Léachtaí Cholm Cille 2022: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge
Léachtaí Cholm Cille 2022: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge
@ Ollscoil Mhá Nuad
Lecture / TalkIs cúis mhór áthais do Roinn na Nua-Ghaeilge a fhógairt go mbeidh Léachtaí Cholm Cille 2022: Léann Feimineach agus Inscne na Gaeilge ar siúl 09-10 Meán Fómhair in Ollscoil Mhá Nuad. Beidh aoichainteoirí iontacha linn ó Éirinn, ón Eoraip, agus ó Albain, chomh maith le healaíontóirí cruthaitheacha den scoth a thabharfaidh freagraí trí mheán na healaíne féin ar cheisteanna móra na hinscne agus an fheimineachais.
Táimid ag súil le cuileachtain bhríomhar ag an gcomhdháil i mbliana agus ba bhreá linn sibh a bheith linn.
Aoichainteoirí: Daniela Theinová, Virginia Blankenhorn, Tríona Ní Shíocháin, Síle de Cléir, Deborah Hayden, Emma Nic Cárthaigh, Kevin Murray, Annie McLeod Hill, Michelle O Riordan, Máirín Nic Eoin, Stiofán Ó Briain, Seán Mac Risteáird, Lillis Ó Laoire, Caitlín Nic Íomhair, Máire Ní Annracháin
Ealaíontóirí: Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Síle Denvir, Nada Ní Chuirrín, Criostóir Ó Loingsigh, Sam Ó Fearraigh, Máire Ní Chéileachair, Tríona Ní Shíocháin, Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin.
Stiúrthóirí: Tríona Ní Shíocháin agus Máire Ní Annracháin
Maoinithe ag Foras na Gaeilge
Faigh clár na comhdhála anseo le do thoil, nó nua.ghaeilge@mu.ie nó triona.nishiochain@mu.ie .
Clárú ar líne anseo.
Tuilleadh eolais anseo.