Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
eagsulacht-na-beatha-a-cur-i-mbaol-ag-speicis-ionracha-–-tuarascail-nua

Éagsúlacht na beatha á cur i mbaol ag speicis ionracha – tuarascáil nua

Bíonn costas ar a laghad $423 billiún ag baint gach bliain le speicis ionracha gan trácht ar an dochar a dhéanann siad don dúlra, do tháirgeadh bia agus do shláinte daoine

Éagsúlacht na beatha á cur i mbaol ag speicis ionracha – tuarascáil nua

Tá speicis ionracha ina mbagairt mhór d’éagsúlacht na beatha, a deirtear i dtuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe.

De réir na tuarascála nua bíonn costas ar a laghad $423 billiún ag baint gach bliain le speicis ionracha gan trácht ar an dochar a dhéanann siad don dúlra, do tháirgeadh bia agus do shláinte daoine.

An duine is cúis le tabhairt isteach 37,000 speiceas coimhthíoch ar fud an domhain agus déanann 3,500 de na speicis sin ualach dochair.

Tá na speiceas seo in ann na barra a scrios, galair a scaipeadh, an líon éisc a laghdú agus tá plandaí agus ainmhithe dúchasacha a chur i mbaol a ndíothaithe acu. De réir na tuarascálacha bíonn baint ag speicis coimhthíocha ionracha le díothú 60% de na plandaí agus ainmhithe a fhaigheann bás.

Deir na húdair go bhfuil scaipeadh plandaí agus ainmhithe ó mhór-roinn go mór-roinn ar cheann de na cúiseanna móra le géarchéim bithéagsúlachta an domhain.

Bíonn toradh an-tromchúiseach ar an ollaistriú speiceas seo don duine agus do na héiceachórais a mbíonn sé ag brath orthu.

Deir údair na tuarascála nach dtugtar dóthain airde ar an mbaol a bhaineann le speicis ionracha agus nach bhfuil dóthain tuisceana ag daoine faoin mbaol sin.

“Tuigim go mb’fhéidir go bhfuil cuma na háibhéile air seo mar ráiteas, ach ceann de na rudaí go gcuirimid béim air ná gur bagairt í seo don tsibhialtacht,” a deir Peter Stoett, ollamh ó Ollscoil Ontario Tech, duine de bheirt a bhí i bhfeighil na meithle a chuir an tuarascáil i toll a chéile.

Dúirt Aníbal Pauchard, as Ollscoil Concepción na Síle, a bhí ina chomhchathaoirleach ar an meitheal eolaithe, go raibh sé nádúrtha go mbeadh speicis ag bogadh ó áit go háit ach go raibh sé mínádúrtha go mbeadh speicis ag dul ó mhór-roinn go mór-roinn.

“Ní rud nádúrtha é go rachadh speiceas trasna an Atlantaigh. Ní rud nádúrtha go rachadh sé ón Astráil go dtí an tSíle,” arsa Pauchard.

Deir na húdair, breis is 80 eolaí ar fad,

nach bhfuil dlíthe faoi speicis ionracha ach ag an séú cuid de thíortha an domhain agus go gcaithfear dul i ngleic leis an easpa rialachán sin.

Agus 200 speiceas ionrach nua gach bliain ann, is in olcas a rachaidh an scéal, a deirtear.

Moltar do dhaoine a chinntiú nach mbíonn baint acu féin le scaipeadh speiceas ionrach agus speicis ionracha a thuairisciú má thagann siad ar a leithéid.

Níos mó