![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2022%2F10%2F20220928_175620.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=5957c608)
Gáire as Gaeilge
Gáire as Gaeilge
@ An Taibhdhearc
Festival Arts and EntertainmentNí fada go mbeidh muintir na Gaillimhe sna trithí ag gáire mar beidh ‘Galway Comedy Festival’ ag filleadh ar Chathair na dTreabh ón 25ú go dtí 31ú Deireadh Fómhair.
Mar aon le fuirseoirí ar nós Dylan Moran, Daniel Sloss, Tommy Tiernan, Deirdre O Kane agus Gary Delaney, a bheas ag baint gáire as muintir na cathrach, beidh ócáid Ghaeilge ar leith, ‘Gáire as Gaeilge’ ar siúl i Taibhdhearc na Gaillimhe ar an Déardaoin, 27 Deireadh Fómhair.
I measc na bhfuirseoirí a bheas ag glacadh páirt san ócáid ghrinn seo, tá Paraic Breathnach (Ros na Rún, Killinaskully), Eddie Mullarkey (Show Me The Funny, Edinburgh Fringe), an seanchaí agus ceoltóir Aindrias de Staic agus Seán Begley (Best New Act - Bray Comedy Fest 2018, RTE Stand Up and Be Funny). Beidh Bean an Tí, Banríon na fuirseoireachta, Aideen McQueen (So you think you’re Funny, Edinburgh Fringe) ag coinneáil smacht ar na leaids ar an oíche! Féadfaidh tú a bheith cinnte go mbeidh oíche siamsaíochta den scoth ann.
Ticéid ar díol anois ag www.galwaycomedyfestival.ie