![](https://peig.ie/wp-admin/admin-ajax.php?action=kernel&p=image&src=%7B%22file%22%3A%22wp-content%2Fuploads%2F2023%2F04%2Fdinn.jpg%22%2C%22thumbnail%22%3A%22%2C%22%7D&hash=d01eafa6)
Dinnseanchas
Dinnseanchas
@ An Taibhdhearc
Lecture / TalkDinnseanchas - Lore of Places
Dinnseanchas – seo tionscadal ar cuireadh tús leis dornán blianta ó shin le nasc a chruthú idir scríbhneoirí Gaeilge Gaeltachta as Éirinn agus scríbhneoirí Māori na Nua-Shéalainne chun iniúchadh a dhéanamh ar an dinnseanchas: miotais, an tírdhreach, an béaloideas agus an stair choilíneach atá coitianta ina gcultúr éagsúil agus mar a thagann na gnéithe sin chun cinn ina saothar cruthaitheach scríbhneoireachta.
I rith na hócáide seo, a bheidh ar siúl sa Taibhdhearc, Cuirfidh beirt scríbhneoirí ó Ghaeltacht na Rinne, Áine Uí Fhoghlú agus Ógie Ó Céilleachair, a saothar nuachumtha i láthair. Is é Micheál Ó Conghaile, scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht Fear an Tí don ócáid seo.
Cuireadh tús leis an tionscadal seo sa mbliain 2021 agus go dtí seo tá coimisiúnú déanta ar shaothar nua le seisear scríbhneoirí. Seo é an dara tréimhse den tionscadal.
I bpáirt le Ealaín na Gaeltachta, Cló Iar-Chonnacht agus WORD Christchurch.
Ticéidí anseo.