Triall Uirlisí na Crannóige
Triall Uirlisí na Crannóige
@ An Chrannóg
Seachtain na Gaeilge with EnergiaFáilte roimh pháistí bunscoile triall a bhaint as réimse leathan uirlisí ceoil traidisiúnta atá sa Chrannóg, bosca ceoil, píob, cláirseach, consairtín, fidil, maindilín, fliúit 7rl.
Beidh an grúpa ‘An Crann Óg’ ag seinm & ag taispeáint na huirlisí do na páistí, faoi stiúir theagascóirí.
Deis iontach le suim a spreagadh sa cheol gaelach, le cuidiú ó dhéagóirí na Gaeltachta.
Beidh seisiún ceoil ina dhiaidh.