Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-cluiche-cailithe-idir-eirinn-agus-an-tslovaic-le-himirt-gan-aon-lucht-feachana

An cluiche cáilithe idir Éirinn agus an tSlóvaic le himirt gan aon lucht féachana

Tá an cluiche cáilithe do EURO 2020 idir Éirinn agus an tSlóvaic le himirt agus gan aon lucht féachana i láthair.

I ráiteas a chuir an FAI amach tráthnóna, dúradh gur ordaigh rialtas na Slóvaice nach mbeadh aon lucht féachana i láthair ag an gcluiche a imreofar ar an 26 Márta.

Tabharfar luach a thicéid ar ais d’aon duine a raibh sé i gceist acu freastal ar an gcluiche sa Bhratasláiv.

Tuairscíodh chomh maith inniu go bhfuil na heitiltí go léir atá ag Ryanair chun na hIodáile, as an Iodáil agus laistigh den Iodáil féin á gcur ar fionraí go dtí an 8 Aibreán.

Meán oíche san oíche amárach a chuirfear stop le heitiltí an chomhlachta laistigh den Iodáil agus meán oíche Dé hAoine a chuirfear stop leis na heitiltí idirnáisiúnta.

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney níos túisce inniu nár cheart d’aon duine as an tír dul go dtí  aon áit san Iodáil mura bhfuil fíorphráinn lena dturas. 

I dtvuít a chuir sé amach dúirt an tAire Coveney go raibh an chomhairle sin á cur orainn i bhfianaise ‘cúrsaí mar atá laistigh den Iodáil” faoi láthair. 

Tá srianta taistil curtha i bhfeidhm ar fud na hIodáile ar fad ón lá inniu ar aghaidh agus cosc curtha ar chruinnithe poiblí. 9,172 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe san Iodáil go dtí seo agus tá 463 duine curtha den saol aige.

Tá an 60 milliún duine a chónaíonn san Iodáil gaibhnithe ón lá inniu amach agus na srianta taistil i bhfeidhm sa tír uilig seachas mar a bhí go dtí seo, sna ceantair sa tuaisceart ba mheasa a bhí buailte ag an gcoróinvíreas 

Dúirt Simon Coveney gur iarrachtaí chun an galar a shrianadh atá ar siúl anseo in Éirinn go fóill agus gur as Tuaisceart na hIodáile a tháinig an chuid is mó de 24 cás atá aimsithe sa tír seo.

“Táimid ag iarraidh déileáil leis an ráig seo ar bhealach cuí. Is mian linn cloí le comhairle na saineolaithe sláinte phoiblí. Caithfear éisteacht le comhairle na saineolaithe sin,” a dúirt an Tánaiste.

Táthar á thuar go mbeidh an ráig den choróinvíreas sa Ríocht Aontaithe i mbarr a nirt sa gcoicís seo amach romhainn, dar leis an bpríomhoifigeach leighis i Sasana. 

Chosain an Dr Jenny Harries cinneadh an rialtais thall gan na scoileanna a dhúnadh ná srianta dochta eile a thabhairt isteach go fóill toisc, a dúirt sí, go raibh na saineolaithe ag déanamh measúnú ar chásanna nua gach uair an chloig ionas go mbeidh siad faoi réir le teacht ar  “réiteach stuama”.

Tá a gcuid eitiltí ar fad chun na hIodáile agus as an Iodáil curtha ar ceal ag British Airways.

Bhí a gcuid eitiltí go dtí tuaisceart na hIodáile curtha ar ceal acu ó inné. 

Tá beagnach 115,000 duine buailte ag Covid-19 ar fud an domhain anois agus breis is 4,000 duine curtha den saol aige. Ach is fiú cuimhneamh go bhfuil biseach tagtha ar bhreis is 64,000 ón ngalar.

Ní bheidh ceannairí Stormont ag dul chun na Stát Aontaithe níos deireanaí an tseachtain seo le freastal ar imeachtaí na Féile Pádraig in Washington mar a bhí i gceist acu.  

D’fhógair Príomh-Aire na Polainne  Mateusz Morawiecki go raibh cosc ar aon ollchruinnithe de bharr an ghalair. 

17 cás den ghalar atá deimhnithe sa Pholainn go dtí seo agus deir lucht leighis ansin go bhfuil drochbhail ar chuid de na hothair sin. 

Tá Poblacht na Seice chun gach scoil sa tír a dhúnadh agus níl aon dáta socraithe acu lena n-oscailt arís. Chomh maith leis sin tá cosc le cur ar aon ócáid ar a mbeadh níos mó ná 100 duine ag freastal. 

Sa tSín thug an tUachtarán Xi Jinping cuairt ar Wuhan, an chéad uair aige dul ansin ó  bhuail an coróinvíreas an áit ar dtús. Meastar gur comhartha atá sa gcuairt seo go gcreideann na húdaráis i mBéising go bhfuil ag éirí lena gcuid iarrachtaí sláinte. 

Tá scaipeadh an ghalair sa tSín maolaithe go mór le seachtain agus tá na húdaráis ansin ag díriú anois ar chosc a chur ar iompórtáil an ghalair as na háiteanna is measa atá buailte – an Iaráin, an Iodáil agus an Chóiré Theas

Níos mó