Ní fhéadfadh TG4 a spriocanna teanga nó cultúrtha a bhaint amach dá mbeadh sé dírithe ar phobal na Gaeilge amháin, a deir Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4.
Ag labhairt dó ag comhdháil faoi na meáin i mionteangacha in Ollscoil Dhún Éideann, dúirt ceannasaí TG4 nach bhféadfadh an stáisiún cabhrú le ‘slánú na Gaeilge’ mura meallfadh sé lucht féachana sách mór.
Ina phíosa cainte ag an gcomhdháil faoi na meáin teangacha mionlaigh, dúirt Alan Esslemont go bhfuil dul amú ar dhaoine a cheapann gur chóir do TG4 feidhmiú amhail is go bhfuil sé ag freastal ar phobal aonteangach Gaeilge.
Botún a bhí ann chomh maith, a dúirt sé, a cheapadh go bhfeáfadh TG4, nó meáin chlosamhairc i mionteangacha eile, feidhmiú amhail is go raibh a leithéid de rud ann agus “náisiúnstát na mionteanga atá slán ó thionchar teangeolaíochta ón taobh amuigh”.
Dúirt sé i gcaint dar teideal ‘Chasing Ratings or Saving the Language – the case of TG4 Ireland’ gurb é ceann de phríomhchúraimí an stáisiún ná “cúiseanna le bheith dátheangach” a sholáthar don phobal.
Dúirt ceannasaí TG4 nach mbeadh aon ní cóir i ndán don stáisiún mura mbeadh sé ach ag freastal ar “phobal beag” a bheadh scartha amach ó shaol an Bhéarla, teanga an mhóraimh in Éirinn.
Ní chun leas na Gaeilge ná pobal a labhartha a bheadh a leithéid de chur chuige ach oiread, a dúirt sé.
Dúirt sé nach mbíonn aon tionchar ar an tsochaí ag ábhar craolta nach mbíonn aon duine ag breathnú air agus go raibh gá dá réir le lucht féachana mór a mhealladh le cinntiú gur craoltóir láidir TG4 a mbíonn tionchar aige ar an tsochaí agus ar an bpobal aige.
Chuige sin bhí gá le tuiscint dhomhain ar nósanna, roghanna agus déimeagrafaic an lucht féachana, a dúirt sé.
Mhaígh sé gurb é straitéis ‘twin-pole’ an stáisiúin, a fhéachann le freastal ar phobal na Gaeilge agus ar mhórphobal an Bhéarla, an bealach is fearr a bhí ar fáil le cabhrú le hinmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail in Éirinn a chinntiú.
‘Sodar i ndiaidh figiúirí féachana’ an cur síos a dhéanfadh daoine áirithe ar straitéis TG4, a dúirt sé, ach d’fhéadfaí a áiteamh chomh maith céanna gur “ag slánú na teanga“ atá sí.
“Tá mise den tuairim le fada gurb é an tarraingteacht seachas an t-iallach a bhíonn taobh thiar den athrú teangeolaíochta i sochaí chomhaimseartha.
“Agus domsa, tá ceist seo na tarraingteachta ríthábhachtach maidir le hinmharthanacht na Gaeilge, agus áitím go bhfuil ról lárnach ag na meáin sa mhéid seo sa lá atá inniu ann. Caithfidh an Ghaeilge a bheith mar theanga ag ‘grúpa’ tarraingteach a bhfuil borradh faoi agus caithfidh an méid sin a bheith le feiceáil go soiléir,” a dúirt Ard-Stiúrthóir TG4.
Dúirt sé gur chuid den ról é ag TG4 cabhrú leis an nGaeilge a bheith aitheanta mar theanga ag grúpa tarraingteach a bhfuil borradh fúthu. Chaithfí é sin a chur ar a súile don uile dhuine sa tír agus “cúiseanna le bheith dátheangach” a sholáthar.
Dúirt sé gurb é ceann de na dúshláin is mó roimh an nGaeilge, agus roimh phobal na Gaeltachta go háirithe, ná “teacht ar ‘chúiseanna a bheith dátheangach’ nuair a d’fhéadfaidís ‘déanamh chomh maith céanna le teanga amháin’ amhail an chuid eile den náisiúnstát.