Ba i nGaeilge a léadh an chéad phaidir inné ag searmanas conspóideach eaglaise a eagraíodh chun comóradh 100 bliain a dhéanamh ar an uair a cuireadh an chríochdheighilt i bhfeidhm sa tír.
Bhí an searmanas, a reáchtáladh in Ard Mhacha inniu, go mór i mbéal an phobail an mhí seo caite toisc gur dhiúltaigh Uachtarán na hÉireann freastal air.
An gníomhaí teanga agus aontachtach Linda Ervine, a léigh an phaidir i nGaeilge.
Dúirt Linda Ervine go raibh sé tábhachtach go raibh “áit don Ghaeilge sa searmanas”, agus gur léiriú é go raibh an Ghaeilge “mar chuid den saol” i dTuaisceart Éireann.
Dúirt sí chomh maith go raibh sí ag súil go bhféadfadh an ócáid a bheith ina “hócáid ghnáthmhuintire” agus gurb é sin an chúis ar fhreastail sí féin uirthi.
‘Marking the centenaries of the partition of Ireland and the foundation of Northern Ireland’ an t-ainm a bhí ar an ócáid.
Maidir leis an chonspóid a bhain le cinneadh Uachtarán na hÉireann gan freastal ar an ócáid, dúirt Linda Ervine gur léiriú é gur gá “brú ar aghaidh” ar bhóthar an athmhuintearais.
“Ní féidir linn neamhaird a dhéanamh ar an bhliain seo agus ar an chiall atá léi, agus ar ndóigh ciallaíonn sé rudaí difriúla do dhaoine difriúla agus sin atá i gceist le Tuaisceart Éireann,” a dúirt sí.
Mheas Ervine gur spreagadh a bhí i “gcur chuige aontaithe” na hócáide, ina raibh páirt ag ceithre mhóreaglais.
“Bhí na heaglaisí páirteach sa deighilt i dTuaisceart Éireann san am a chuaigh thart, mar sin ag seasamh le chéile is ag caint faoin am amach romhainn, is siombail thábhachtach é sin,” a dúirt sí.
Ag trácht dó faoin ócáid in Ard Mhacha, dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, gur ócáid “pholaitiúil” seachas searmanas reiligiúnach a bhí ann agus gur léir é sin sa chur síos a rinneadh ar an ócáid.
Dúirt sé chomh maith nach aon mhasla do Bhanríon Shasana, a raibh sé i gceist aici freastal ar an ócáid, a bhí ina chinneadh.
Fógraíodh áfach nach mbeadh Banríon Shasana ag freastal ar an searmanas agus go raibh an chuairt a bhí beartaithe aici a thabhairt ar an an Tuaisceart á cur ar ceal aici mar gheall ar chomhairle sláinte a cuireadh uirthi.