Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
ceantar-amhain-i-gceithre-chontae-gaeltachta-ina-labhraionn-nios-mo-na-33%-den-phobal-an-ghaeilge-chuile-la

Ceantar amháin i gceithre chontae Gaeltachta ina labhraíonn níos mó ná 33% den phobal an Ghaeilge chuile lá

Níl ach ceantar amháin i nGaeltacht Chorcaí, Mhaigh Eo, Phort Láirge agus na Mí ina labhraíonn breis is 33% den phobal an Ghaeilge chuile lá.

De réir thorthaí Dhaonáireamh 2022, is í toghroinn Ghort na Tiobratan, ina bhfuil Cúil Aodha i gCorcaigh, an t-aon cheann as an dá scór toghroinn Ghaeltachta atá sna contaetha sin ina labhraíonn duine as gach triúr an Ghaeilge go laethúil.

33.4% den phobal atá trí bliana d’aois nó os a chionn i nGort na Tiobratan a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí. B’in titim ó 37% i nDaonáireamh 2016.

Thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge faoi bhun 33% i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i Múscraí agus i gCnoc an Daimh i Maigh Eo idir 2016-2022.

Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail.

As an 40 toghroinn Ghaeltachta atá i gcontaetha Chorcaí, Mhaigh Eo, Phort Láirge agus na Mí, níor ardaigh céatadán na gcainteoirí laethúla ach i gceithre cinn acu – 10%. 

CORCAIGH

Níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla in aon cheann de na deich dtoghroinn Ghaeltachta i gCorcaigh.

Cé nár tháinig ach laghdú beag ar líon na gcainteoirí laethúla i nGort na Tiobratan sna sé bliana idir daonáirimh 2016-2022, d’fhág an t-ardú a tháinig ar an daonra le linn na tréimhse céanna gur laghdú a tháinig ar chéatadán na gcainteoirí laethúla. Bhí an scéal céanna fíor i dtoghroinn Bhéal Átha an Ghaorthaidh (Maigh Chromtha), áit ar thit an céatadán ó 34% in 2016 go dtí 31% in 2022. D’fhan an céatadán cainteoirí laethúla Gaeilge sa toghroinn díreach ó dheas di, Béal Átha an Ghaorthaidh (Dún Mhánmhaí) ag 25%.

I dtoghroinn an tSléibhe, Sliabh Riabhaigh, mar a bhfuil Baile Bhuirne, tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, ó 173 duine go dtí 192 idir 2016-2022, ach titim a bhí i gceist i gcás chéatadán na gcainteoirí laethúla, ó 21% go dtí 20%.

Toghroinn 2022
Daonra 3+
2022
Cainteoirí Laethúla Gaeilge
2022
Céadtadán
2016
Céadtadán
Gort na Tiobratan (Cúil Aodha) 464 155 33% 37%
Béal Átha An Ghaorthaidh (Maigh Chromtha) 540 170 31% 34%
Béal Átha an Ghaorthaidh* (Dún Mánmhaí) 183 45 25% 25%
Claonráth* 208 50 24% 29%
An Sliabh Riabhach (Baile Bhuirne) 941 192 20% 21%
Ceann Droma 320 51 16% 18%
Na hUláin 619 91 15% 15%
Doire Fhínín 238 31 13% 15%
Cléire* 300 34 11% 12%
Cill na Martra* 706 44 6% 7%

Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gCorcaigh a fheiceáil

MAIGH EO

Is í toghroinn Chnoc an Daimh, mar a bhfuil Ceathrú Thaidhg, an toghroinn is láidre i Maigh Eo ó thaobh na Gaeilge de go fóill agus 32% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Thit líon na gcainteoirí laethúla sa toghroinn sin ó 133 duine go dtí 97 idir 2016-2022, áfach agus tá daonra iomlán an cheantair tite chomh maith.

Is í Abhainn Bhrain, atá ar an teorainn le contae na Gaillimhe, an dara toghroinn is láidre sa chontae agus 23% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, titim ón 30% a bhí amhlaidh i nDaonáireamh 2016.

Tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar an nGeata Mór Theas in Iorras ó 18% go dtí 20% d’ainneoin gur thit líon na gcainteoirí laethúla sa toghroinn idir 2016-2022. Ardú beag freisin a bhí ar an gCeapaigh Dhuibh, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh, ó 8% go dtí 9%.

Níl ach 2% den bhreis is 2,000 duine a bhfuil cónaí orthu i mBéal an Mhuirthead, an toghroinn Ghaeltachta is mó i Maigh Eo, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.

De réir Dhaonáireamh 2022, ní raibh oiread agus cainteoir laethúil Gaeilge amháin i measc an 98 duine os cionn trí bliana d’aois a raibh cónaí orthu i mBarr Rúscaí, soir ó Ghleann na Muaidhe, toghroinn atá go hiomlán sa Ghaeltacht. As an 155 toghroinn Ghaeltachta ar fud na tíre, ba í an t-aon cheann nach raibh oiread agus aon chainteoir laethúil Gaeilge amháin ag cónaí inti.

Toghroinn 2022
Daonra 3+
2022
Cainteoirí Laethúla Gaeilge
2022
Céadtadán
2016
Céadtadán
Cnoc an Daimh (Ceathrú Thaidhg) 307 97 32% 40%
Abhainn Bhrain 205 47 23% 30%
An Geata Mór Theas 842 165 20% 18%
Baile an Chalaidh 227 32 14% 14%
An Corrán 683 75 11% 13%
An Cheapaigh Dhuibh (Tuar Mhic Éadaigh) 362 34 9% 8%
Moing na Bó 238 20 8% 15%
Dumha Éige 580 38 7% 7%
Acaill 786 38 5% 6%
Baile Óbha* 229 11 5% 13%

Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i Maigh Eo a fheiceáil

PORT LÁIRGE

Sna Déise, d’ardaigh líon na gcainteoirí laethúla sna trí thoghroinn Ghaeltachta trí chéile ach níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla ach i gceann amháin acu.

Sa Rinn atá an céatadán is mó cainteoirí laethúla Gaeilge agus 29% den phobal ansin ag labhairt na Gaeilge gach lá. Is ionann sin agus titim ón 32% a bhí i gceist i nDaonáireamh 2022. D’ardaigh líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge chuile lá sa Rinn ó 421 duine go dtí 439 idir 2016-2022 ach d’ardaigh an daonra freisin ó 1,302 go dtí 1,502 sa tréimhse chéanna.

D’ardaigh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Mhic Airt ó 13% go dtí 18% agus líon na ndaoine a labhraíonn an teanga gach lá imithe ó 47 duine go dtí 69 idir an dá dhaonáireamh.

Titim ar líon agus ar chéatadán na gcainteoirí laethúla a bhí i gceist ar an Aird Mhór idir 2016-2022 agus 3% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge ansin, síos ó 6%.

Toghroinn 2022
Daonra 3+
2022
Cainteoirí Laethúla Gaeilge
2022
Céadtadán
2016
Céadtadán
An Rinn* 1,502 439 29% 32%
Baile Mhic Airt 389 69 18% 13%
Aird Mhór* 237 8 3% 6%

Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i bPort Láirge a fheiceáil

AN MHÍ

D’fhan cúrsaí nach mór mar a bhí ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i dtoghranna Gaeltachta na Mí sa daonáireamh is deireanaí.

Is í An Ráth Mhór, mar a bhfuil Ráth Chairn, an toghroinn is láidre ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge. Tá 16% de phobal na Rátha Móire ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, mar a bhí de réir thorthaí Dhaonáireamh 2016.

Thit an céatadán i gCill Bhríde ó 11% go dtí 9% idir 2016-2022 ach d’fhan na figiúirí mar a bhí i gcás Dhomhnach Phádraig (4%), Bhaile Átha Buí (3%) agus Tailteann (3%).

Toghroinn 2022
Daonra 3+
2022
Cainteoirí Laethúla Gaeilge
2022
Céadtadán
2016
Céadtadán
An Ráth Mhór (Ráth Chairn)* 1,051 166 16% 16%
Cill Bhríde* 543 49 9% 11%
Domhnach Phádraig* 1,945 80 4% 4%
Baile Átha Buí* 2,674 81 3% 3%
Tailtin (Baile Ghib)* 931 25 3% 3%

Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gcontae na Mí a fheiceáil

Léirigh anailís eile atá déanta ag Tuairisc ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 gur thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i bhformhór na gceantar Gaeltachta is láidre i nGaillimh agus i nDún na nGall ach a mhalairt a bhí fíor i gCiarraí.

Léiríodh chomh maith nach bhfuil oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá.

Níos mó