![<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘go-raibh-maith-agat’-i-dteangacha-duchais-mheiricea](/wp-content/themes/yootheme/cache/0c/go-raibh-maith-agat-i-dteangacha-duchais-mheiricea-0ce96351.jpeg)
‘Go raibh maith agat’ i dteangacha dúchais Mheiriceá
Inniu beidh muintir na Stát Aontaithe ag ceiliúradh ‘Lá an Altaithe’, nó ‘Thanksgiving’ mar a thugtar air sa tír sin, agus beidh na milliúin ag teacht le chéile leis an ngabhar (nó turcaí) a róstadh agus buíochas a ghabháil as na rudaí maithe atá ina saol.
Ach tá an ghluaiseacht in aghaidh na féile i Meiriceá ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana agus é á mhaíomh ag lucht a cáinte gur ceiliúradh ar an gcinedhíothú agus ar an gcoilíneachas atá ann.
Is iad bundúchasaigh Mheiriceá is mó a bhfuil col acu leis an lá, agus breathnaítear ar Lá an Altaithe mar iarracht lag ó choilínigh an stair fhuilteach a ghlanadh agus scéal an chairdis agus an mhuintearais idir na hinimircigh Eorpacha agus na bundúchasaigh a mhaisiú agus a chur chun cinn.
Tá eagraíocht ar na meáin shóisialta a bhfuil na mílte leantóir aige, darb ainm The Decolonial Atlas. Déanann lucht na heagraíochta iarracht inseacht eile ar an stair a thabhairt trí léarscáileanna neamhghnácha a fhoilsiú. Tá siad ag neartú ar na maidí an tseachtain seo agus go leor eolais á scaipeadh acu faoi Lá an Altaithe agus saol na Meiriceánach roimh theacht na nEorpach sa 15ú hAois.
Ar léarscáileanna a d’eisigh The Decolonial Atlas le deireanas tá an ceann seo, ina fheictear an frása ‘Go raibh maith agat’ i dteangacha dúchais Mheiriceá:
![](http://nos.ie/wp-content/uploads/2019/11/76652246_1440549262778807_1906366387320782848_o-1024x635.jpg)