Fionn agus an Bradán Feasa
Fionn agus an Bradán Feasa
@ An Taibhdhearc
Arts and EntertainmentBígí linn do gheamaireacht na Nollag, Fionn agus an Bradán Feasa. Lá breá éigin deirtear go mbeidh Fionn Mac Cumhail ina cheannaire ar na Fianna. Ach caithfidh sé teacht slán ó naimhde a athar agus ón bhfile fiáin Fionnéigeas ar dtús! Tá sé fós ina bhuachaill beag agus tá go leor le foghlaim aige. Ar an dea-uair, tá cairde sa gcúirt aige - Bómall, an bandraoi is iontaí dar mhair riamh agus Liath Luachra an gaiscíoch is aclaí dar sheas ar fhód na hÉireann. Fiú más iad féin atá á rá! Laocha cróga, filí fíochmhara agus bradán an-, an-chliste go deo! Tar linn ar thuras draíochtúil go aimsir na bhFiann an Nollaig seo le Fíbín sa Taibhdhearc.
- Réamhléiriú ( Preview ) - Fionn agus an Bradán Feasa (7 Nollaig): Ticéidí anseo.
- Óiche Oscailte ( Opening Night ) - Fionn agus an Bradán Feasa (8 Nollaig): Ticéidí anseo.
- An Gheamaireacht - Fionn agus an Bradán Feasa (9-17 Nollaig): Ticéidí anseo.