Is Breá Liom Gaeilge
03/05/2024
Conradh na Gaeilge, 6 Harcourt Street, Dublin 2, Dublin
Gach Aoine, ag 20.30
Maidin Caifé Gaeilge Mhaigh Cuillinn
03/05/2024
Teach na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, H91 TN9E
Gach Aoine, ag 11:00
Ciorcal Comhrá Shligigh
03/05/2024
Caifé Osta, Caifé Osta, Radharc Chora na Garbhóige, Sráid Stiofáin, Sligeach
Beagnach gach Aoine, ag 16:30- 18:00 (Téigh i dteagmháil roimhe chun a bheith cinnte). Fáilte roimh gach leibhéil Gaeilge, ach más glan tosaitheoir thú, beidh sé dúshlánach go leor duit ar dtús: Uaireanta bíonn go leor gleo as comhrá eile, agus seans go mbeidh sé deacair gach focail a chloisteáil. Ar ndóigh, déanfaidh muid ár ndícheall cuidiú leat agus ná bí lag misneach má tá sá deacair duit ar dtús. Más féidir leat gan d'fhón póca a úsáid, beidh sin togh. Níl cead aon taifead a dhéanamh le d'fhón. Níl sé tábhachtach in aon chor, ach má tá tú saibhir...
Allagar na hAoine
03/05/2024
Tigh Áine, An Ghráig, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Gach Aoine, ag 11:30
Leabharlann Lárnach Dhoire
03/05/2024
Leabharlann Lárnach Dhoire, 35 Sráid an Fheabhail, Doire, BT48 6AL
Gach Aoine, ag 13:00- 15:00
Lón Gaeilge Learpholl
03/05/2024
The Railway, 18 Sráid Tithebarn, Learpholl, L2 2DT
An Chéad Aoine den mhí, ag 12:30 (Beidh sé ann i mí na Nollag ach beidh sos ann do mhí Eanáir)
Ciorcal Comhrá na Cathrach (ar líne)
03/05/2024
https://www.meetup.com/irish-language-meetup-ciorcal-comhra/events/290944513/
Ciorcal Comhrá Leabharlann na hUaimhe
03/05/2024
Leabharlann na hUaimhe, Sráid an Bhóthair Iarainn, An Uaimh, Co na Mí
Gach Aoine, ag 11:00
Ciorcal Comhrá Aonach Mhacha
03/05/2024
Aonach Mhacha, 74-76 Sráid na nGall, Ard Mhacha, BT61 7LG
Beidh Ciorcal Comhrá ar siúil gach Aoine ó 11r.n.-12i.n. i gCaifé Mhacha, Aonach Mhacha. Buailigí isteach le haghaidh cupán agus craic! Fáilte roimh chách!
Ciorcal Comhrá an Mhargaidh Bhainne
03/05/2024
Margadh an Bhainne, Luimneach, V94 TX29
Gach Aoine, ag 13:00- 14:00
Maidin Chaife Chois Fharraige
03/05/2024
Bláth Fiáin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, H91 WY0X
An chéad Aoine den mhí, ag 11:00
Ciorcal Comhrá Chnoc na Cathrach
03/05/2024
An tÓstán Clybaun, Bóthar an Chlaí Bháin, Cnoc na Cathrach, Gaillimh, H91 F62V
Gach Aoine, ag 10:00 (athrú ó gach dara Aoine)
Ciorcal Comhrá Dhoire Trasna
03/05/2024
Teach Pháirc Naomh Colm, 4 Bóthar Léim an Mhadaidh, Doire Trasna, Doire, BT47 6JY
Gach Aoine, ag 11:00- 12:30
Siúracha na Gealaí Caillte (IMRAM)
03/05/2024
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇, 216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste BT12 6AH
Ócáid dhraíochta ina samhlaítear comhrá fíleata idir an file radacach Diane di Prima agus Dairena Ní Chinnéide, le ceol nua chumtha ag Nick Roth, agus píosaí á gcasadh ag Olesya Zdorovetska, agus le híomhánna áille á dteilgeadh ag Margaret Lonergan. Guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá a bhí ag Diane di Prima, glór cumhachtach feimineach nuair ba iad na fir is mó a labhair ar son ghlúin na bhfilí Beat. Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici Revolutionary Letters (1971) a léiríonn samhlaíocht útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é,...
Údar faoi Agallamh (IMRAM)
03/05/2024
UCD Naughton Joyce Centre, MOLI, 86 Faiche Stiofáin, BÁC 2
Sraith gearrscannán le húdair faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin 7:30 i.n. Dé hAoine 3 Bealtaine i MOLI, UCD Naughton Joyce Centre, 86 Faiche Stiofáin, BÁC 2 Is í an file AILBHE NÍ GHEARBHUIGH, a bhfuil a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín, agus a bhfuil go leor duaiseanna bronnta uirthi, a bheidh faoi agallamh ar an oíche.
Seó ceoil “Dúchas agus Dóchas”
03/05/2024
Halla Colmáin, An Sean Phobal, Gaeltachta na nDéise, Port Láirge
Ar an 3ú lá Bealtaine beidh seó ceoil "Dúchas agus Dóchas" ag teacht chuig na nDéise! Cuireann Comhlucht Forbartha na nDéise fáilte chroíúil roimh ‘Dúchas agus Dóchas’ go dtí an Sean Phobal. Déanann Dúchas agus Dóchas ceiliúradh ní hamháin ar thraidisiún amhránaíochta saibhir Chontae an Chláir ach ar thionchar na nDéise ar an dtraidisiún sin agus é ag nochtadh an t-seana nasc treibhe, fola, teanga, ceoil agus cultúir a mhaireann idir an dá phobal síos go dtí an lá atá inniu ann. Beatha teanga í a labhairt beatha amhrán é a rá, snáth órga, ceolmhar, trí athbheochan amhránaíochta sa Chlár...
Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe
03/05/2024
Amharclann na Gaillimhe, Cearnóg Theach na Cúirce, Cathair na Gaillimhe, H91 H3C2
Tá Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe ar ais i mbliana! Seachtain spreagúil de léirithe amharclannaíochta, sorcais, seó agus scéalaíochta a chuireann cultúr agus cruthaitheacht bhríomhar Chathair na dTreabh i lár an aonaigh. Beidh roinnt imeachtaí an fhéile ar siúl sa Taibhdhearc. Breathnú ar suíomh idirlíon Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe le haigh tuilleadh eolais: galwaytheatrefestival.com
Pop Up Gaeltacht i gCoraintín
04/05/2024
Ar líne
Tá Pop Up Gaeltacht ar siúl againn gach Satharn ag 7pm (GMT). Tá fáilte roimh chách! Tá gach eolas anseo: https://www.facebook.com/popupgaeltachtlajolla
Caint & Comhrá – An Clár
04/05/2024
Insomnia, Ionad Siopadóireachta na hInse, Sráid Phroinsiais, Inis, Co. an Chláir, V95 X0C3
Gach Satharn, ag 11.00 Gach Céadaoin, ag 11:00- 12:00