Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
tus-leis-an-tsraith-peile-agus-tus-nios-fearr-aris-ag-na-foirne-uladh

Tús leis an tsraith peile agus tús níos fearr arís ag na foirne Uladh

| Dáithí Anraí | ,

Más iad an bás agus cáin an dá rud atá cinnte sa saol, is iad an fhearthainn agus an ghaoth na deimhneachtaí amháin a thagann le séasúr úr na sraithe peile. An méid sin agus bua Mhuineacháin i gcoinne Átha Cliath, is dóigh.

Chuir Ciarán McNulty scór simplí thar an trasnán sa bhomaite deireanach d’am cúitimh oíche Shathairn i bPáirc an Chrócaigh – ag cur cúilín idir na foirne agus bliain eile le curiarracht na Muineachánach leis. Níor chaill siad i gcoinne Átha Cliath sa tsraith ó bhí 2017 ann, le cúig chraobh uile-Éireann buaite ag fir na príomhchathrach sa tréimhse chéanna. Ní beag sin do dhaonra imeartha chomh beag.

Bhí an toradh sin mar chuid de phríomhthéama an deireadh seachtaine ar fad, ina raibh an bua ag gach foireann Ultach seachas Fear Manach – rogha na coitiantachta le dul síos ó Roinn 2 – a fuair comhscór creidiúnach i gcoinne na Mí.

Ní haon iontas é go mbeadh Mickey Harte meáite ar an tsraith agus ar chluiche i dTrá Lí araon, ach is ráiteas amach is amach a leagadh lena mbua ar Chiarraí oíche Shathairn. Tugadh dúshlán do Thír Eoghain chun léiriú nach iad an fhoireann is mó atá i mbaol a ndícháilithe i Roinn 1, agus bhí Dáire Canavan sásta tabhairt faoi sin ina aonar i gcoinne Ros Comáin.

Beidh faoiseamh ar Ard Mhacha i ndiaidh dóibh an Lú a shárú leis an bhearna is lú. Tá spriocanna ardú céime an Chabháin agus an Dúin sláintiúil beo lena mbuanna suntasacha thar Chill Dara agus Cill Mhantáin faoi seach, agus beidh áthas ar Aontroim nár éirigh le Luimneach teacht aniar orthu sa dara leath.

Ach an scéal Ultach is suntasaí a tháinig amach as an chéad deireadh seachtaine den tsraith ná filleadh Jim McGuinness ar a dhúchas i nDún na nGall – agus ráiteas dá gcuid féin leagtha ag a fhoireann le hardscór cláraithe acu in aghaidh Chorcaí.

Sna cúinsí aimsire atá mar dhlúthchuid de Páirc Sheáin Mhic Cumhaill ag am seo na bliana, ní beag an t-éacht é 1-20 a ghnóthú ar an chéad lá amuigh. Is mó an t-éacht a bhí i gcuid mhaith de na hiarrachtaí scórála sin. B’fhéidir nach réabhlóid theaicticiúil a fheicfear faoi McGuinness mar a chonacthas in 2011 ar aghaidh, ach is athrú ó bhonn atá le feiceáil i bhfoireann Dhún na nGall i gcomparáid le mar a bhí anuraidh.

Ryan McHugh. Ciarán Thompson. Jamie Brennan. Ag éisteacht le tráchtaireacht Chonall Uí Mháirtín inné, chuirfí an seanfhocal (bhuel, tvuít ó 2021) i gcuimhne duit: is féidir le fir díreach suí thart agus sean-imreoirí spóirt a ainmniú agus am ar dóigh a bheith acu. Ach ní sean-imreoirí iad seo – tá siad ar ais, tá siad ag teacht isteach i mbarr a maitheasa, agus i bhfianaise an mhéid a bhí le feiceáil Dé Domhnaigh, tá siad ag teacht le cíocras fíochmhar chun na rudaí nár ghnóthaigh siad le roinnt blianta anuas a bhaint amach faoi Jim McGuinness. Beidh seisean níos mó ná sásta an cíocras sin a chothú.

Is cosúil gur ag cothú na chéad ghlúine eile atá McGuinness chomh maith, le trí chúilín ghalánta Dé Domhnaigh ó Odhrán Doherty – imreoir óg snasta ar thaobh eile an scála ón triúr thuasluaite. Cuirfidh an rogha seo go mór le foireann a bhí ag brath an iomarca ar na hainmneacha céanna le blianta beaga anuas.

Le mórthaispeántas na gConallach in ainneoin na gcúinsí Dé Domhnaigh; Muineachán ag gnóthú bua gan choinne, más féidir sin a thabhairt air, faoi na soilse i bPáirc an Chrócaigh; agus na coimhlintí iontacha ar fad a bhí againn thar an deireadh seachtaine – an bhfuil muid i ndiaidh breith róthobann a dhéanamh agus muid ag fógairt bhás na peile Gaelaí?

Ag labhairt dó le Cahair O’Kane ón Irish News i dTrá Lí Dé Sathairn, léirigh seanfhondúir Dhoire Chrissy McKaigue gur sin an tuairim atá aige féin.

“Sílim go bhfuil an pheil maith go leor más féidir linn glacadh leis go bhfuil sí i ndiaidh athrú. Sílim go bhfuil táirge dochreidte againn. Briseann sé mo chroí go bhfuil an oiread sin diúltachais ina Leith,” a dúirt sé.

Alt eile ar fad a bheidh de dhíth le dul tríd an cheann sin. Don am i láthair, bainimis sult as an pheil – idir mhaith agus nach-bhfuil-chomh-maith – agus í ar ais linn sé mhí eile.

The post Tús leis an tsraith peile agus tús níos fearr arís ag na foirne Uladh appeared first on NÓS.

Níos mó