Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-collaiocht-an-choraintin

Collaíocht an Choraintín

Is ait an mac an coraintín. Is aite fós an chollaíocht le linn an choraintín. Anois tá an t-am go léir a theastaigh uainn cúpla mí ó shin againn, agus níl tuairim faoin spéir ag go leor againn cén dóigh é a chaitheamh. Ní féidir linn dul chuig an bpictiúrlann, an spórtlann, bialanna ná siopaí, ach tá neart ama againn suí sa bhaile agus an macnas atá orainn a thabhairt faoi deara. 

B’iomaí lá a bhí ann, roimh an Leithlisiú, a bhí mé róghnóthach aon mhacnas a bheith orm. Ach anois níl an turas chun na hoibre ann, níl an spórtlann ann, agus níl aon oícheanta amuigh ann, agus tá mé ag tabhairt faoi deara cé chomh mór is atá babhta marcaíochta uaim. 

Mar sin, tá an deis á tapú agam bealaí nua agus spraíúla a aimsiú a bheith gnéasach agus aonarach. An raibh mé ag glacaireacht agus mé an breathnú ar chlár cócaireachta an lá cheana? Bhí. Ar theip go tubaisteach orm féin agus ar mo chéile nuair a thriail muid dul suas ar a chéile ar a chathaoir oifige? Theip (ach má fhiafraíonn mo shaoiste díot é, NÍOR tharla sé le linn uaireanta oibre).

B’fhéidir go gcuirfeadh an leithlisiú cosc ar an gcineál collaíochta a bhfuil tú i dtaithí uirthi, go háirithe mura bhfuil tú in aontíos le do chéile nó má tá tú gan céile ar bith, ach níor cheart go gcuirfeadh sé bac ort a bheith gnéasach. M’anam, ach dá dtiocfadh an crú ar an tairne, tá Pornhub Premium saor in aisce ar fud an domhain anois le cabhrú linn an cuar a chothromú. Ar a laghad ar bith, tá a lán roghanna againn, idir ghnéascáil, ghnéas fóin, agus bhabhtaí maithe glacaireachta. 

Má bhí tú i gcianchaidreamh riamh, is dóigh go bhfuil tú i dtaithí cheana féin ar an ngnéascáil. Déanfaidh cúpla féinín gnéasúil agus cúpla focal a roghnófar go cúramach maitheas mhór duit féin agus do do chéile. Mura bhfuil céile agat faoi láthair, féadfaidh tú aipeanna ar nós Tinder a úsáid fós, cé nach féidir casadh le chéile duine ar dhuine.

Má tá fút duine a casadh ort ar Tinder a ghnéacsáil, áfach, molaim go mór duit gan grianghraif a sheoladh, nó má sheolann, d’éadan agus tatúnna nó marcanna eile ar do cholainn a cheilt. Is maith an rud an gnéas sábháilte i ngach réimse collaíochta. 

B’fhéidir go músclódh gnéacsáil an choraintín taobh díot féin nárbh eol duit a bheith ann cheana. Nó b’fhéidir go gcuirfeadh sé rud nua le seanchaidreamh. Má shíleann tú nach bhfuil an splanc ceart i do chuid téacsanna, léigh roinnt ábhar earótach le haghaidh inspioráide (bainfidh tú taitneamh as!). Nó dá mb’fhearr leat cor grinn a chaitheamh isteach iontu, d’iarr an cartúnaí Íoslannach Hugleikur Dagsson ar a chuid leantóirí gnéacsanna greannmhara a fuair siad le linn an choraintín a chur chuige, agus tá coimicí á ndéanamh díobh aige.

Mura bhfuil tú chomh tógtha sin leis an ngnéacsáil, b’fhéidir gur mhithid filleadh ar an ngnéas fóin. Tá an gnéas fóin á shíothlú le tamall de bhlianta anuas, ach bhíonn sé go deas i gcónaí glór duine eile a chloisteáil. Tosaígí go mall, agus ardaígí an teannas de réir a chéile, molaigí a chéile agus abraigí le chéile céard a dhéanfadh sibh dá chéile murach a raibh sibh ar coraintín. Arís, féadfaidh tú ábhar earótach a léamh dá chéile mura bhfuil smaointe nua agat féin. 

Ar deireadh uilig, tá an ghlacaireacht féin ann. Asat féin. Ag an deireadh thiar thall, is agatsa atá a fhios céard is maith leat agus cén dóigh ar mhaith leat é. Ní gá duit a bheith ag smaoineamh faoi rudaí gnéasúla a rá ná a bheith buartha faoi na rudaí is maith leat a mhúineadh do dhuine eile. Seans gurb é seo an t-am is fearr le hatheolas a chur ort féin go gnéasach, agus sult a bhaint as an am a chaithfidh tú asat féin.

Más maith leat lámh a chur ort féin agus tú ag breathnú ar chlár bácála le linn an lóin (mar tá an bealach atáthar ag cur reoáin ar na cácaí sin ag cur fonn mór ort inniu), coinnigh ort!

Seo an t-am do ghnéasúlacht a chur in iúl agus taitneamh a bhaint aisti ar bhealaí nach féidir leat sa ghnáthshaol. Cé chomh minic is a bhíonn an deis agat a bheith ag glacaireacht san iarnóin de ghnáth? Cé mhéad againn a bhíonn róghnóthach le bheith macnasach ar Máirt? Tá i bhfad níos mó ama ag go leor againn anois. Tuige nach n-úsáidfeá an t-am a chaithfeá ag taisteal chun na hoibre le do ghnéasúlacht a iniúchadh? 

Níos mó