Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ‘24
Comórtas Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach ‘24
@ Amharclann GB Shaw
Competition Arts and EntertainmentTá an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua-Chumtha Pan Cheilteach 2024 fógartha agus beidh míle fáilte roimh rogha leathan iarratais.
Is comórtas é seo chun amhrán nua a aimsiú le bheith san iomaíocht ar son na hÉireann ag Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ‘24. Ní foláir na hamhráin a bheith as Gaeilge agus is gá na liricí maraon leis an gceol a bheith nua chumtha.
Cuireann an comórtas áirithe seo fáilte roimh gach stíl amhráin idir chinn traidisiúnta, pop, amhráin tíre, rac agus rap, snagcheol agus eile.
Ní foláir iarratais a bheith istigh faoi 5i.n. Dé hAoine, 5ú lá de Mhí Eanáir 2024.
Déanfar gearrliosta de na hiarratais agus beidh na hamhráin a roghnófar le canadh beo ag an gComórtas Náisiúnta a bheidh ar siúl Dé Sathairn, 27ú Eanair 2024 in Amharclann GB Shaw, Ceatharlach. Beidh painéal moltóirí ann chun na hamhráin a mheas ar fheabhas na bhfocal, an cheoil agus an cur i láthair.
Déanfaidh IMRO i gcomhar le Gael Linn urraíocht ar an gcomórtas náisiúnta.
Bronnfar duais €1,000 agus trófaí náisiúnta ar an amhrán a roghnóidh na moltóirí chomh maith le bheith mar iarratas na hÉireann ag an gcomórtas idirnáisiúnta a bheidh ar siúl le linn Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2024 a bheidh ar siúl ón 2ú go 6ú Aibreán i gCeatharlach an Cháisc seo chugainn. Is ansin a bheidh an t-amhrán in iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha ag na tíortha ceilteacha eile ina measc Alba, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, an Chorn agus an Bhriotáin.
Ní foláir iarratais a sheoladh go leictreonach chuig pancelticcarlow@gmail.com nó dlúthdhioscaí a chur sa phost chuig Comórtas Amhrán Pan Cheilteach, Glór Cheatharlach, Áras na nÓg, Éire Óg, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach R93 Y020 roimh 5ú Eanáir ’24.
Tá sonraí uile an chomórtais, rialacha agus foirmeacha iarratais ar fáil ar an suíomh gréasáin www.panceltic.ie faoi Comórtas Náisiúnta 2024. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach labhairt le Bríde nó Emma ar 087 2857048, 085 1340047 nó scríobh chuig pancelticcarlow@gmail.com.