An Taibhdhearc
Imeachtaí
Padraig Stevens & Cairde
24/05/2024
As Sligeach ó dhúchas, thosaigh Padraig a chéad bhanna rac 'The Problems' sa bhliain 1966 i dTuaim. Thosaigh sé ag scríobh amhrán sna 1970'dí, le blas áitiúil agus fonn a d'fhanfadh leat. Bhí Padraig ar dhuine de bhunaitheoirí na Saw Doctors agus go leor amhrán comhscríofa aige leis an mbanna. Faoi láthair tá sé ag comhscríobh ábhar nua lena Sawdocs, Leo agus Davy i dTuaim. Breis eolais anseo: www.tickettailor.com
Ceiliúradh Cruitireachta
12/05/2024
Seolfar albam úr Moya Brennan agus Cormac de Barra Voices and Harps IV ar bhreithlá Mary O’Hara Dé Domhnaigh 12 Bealtaine 7pm ag ócáid speisialta le Cruit Éireann|Harp Ireland i dTaidhbhearc na Gaillimhe. Tugann Voices & Harps IV, aitheantas do shaol agus do cheol Mary le foinn agus amhráin ar nós An Maidrín Rua agus The Spinning Wheel. Beidh Mary fhéin inár dteannta dár ndóigh agus cuirfear fáilte mhór roimpi ar an oíche mhór ceiliúrtha seo. Breis eolais anseo: www.tickettailor.com