![damien-o-donaill-ceaptha-ina-bhainisteoir-reigiuin-sna-doiri-beaga-ag-rnag](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2021%2F09%2F43646-damien-o-donaill-ceaptha-ina-bhainisteoir-reigiuin-sna-doiri-beaga-ag-rnag.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22960%2C%2C%22%7D&hash=2210c60d)
Damien Ó Dónaill ceaptha ina bhainisteoir réigiúin sna Doirí Beaga ag RnaG
Tá an t-iriseoir Damien Ó Dónaill as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill ceaptha ina bhainisteoir réigiúin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo na nDoirí Beaga. Tiocfaidh Damien i gcomharba ar Edel Ní Chuirreáin a d’fhógair le linn an tsamhraidh go mbeadh sí ag éirí as an ról tar éis 38 bliain a chaitheamh le RTÉ RnaG.
Ba ina thráchtaire spóirt a chuir Damien tús lena ghairm chraoltóireachta i ndiaidh dó comórtas tráchtaireachta ar an stáisiún a ghnóthú in 2013. Ceapadh ina Chlár-Reachtaire sna Doirí Beaga é an bhliain dar gcionn agus is iomaí cineál oibre atá déanta aige don stáisiún Gaeltachta ó shin, idir iriseoireacht, léiriú, agus láithriú.
Tá sraith nua dá chuid, Ó Mhuir go Sliabh, á craoladh ar an stáisiún faoi láthair, agus tá sé ina léiritheoir ar an gclár iomráiteach irise Bladhaire a chraoltar ó stiúideo na nDoirí Beaga. Bíonn sé le cloisteáil go rímhinic agus é ag tráchtaireacht ar chluichí de chuid Chumann Lúthchleas Gael freisin.
“Is onóir mhór dom an post seo a bheith faighte agam. Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann thar a bheith cumasach, díograiseach agus nuálach sna Doirí Beaga, i gcomhar leis an fhoireann náisiúnta, leis an chuid is fearr a bhaint amach don stáisiún. Is é mo mhian tógáil ar an obair mhór a rinneadh go dtí seo i RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bheith dílis do chuspóirí agus d’fhís ár mbunaitheoirí, chomh maith le dul i ngleic leis na dúshláin úra agus na hathruithe i saol an raidió a bheas romhainn sna blianta atá le theacht.
“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Edel Ní Chuireáin agus í ag dul ar scor agus smaointím go cumhúil fosta ar Shéamus Mac Géidigh a bhí mar bhainisteoir orm i dtús ama sa raidió. Bhí tionchar ollmhór ag Séamus agus ag Edel ar mo chuid oibre ón chéad lá a thosaigh mé le RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a dúirt Damien.
Bhuaigh Damien Gradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtas in 2018.