Tá moladh déanta ag an gCoimisiún Toghcháin go mbeadh suíochán breise sna toghcháin Eorpacha i dToghlach an Láir Tíre – an Iarthuaiscirt.
Chomh maith le feisire Eorpach a bheith le toghadh ann, d’aistreofaí Laois agus Uíbh Fháilí ó thoghlach an Deiscirt go dtí an toghlach láir tíre.
Tá a gcuid moltaí don chéad toghchán Eorpach eile, a bheidh ar siúl mí an Mheithimh seo chugainn, curtha faoi bhráid an Oireachtais ag an gCoimisiún.
Beidh 14 feisire Eorpach ag Éirínn i ndiaidh an toghcháin, seachas 13.
Bhí próiseas comhairliúcháin poiblí ann faoi na polaiteoirí aonair agus daoine eile a raibh suim san ábhar acu.
Deir an Coimisiún Toghcháin go bhfuil na moltaí ag teacht leis na riachtanais reachtúla a leagadh síos don athbhreithniú. Deir siad go mbeadh comhionannas “réasúnta” idir na toghlaigh éagsúla ó thaobh na hionadaíochta de.
Bheadh an t-athrú ag teacht chomh maith leis an riachtanas gur idir trí agus cúig shuíochán a bheadh i ngach toghlach agus leis an moladh go gcinnteofaí a oiread agus ab fhéidir nach mbeadh contaetha roinnte idir toghlaigh éagsúla.
Dúirt Cathaoirleach An Choimisiúin Toghcháin, an breitheamh sa chúirt Uachtarach, Marie Baker, gur éirigh leis an gcoimisiún a chuid oibre a dhéanamh “go pras”. Dúirt gur faoi bhaill Thithe an Oireachtais a bhí sé anois a machnamh a dhéanamh faoin moladh agus, má ghlacann siad leis, reachtaíocht a rith dá réir,
Na Toghlaigh Eorpacha atá molta | Ceantar | Feisirí | Daonra 2022 | Daonra in aghaidh an Fheisire |
---|---|---|---|---|
Baile Átha Cliath | Dún Laoghaire- Ráth an Dúin, Fine Gall agus BÁC Theas, Cathair BÁC | 4 | 1,458,154 | 364,539 |
Lár-tíre- an Iarthuaisceart | An Cabhán, Dún na nGall, an Ghaillimh, Cill Dara, Liatroim, an Longfort, Lú, Maigh Eo, an Mhí, Muineachán, Ros Comáin, Sligeach, an Iarmhí, Cathair na Gaillimhe Le haistriú isteach – Laois, Uíbh Fhailí |
5 | 1,831,741 | 366,348 |
Deisceart | Ceatharlach, an Clár, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann, Loch Garman, Cill Mhantáin, cathair Chorcaí, cathair agus contae Luimnigh, cathair agus contae Phort Láirge | 5 | 1,859,244 | 371,849 |
Iomlán | 14 | 5,149,139 | 367796 |