Tá leithscéal oifigiúil gafa ag an Taoiseach thar ceann an stáit leis na mná a bhí thíos leis na laigí sa chóras CervicialCheck.
Ag labhairt dó sa Dáil tráthnóna ghabh an Taoiseach Leo Varadkar leithscéal thar ceann an stáit leis na mná ar fad a bhí buailte ag teip an chórais agus lena muintir.
“Déanaimid leithscéal leo siúd a ar scriosadh a saol, déanaimid leithscéal leo siúd ar milleadh a saol agus déanaimid leithscéal leo sin go bhféadfadh saol difriúil a bheith acu,” a dúirt an Taoiseach.
Ghabh sé leithscéal chomh maith faoin ‘liosta fada botún’ a rinneadh agus faoin “teip an fhírinne iomlán a insint” agus faoi iarrachtaí a rinneadh “a bheag a dhéanamh” den scéal.
Ghabh an Taoiseach leithscéal thar ceann an Stáit chomh maith as an “náire” a tugadh do na mná.
“Tá brón orainn mar gheall ar an náire, an dímheas agus an chalaois,” a dúirt an Taoiseach.
“Gabhaimid leithscéal leo siúd a tháinig slán agus ar fhág an scéal a rian orthu, idir chorp agus anam. Agus dá gclainne arb amhlaidh an scéal acu. Gabhaimid leithscéal leo siúd atá anseo inár láthair. Leo siúd atá ag baile agus a choinnigh an scéal chucu féin. Déanaimid leithscéal leo siúd atá imithe ar shlí na fírinne agus leo siúd nach féidir leo a bheith anseo.
“Aithnímid an teip a bhain le CervicalCheck. Tá leithscéal an lae inniu ródhéanach do chuid do na daoine a d’fhulaing. Do dhaoine eile ní leor é. Is do na daoine ar lig an Stát síos iad, agus is do na clainne a d’íoc as an teip sin é,” a dúirt an Taoiseach.
Thart ar 1,000 bean agus a ngaolta a bhí thíos leis an gconspóid CervicalCheck, a tháinig chun solais anuraidh de bharr cás cúirte Vicky Phelan san Ard-Chúirt.
Bhí Vicky Phelan féin i measc na mban a bhí sa Dáil inniu chun éisteacht leis an Taoiseach.
Theip ar an tseirbhís CervicalCheck sa tslí is nár tugadh le fios do mhná a raibh ailse orthu go raibh atástáil déanta ar a gcéad thástálacha smearaidh.
I gcásanna áirithe fuarthas gur chun leas na mban a bheadh sé dá mbeadh eolas acu faoi thorthaí na dtástálacha nua níos túisce acu agus cúram a fháil acu dá réir.
Bhí a fhios ag na mná go léir atá i gceist go raibh ailse orthu ach ní fios go baileach cé mhéad acu ar deineadh léamh míchruinn ar a gcéad tástálacha.
Dúirt an Dr Gabriel Scally, údar dhá thuarascáil faoin gconspóid, gur “céim mhór nár facthas a leithéid cheana” a bhí i leithscéal an stáit.
Dúirt sé gur “teip iomlán ó bhun go barr” a bhí i gceist agus gur caitheadh go huafásach ar fad le cuid de na mná.
Bhásaigh cuid de na mná a bhí i gceist ó tháinig an chonspóid chun solais.
Dúirt an Dr Gabriel Scally ar maidin go raibh sé sásta go raibh na moltaí a bhí déanta aige á gcur i bhfeidhm ag an HSE. Dúirt sé áfach go raibh “go leor eile le déanamh” agus go gcaithfí díriú ar chóras tástála nua don víreas HPV a thabhairt isteach.