Deiseanna le Gaeilge i bParlaimint na hEorpa – Seisiún Eolais
Deiseanna le Gaeilge i bParlaimint na hEorpa – Seisiún Eolais
Online Lecture / TalkBeidh seisiún eolais ar líne á reáchtáil ag Aonad na #Gaeilge, Parlaimint na hEorpa Déardaoin, an 27 Aibreán ar 12:00 p.m. (am na hÉireann) maidir leis na deiseanna atá againn leis an nGaeilge.
Labhróidh baill foirne mar gheall ar a dtaithí phearsanta i bParlaimint na hEorpa agus Lucsamburg, na róil éagsúla atá in Aonad na Gaeilge agus na deiseanna atá le teacht amach anseo.
Mar sin, má chuireann tú suim in obair mar aistritheoir, profléitheoir nó cúntóir nó más mian leat tabhairt faoi thréimhse oiliúna, ba mhór againn thú a bheith linn chun níos mó a fhoghlaim mar gheall ar an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa.
Is féidir freastal ar an seisiún eolais trí na naisc seo:
🔗 𝗟𝗶𝗻𝗸𝗲𝗱𝗜𝗻: https://loom.ly/p_Yfs_8
🔗 𝗬𝗼𝘂𝗧𝘂𝗯𝗲: https://loom.ly/RjSRdDA
🔗 𝗙𝗮𝗰𝗲𝗯𝗼𝗼𝗸: https://loom.ly/lZx2t2I
Fáilte roimh chách!