarleanúint agus diúltú i bhfeidhm faoin choilíneachas orthu siúd a bhí chomh dána sin gur labhair siad a dteanga féin.”
Deir Ó Snodaigh go bhfuil údaráis na Gearmáine ag cur cosc ar dhaoine ar mhian leo labhairt amach i gcoinne an “chinedhíothú” atá ar bun ag Iosrael sa Phalaistín.
“Má tá cearta an duine nó riail an dlí tábhachtach do dhuine ar bith, ba chóir go mbeadh siad buartha faoin titim le fána atá le feiceáil le cúpla mí anuas sa Ghearmáin maidir le gnáthnósanna an daonlathais.”
Deir lucht eagraithe na hócáide Gaeilge i mBeirlín go raibh an cosc ar labhairt na Gaeilge “éagórach agus míbhunreachtúil”.
Dúradh gurb í an aidhm a bhí acu ná aird a tharraingt ar an tslí go mbíonn na póilíní níos déine ar ghrúpaí cainteoirí Araibise ná mar a bheidís ar ghrúpa cainteoirí Gaeilge ar daoine geala a bhformhór.
Chomh maith le labhairt na Gearmáinise agus an Bhéarla, ceadaítear labhairt na hAraibise ag agóidí i gcásanna áirithe ach ní foláir ateangaire réamhchláraithe a bheith i láthair ag an agóid chun aistriúchán ar chúrsaí a chur ar fáil do na póilíní.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn gur teanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh í an Ghaeilge agus go raibh sé “náireach” go gcuirfeadh póilíní na Gearmáine cosc ar a húsáid.