Tá speicis ionracha ina mbagairt mhór d’éagsúlacht na beatha, a deirtear i dtuarascáil nua de chuid na Náisiún Aontaithe.
De réir na tuarascála nua bíonn costas ar a laghad $423 billiún ag baint gach bliain le speicis ionracha gan trácht ar an dochar a dhéanann siad don dúlra, do tháirgeadh bia agus do shláinte daoine.
An duine is cúis le tabhairt isteach 37,000 speiceas coimhthíoch ar fud an domhain agus déanann 3,500 de na speicis sin ualach dochair.
Tá na speiceas seo in ann na barra a scrios, galair a scaipeadh, an líon éisc a laghdú agus tá plandaí agus ainmhithe dúchasacha a chur i mbaol a ndíothaithe acu. De réir na tuarascálacha bíonn baint ag speicis coimhthíocha ionracha le díothú 60% de na plandaí agus ainmhithe a fhaigheann bás.
Deir na húdair go bhfuil scaipeadh plandaí agus ainmhithe ó mhór-roinn go mór-roinn ar cheann de na cúiseanna móra le géarchéim bithéagsúlachta an domhain.
Bíonn toradh an-tromchúiseach ar an ollaistriú speiceas seo don duine agus do na héiceachórais a mbíonn sé ag brath orthu.
Deir údair na tuarascála nach dtugtar dóthain airde ar an mbaol a bhaineann le speicis ionracha agus nach bhfuil dóthain tuisceana ag daoine faoin mbaol sin.
“Tuigim go mb’fhéidir go bhfuil cuma na háibhéile air seo mar ráiteas, ach ceann de na rudaí go gcuirimid béim air ná gur bagairt í seo don tsibhialtacht,” a deir Peter Stoett, ollamh ó Ollscoil Ontario Tech, duine de bheirt a bhí i bhfeighil na meithle a chuir an tuarascáil i toll a chéile.
Dúirt Aníbal Pauchard, as Ollscoil Concepción na Síle, a bhí ina chomhchathaoirleach ar an meitheal eolaithe, go raibh sé nádúrtha go mbeadh speicis ag bogadh ó áit go háit ach go raibh sé mínádúrtha go mbeadh speicis ag dul ó mhór-roinn go mór-roinn.
“Ní rud nádúrtha é go rachadh speiceas trasna an Atlantaigh. Ní rud nádúrtha go rachadh sé ón Astráil go dtí an tSíle,” arsa Pauchard.
Deir na húdair, breis is 80 eolaí ar fad,
nach bhfuil dlíthe faoi speicis ionracha ach ag an séú cuid de thíortha an domhain agus go gcaithfear dul i ngleic leis an easpa rialachán sin.
Agus 200 speiceas ionrach nua gach bliain ann, is in olcas a rachaidh an scéal, a deirtear.
Moltar do dhaoine a chinntiú nach mbíonn baint acu féin le scaipeadh speiceas ionrach agus speicis ionracha a thuairisciú má thagann siad ar a leithéid.