Níl ach ceantar amháin i nGaeltacht Chorcaí, Mhaigh Eo, Phort Láirge agus na Mí ina labhraíonn breis is 33% den phobal an Ghaeilge chuile lá.
De réir thorthaí Dhaonáireamh 2022, is í toghroinn Ghort na Tiobratan, ina bhfuil Cúil Aodha i gCorcaigh, an t-aon cheann as an dá scór toghroinn Ghaeltachta atá sna contaetha sin ina labhraíonn duine as gach triúr an Ghaeilge go laethúil.
33.4% den phobal atá trí bliana d’aois nó os a chionn i nGort na Tiobratan a bhí ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir na bhfigiúirí daonáirimh is déanaí. B’in titim ó 37% i nDaonáireamh 2016.
Thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge faoi bhun 33% i mBéal Átha an Ghaorthaidh, i Múscraí agus i gCnoc an Daimh i Maigh Eo idir 2016-2022.
Is é atá i gceist le cainteoirí laethúla Gaeilge san anailís seo ná daoine atá trí bliana d’aois nó os a chionn a labhraíonn Gaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais, an tslat tomhais is cruinne ar staid na teanga i measc an phobail.
As an 40 toghroinn Ghaeltachta atá i gcontaetha Chorcaí, Mhaigh Eo, Phort Láirge agus na Mí, níor ardaigh céatadán na gcainteoirí laethúla ach i gceithre cinn acu – 10%.
CORCAIGH
Níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla in aon cheann de na deich dtoghroinn Ghaeltachta i gCorcaigh.
Cé nár tháinig ach laghdú beag ar líon na gcainteoirí laethúla i nGort na Tiobratan sna sé bliana idir daonáirimh 2016-2022, d’fhág an t-ardú a tháinig ar an daonra le linn na tréimhse céanna gur laghdú a tháinig ar chéatadán na gcainteoirí laethúla. Bhí an scéal céanna fíor i dtoghroinn Bhéal Átha an Ghaorthaidh (Maigh Chromtha), áit ar thit an céatadán ó 34% in 2016 go dtí 31% in 2022. D’fhan an céatadán cainteoirí laethúla Gaeilge sa toghroinn díreach ó dheas di, Béal Átha an Ghaorthaidh (Dún Mhánmhaí) ag 25%.
I dtoghroinn an tSléibhe, Sliabh Riabhaigh, mar a bhfuil Baile Bhuirne, tháinig ardú ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge, ó 173 duine go dtí 192 idir 2016-2022, ach titim a bhí i gceist i gcás chéatadán na gcainteoirí laethúla, ó 21% go dtí 20%.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Gort na Tiobratan (Cúil Aodha) | 464 | 155 | 33% | 37% |
Béal Átha An Ghaorthaidh (Maigh Chromtha) | 540 | 170 | 31% | 34% |
Béal Átha an Ghaorthaidh* (Dún Mánmhaí) | 183 | 45 | 25% | 25% |
Claonráth* | 208 | 50 | 24% | 29% |
An Sliabh Riabhach (Baile Bhuirne) | 941 | 192 | 20% | 21% |
Ceann Droma | 320 | 51 | 16% | 18% |
Na hUláin | 619 | 91 | 15% | 15% |
Doire Fhínín | 238 | 31 | 13% | 15% |
Cléire* | 300 | 34 | 11% | 12% |
Cill na Martra* | 706 | 44 | 6% | 7% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gCorcaigh a fheiceáil
MAIGH EO
Is í toghroinn Chnoc an Daimh, mar a bhfuil Ceathrú Thaidhg, an toghroinn is láidre i Maigh Eo ó thaobh na Gaeilge de go fóill agus 32% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Thit líon na gcainteoirí laethúla sa toghroinn sin ó 133 duine go dtí 97 idir 2016-2022, áfach agus tá daonra iomlán an cheantair tite chomh maith.
Is í Abhainn Bhrain, atá ar an teorainn le contae na Gaillimhe, an dara toghroinn is láidre sa chontae agus 23% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, titim ón 30% a bhí amhlaidh i nDaonáireamh 2016.
Tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge ar an nGeata Mór Theas in Iorras ó 18% go dtí 20% d’ainneoin gur thit líon na gcainteoirí laethúla sa toghroinn idir 2016-2022. Ardú beag freisin a bhí ar an gCeapaigh Dhuibh, mar a bhfuil Tuar Mhic Éadaigh, ó 8% go dtí 9%.
Níl ach 2% den bhreis is 2,000 duine a bhfuil cónaí orthu i mBéal an Mhuirthead, an toghroinn Ghaeltachta is mó i Maigh Eo, ina gcainteoirí laethúla Gaeilge.
De réir Dhaonáireamh 2022, ní raibh oiread agus cainteoir laethúil Gaeilge amháin i measc an 98 duine os cionn trí bliana d’aois a raibh cónaí orthu i mBarr Rúscaí, soir ó Ghleann na Muaidhe, toghroinn atá go hiomlán sa Ghaeltacht. As an 155 toghroinn Ghaeltachta ar fud na tíre, ba í an t-aon cheann nach raibh oiread agus aon chainteoir laethúil Gaeilge amháin ag cónaí inti.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
Cnoc an Daimh (Ceathrú Thaidhg) | 307 | 97 | 32% | 40% |
Abhainn Bhrain | 205 | 47 | 23% | 30% |
An Geata Mór Theas | 842 | 165 | 20% | 18% |
Baile an Chalaidh | 227 | 32 | 14% | 14% |
An Corrán | 683 | 75 | 11% | 13% |
An Cheapaigh Dhuibh (Tuar Mhic Éadaigh) | 362 | 34 | 9% | 8% |
Moing na Bó | 238 | 20 | 8% | 15% |
Dumha Éige | 580 | 38 | 7% | 7% |
Acaill | 786 | 38 | 5% | 6% |
Baile Óbha* | 229 | 11 | 5% | 13% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i Maigh Eo a fheiceáil
PORT LÁIRGE
Sna Déise, d’ardaigh líon na gcainteoirí laethúla sna trí thoghroinn Ghaeltachta trí chéile ach níor tháinig ardú ar chéatadán na gcainteoirí laethúla ach i gceann amháin acu.
Sa Rinn atá an céatadán is mó cainteoirí laethúla Gaeilge agus 29% den phobal ansin ag labhairt na Gaeilge gach lá. Is ionann sin agus titim ón 32% a bhí i gceist i nDaonáireamh 2022. D’ardaigh líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge chuile lá sa Rinn ó 421 duine go dtí 439 idir 2016-2022 ach d’ardaigh an daonra freisin ó 1,302 go dtí 1,502 sa tréimhse chéanna.
D’ardaigh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i mBaile Mhic Airt ó 13% go dtí 18% agus líon na ndaoine a labhraíonn an teanga gach lá imithe ó 47 duine go dtí 69 idir an dá dhaonáireamh.
Titim ar líon agus ar chéatadán na gcainteoirí laethúla a bhí i gceist ar an Aird Mhór idir 2016-2022 agus 3% den phobal ina gcainteoirí laethúla Gaeilge ansin, síos ó 6%.
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
An Rinn* | 1,502 | 439 | 29% | 32% |
Baile Mhic Airt | 389 | 69 | 18% | 13% |
Aird Mhór* | 237 | 8 | 3% | 6% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i bPort Láirge a fheiceáil
AN MHÍ
D’fhan cúrsaí nach mór mar a bhí ó thaobh céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i dtoghranna Gaeltachta na Mí sa daonáireamh is deireanaí.
Is í An Ráth Mhór, mar a bhfuil Ráth Chairn, an toghroinn is láidre ó thaobh cainteoirí laethúla Gaeilge. Tá 16% de phobal na Rátha Móire ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, mar a bhí de réir thorthaí Dhaonáireamh 2016.
Thit an céatadán i gCill Bhríde ó 11% go dtí 9% idir 2016-2022 ach d’fhan na figiúirí mar a bhí i gcás Dhomhnach Phádraig (4%), Bhaile Átha Buí (3%) agus Tailteann (3%).
Toghroinn | 2022 Daonra 3+ |
2022 Cainteoirí Laethúla Gaeilge |
2022 Céadtadán |
2016 Céadtadán |
---|---|---|---|---|
An Ráth Mhór (Ráth Chairn)* | 1,051 | 166 | 16% | 16% |
Cill Bhríde* | 543 | 49 | 9% | 11% |
Domhnach Phádraig* | 1,945 | 80 | 4% | 4% |
Baile Átha Buí* | 2,674 | 81 | 3% | 3% |
Tailtin (Baile Ghib)* | 931 | 25 | 3% | 3% |
Cliceáil anseo chun an t-eolas faoi gach toghroinn Ghaeltachta i gcontae na Mí a fheiceáil
Léirigh anailís eile atá déanta ag Tuairisc ar thorthaí Dhaonáireamh 2022 gur thit céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge i bhformhór na gceantar Gaeltachta is láidre i nGaillimh agus i nDún na nGall ach a mhalairt a bhí fíor i gCiarraí.
Léiríodh chomh maith nach bhfuil oiread is toghroinn amháin sa Ghaeltacht ina labhraíonn níos mó ná dhá thrian den phobal an Ghaeilge gach lá.