![](/wp-content/themes/yootheme/cache/b7/Leabharlann-SnaG-Slider-b721384f.png)
Ceiliúradh Idirchultúrtha
Ceiliúradh Idirchultúrtha
@ Ionad Naomh Pádraig
Seachtain na Gaeilge with EnergiaBeidh ócáid idir-chultúrtha ar siúl in Ionad Naomh Pádraig i gCathair Phort Láirge ar an Satharn 16 Márta óna 2.00-4.00i.n., áit a bheidh deis ag cainteoirí Gaeilge (agus iad siúd le cúpla focal) agus baill de phobail níos nuaí na cathrach teacht le chéile chun blaiseadh dá gcultúir faoi seach a roinnt.
Beidh baill de phobail Igbo, Afganastánach agus Ungárach na Cathrach i láthair agus beidh deis acu blaiseadh a fháil ar ghnéithe de chultúr na hÉireann, lena n-áirítear ceol, amhránaíocht agus rince na hÉireann, agus iad ag foghlaim “cúpla focal Gaeilge.”
Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid speisialta seo. Mar sin, má tá fonn ort do chúpla focal a labhairt i gcomhluadar il-chultúrtha, buail isteach go dtí Ionad Naomh Pádraig ar Shráid Phádraig ar an Satharn, 16 Márta aon am idir a dó agus a ceathar a chlog sa tráthnóna.