Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
clar-datheangach-ag-feile-bia-dhaingean-ui-chuis-den-chead-uair-riamh

Clár dátheangach ag Féile Bia Dhaingean Uí Chúis den chéad uair riamh

| Slaine Ni Chathallain | ,

Bíonn blas ar an mbeagán, agus fíorbhlas sa chás seo, agus go deimhin, is blaiseadh a gheobhaidh tú agus tú ag gabháil ó áit go háit ag Féile Bia Dhaingean Uí Chúis i mbliana ar an gCosán Bídh. 

Táim féin chun tosnú Dé Sathairn leis an Baileys Espresso Shot i gcaifé Bean in Dingle chun tús fuinniúil a chur le mo lá ag blaistínteacht ar fud an bhaile. Is mó greim a bhlaisfear Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh seo chugainn. Tá na scórtha ionad ar fud an bhaile ag soláthar smeathán, ar nós an Snickers atá domhainfhriochta, uaineoil ón nGráig, oisrí le tabasco agus bosca lóin Mhicilín Muc. Deir an coiste go n-íosfar céad míle smeathán ar fad i rith an dá lá. Amplóirí mínádúrtha amach is amach a bheidh ionainn. Ó, bheadh uisce le d’fhiacla ag cuimhneamh air.

Tá an fhéile seo ar cheann de na féilte is fearr ar domhan, im’ thuairim. Níl aon deireadh leis an rogha bídh, beorach, fíona, manglaim agus eile atá ar fáil. Bíonn na scórtha seastán breactha ar fud shráideanna an Daingin le linn an dá lá, agus daoine ag ceannach chun go mbeadh a gcuisneoir lán ar feadh a seachtaine ina dhiaidh. 

Is breá liom féin seastán Man of Aran Fudge. Ó a Dhia, an ceann miontais nó an ceann sú talún. Bíonn sé go haoibhinn ar fad, agus bús Gaolainne ag an ndíoltóir. Bíonn mórán sráideanna ar an mbaile oscailte do choisithe agus cead a gcos ag an slua siúl timpeall ar a socracht. 

Is í an t-aon fhadhb atá leis an bhféile ná go mbuaileann tú le an iomarca daoine ar fad ná facaís b’fhéidir le dhá bhliain nó trí agus bíonn bús cainte agat agus leath an lae meilte ort ag cadráil faoi cad tá blaiste agat is cad ná blaisis fós! Táim chun mo cheann a chur fúm i mbliana agus an deireadh seachtaine a thabhairt ag ithe!

Den gcéad uair riamh, beidh clár na féile dátheangach agus imeachtaí á dtionól trí Ghaolainn, ar nós taispeántas cócaireachta ar an Satharn le Denise Uí Bheaglaoi ó lóistín An Riasc. Ní mór féile seachtaine a bheith ann chun freastal ar gach aon ócáid. Sin é an taobh go gceart duit na ceardlanna san a chur in áirithint anois, chun ná caillfeá do spás. 

Tá an Dingle Druid, Julí Ní Mhaoileoin, chun ceardlann luibheanna a bheith aici, agus eolas le roinnt aici faoi na luibheanna is fearr a dheineann cógais leighis. Is diail an mheabhair chinn atá ag bean Bhaile an Ghóilín agus oideachas ann féin a bheith ag éisteacht léi. 

Ócáid a mheallann na céadta gach oíche Aoine, nuair a bhíonn an t-ól istigh (agus an chiall amuigh) ná an Sing along Social i dtábhairne Dick Macks. Is dócha ná feadair éinne cad a íosfar ar maidin Dé Sathairn tar éis na dí! 

Mar a dúirt Cinnéideach na gCluainte agus é ag caint ar Raidió na Gaeltachta blianta siar aimsir na Nollag, faoi bhroimneach na ndaoine a bheith ag cur leis an dtruailliú aeráide, “daoibhse a bheidh ag dul amach an Nollaig seo, tógaíg bog é!”

Beidh ócáid ana-speisialta ag an bhféile i mbliana nuair a bheidh tinte ealaíne á scaoileadh cois cé mar chuid den bhféile náisiúnta, An Turas Mór. Dé Sathairn idir a 17.00-19.15 a bheidh sé sin ar bun chun fíorchaoin fáilte a chur abhaile roimis an diaspóra.

Ócáid spéisiúil eile ná ceardlann faoin mbeachaireacht a bheidh ar bun ar a 13.30 Dé Sathairn sa Díseart. €10 atá air seo.

Tá oibrithe deonacha á lorg i gcónaí ag an gcoiste, a thabharfadh dhá uair a chloig dóibh Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh. Táid an #BLDB á mholadh leis, sé sin, Beir Leat do Bhabhla! Beidh plátaí déanta as duilleoga pailme ar fáil, agus beidh daoine ábalta iad sin a athúsáid, seachas a bheith ag cur plaisteach agus páipéar amú.

Níl anseo ach blaiseadh ana ana-bheag ar fad don bhféile, a bhraitheamar uainn go mór le dhá bhliain. Go n-éirí le Maitiú Seán agus an coiste!

Níos mó