Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-mam-eile-as-mala-keegan-dolan

MÁM eile as mála Keegan-Dolan

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Ós rud é go raibh an chéad léiriú de chuid Teac Damsa, Loch na hEala, ar na drámaí is fearr a bhí feicthe agam riamh bhí an-fhonn go deo orm freastal ar an dara léiriú uathu, MÁM. Bhí slacht chomh mór sin ar an gcéad iarracht sin uathu gur deacair a chreidiúint nach raibh ansin ach céadiarracht an chompántais.

Léiriú eile ar fad MÁM, áfach, léiriú ina bhfuil an bhéim ar an damhsa. Is é croílár agus iomlán an léirithe é. Tá ceol traidisiúnta, ceol trialach agus ceol s t a r g a z e mar chúlra leis. 80 nóiméad a mhaireann sé, a bhí pas beag rófhada bhraith mé féin (nó b’fhéidir go raibh an-iomad ocrais orm).

Chuirfeadh a lán eilimintí den léiriú scannán uafáis i gcuimhne; aghaidheanna fidil ainmhithe, ceol díchordach, cailín óg i ngúna bán á sceimhliú ag slua anaithnid. Tá scoth an cheoil ann, go háirithe ó Bhreandán Ó Beaglaoich, é ina rí i lár báire ag seinm foinn thraidisiúnta go leor a aithneoidh éinne a bhfuil cluas éisteachta tugtha acu don teaghlach ceolmhar sin. 

Cé go bhfuil méid áirithe portaireachta agus damhsa ar an sean-nós ní fíor gur léiriú Gaelach é seo dáiríre. Tá i bhfad níos mó ná sin ann agus cuireann s t a r g a z e rí-chúláilte dreach eile ar fad an gceol.

Rinneadh an léiriú a fhorbairt i gCorca Dhuibhe mar a bhfuil cónaí ar an gceann feadhna Michael Keegan-Dolan, a bhean Rachel Poirier agus a n-iníon. Tá róil lárnacha ag an mbeirt seo sa léiriú. Is léir ó nótaí an dráma go bhfuil ról lárnach ag an nGaoluinn i bhfís Keegan-Dolan, go deimhin seans gur Gaeilge ar fad a labhraítear ar an ardán, mar sin féin ní labhraítear ach cúpla focal san iomlán! 

An damhsa mar sin. Lúbann na damhsóirí iad féin ina n-ilcruthanna iomadúla áille ó thús deireadh, damhsa mall grámhar, damhsa buile mire ina bhfuil meascán den uile shórt damhsa, gaelach, ballet, chomh maith le gnéithe atá breá nua-aimseartha.

Cé gur féidir scáth scéal éigin a bhraith, in amanna níl mórán d’insint thraidisiúnta sa léiriú. Seans gur sochraid atá ag tarlú agus an páistín bán féin marbh, nó an é a céad chomaoineach atá ann nó bainis? Is maith an té a thuigfeadh. 

Tá eilimintí áille go leor ann, bleaist fuaimeanna nach mbaintear as uirlisí de ghnáth, rithim na gcos, plimp phaicéad criospaí. Tá scáthanna na ndamhsóirí ann agus leathscéalta beaga boga anseo is ansiúd, damhsa atá bunaithe ar na damhsóirí a bheith ag caitheamh aníos ba dhóigh leat. D’éirigh le lucht an léirithe teacht ar bhealach nua leis an mbrat ardáin a ardú fiú, gníomh glic foréigneach a bhaineann cisil an oinniúin de réir a chéile.

Tá gnéithe go leor den léiriú seo fíorchumhachtach agus cuireann an chliar corp, anam, allas agus croí isteach sa léiriú. Mar sin féin bhraitheas go raibh scéal in easnamh a ligfeadh dom teacht isteach níos mó air. Fiú an té a théann ag machnamh ar ainm an phíosa agus a scrúdaíonn leabhrán an léirithe ní thagann cúrsaí chun soiléire. 

Gach seans nach chuige sin an léiriú ach fágtar gur deacair don ghnáthbhreathnóir dul i ngleic leis i gceart, dar liomsa. Tá le lua chomh maith gur chuir duine den lucht féachana isteach go mór ar an léiriú nuair a d’éigh fón póca ‘GPS SIGNAL HAS BEEN LOST’ díreach agus muid ag sleamhnú isteach i ndomhan an léirithe. Múchaigí na diabhail fóin phóca!

Níos mó