Caint agus Comhrá Bhaile an Easpaig
02/05/2024
Leabharlann Bhaile an Easpaig, Baile an Easpaig, Wilton, Corcaigh, T12 RR84
Gach Déardaoin, ag 18:30( go dtí mí an Mheithimh)
Naomh Barróg Pop Up Gaeltacht
02/05/2024
Naomh Barróg, Paráid Chill Bharróg, Cill Bharróg Uachtarach, BÁC 5
Beidh Pop Up Gaeltacht Naomh Barróg 23 ar siúl sa bheár i Naomh Barróg ar an Déardaoin 7 Márta 2024. Ba bhreá linn sibh go léir a fheiceáil ann ó 8pm le haghaidh Seachtain na Gaeilge. Chomh maith le deis a fháil roinnt Gaeilge a chleachtadh beidh seans “deochanna a ordú as Gaeilge” agus platters “Gaeilge Abú” ó Wingman a ithe. (saor in aisce don chéad 20 daoine) Beidh lotto saor in aisce ann agus coinnle mar an duais. Tuilleadh eolais anseo.
Cleachtadh Cainte do fhoghlaimeoirí
02/05/2024
Leabharlann Thrá Lí, Tobar Mhaigh Dor,, Contae Chiarraí, Éire, V92 AD60
Pop Up Gaeltacht Chill Mhantáin
02/05/2024
Parkview Hotel, An Phríomhshráid, Baile an Chinnéidigh,Co Chill Mhantáin, A63 FX72
Pop Up Gaeltacht Cill Mhantáin
Tá an Pop Up Gaeltacht Cill Mhantáin ar ais tar éis rath iontach i mBré mí ó shin! Beidh an dara ceann ar siúl Déardaoin 2ú Bealtaine ón 19:30 san Óstán Parkview i mBaile an Chinnéidigh. Tá súil againn go bhfuil an beár lán le Gaeilge agus spraoi! Cuirfimid meabhrúchán ar na meáin shóisialta níos gaire don am an imeacht.Lón Gaeilge Learpholl
03/05/2024
The Railway, 18 Sráid Tithebarn, Learpholl, L2 2DT
An Chéad Aoine den mhí, ag 12:30 (Beidh sé ann i mí na Nollag ach beidh sos ann do mhí Eanáir)
Maidin Chaife Chois Fharraige
03/05/2024
Bláth Fiáin, An Spidéal, Co. na Gaillimhe, H91 WY0X
An chéad Aoine den mhí, ag 11:00
Siúracha na Gealaí Caillte (IMRAM)
03/05/2024
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇, 216 Bóthar na bhFal, Béal Feirste BT12 6AH
Ócáid dhraíochta ina samhlaítear comhrá fíleata idir an file radacach Diane di Prima agus Dairena Ní Chinnéide, le ceol nua chumtha ag Nick Roth, agus píosaí á gcasadh ag Olesya Zdorovetska, agus le híomhánna áille á dteilgeadh ag Margaret Lonergan. Guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá a bhí ag Diane di Prima, glór cumhachtach feimineach nuair ba iad na fir is mó a labhair ar son ghlúin na bhfilí Beat. Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici Revolutionary Letters (1971) a léiríonn samhlaíocht útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é,...
Údar faoi Agallamh (IMRAM)
03/05/2024
UCD Naughton Joyce Centre, MOLI, 86 Faiche Stiofáin, BÁC 2
Sraith gearrscannán le húdair faoi agallamh ag Cearbhall Ó Síocháin 7:30 i.n. Dé hAoine 3 Bealtaine i MOLI, UCD Naughton Joyce Centre, 86 Faiche Stiofáin, BÁC 2 Is í an file AILBHE NÍ GHEARBHUIGH, a bhfuil a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín, agus a bhfuil go leor duaiseanna bronnta uirthi, a bheidh faoi agallamh ar an oíche.
Seó ceoil “Dúchas agus Dóchas”
03/05/2024
Halla Colmáin, An Sean Phobal, Gaeltachta na nDéise, Port Láirge
Ar an 3ú lá Bealtaine beidh seó ceoil "Dúchas agus Dóchas" ag teacht chuig na nDéise! Cuireann Comhlucht Forbartha na nDéise fáilte chroíúil roimh ‘Dúchas agus Dóchas’ go dtí an Sean Phobal. Déanann Dúchas agus Dóchas ceiliúradh ní hamháin ar thraidisiún amhránaíochta saibhir Chontae an Chláir ach ar thionchar na nDéise ar an dtraidisiún sin agus é ag nochtadh an t-seana nasc treibhe, fola, teanga, ceoil agus cultúir a mhaireann idir an dá phobal síos go dtí an lá atá inniu ann. Beatha teanga í a labhairt beatha amhrán é a rá, snáth órga, ceolmhar, trí athbheochan amhránaíochta sa Chlár...
Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe
03/05/2024
Amharclann na Gaillimhe, Cearnóg Theach na Cúirce, Cathair na Gaillimhe, H91 H3C2
Tá Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe ar ais i mbliana! Seachtain spreagúil de léirithe amharclannaíochta, sorcais, seó agus scéalaíochta a chuireann cultúr agus cruthaitheacht bhríomhar Chathair na dTreabh i lár an aonaigh. Beidh roinnt imeachtaí an fhéile ar siúl sa Taibhdhearc. Breathnú ar suíomh idirlíon Féile Amharclannaíochta na Gaillimhe le haigh tuilleadh eolais: galwaytheatrefestival.com
Ciorcal Comhrá na Craoibhe Rua, Dún Geanainn
04/05/2024
Leabharlann Dhún Geanainn, Cearnóg an Mhargaidh, Dún Geanainn, BT70 1JD
An chéad Satharn den mhí, ag 11:00 Tuilleadh eolais: padaiphadaiphadai@btinternet.com
Ciorcal Comhrá Ráth Luirc
04/05/2024
Leabharlann Ráth Luirc, Ráth Luirc, Co. Chorcaí, P56 VA09
Gach dara Satharn, ag 15:30- 17:15 (an chéad dáta eile- 18 Samhain)
#parkrunabú! – Páirc Athair Uí Choleáin
04/05/2024
Páirc Athair Uí Choleáin, Bóthar Pholl an Bhalla, Baile Átha Cliath 13
Comh-thionscnamh is ea #parkrunabú! idir An tOireachtas & parkrun in Éirinn. Ócáid ghréasánaíochta atá ann do Ghaeilgeoirí, a bhfuil spéis acu a bheith ag siúil nó ag rith, aithne a chur ar Ghaeilgeoirí eile sa cheantar agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a chur chun cinn chomh maith le cairde nua a dhéanamh! Is cuma más lúthchleasaí thú nó más fearr leat siúlóidí sóisialta, cuirfear fáilte roimh chách ag an #parkrunabú!
Ceardlann LEGO trí Ghaeilge
04/05/2024
Coláiste Mhuire gan Smál, V94 VN26
Beidh an cheardlann LEGO trí Ghaeilge ag filleadh ar an 4 Bealtaine ó 11-12:30pm💚Beidh Comhluadar Luimnigh ag comhoibriú le @MICSTEMCrAFT, fáilte roimh chách! Tá an imeacht seo oiriúnach do leanaí atá 4-12 agus caithfidh maoirseacht caomhnóra a bheith acu don imeacht ar fad. Ticéid ag- https://buytickets.at/comhluadarluimnigh/1198679.
Gaeilgeoirí Philadelphia
05/05/2024
The Plough and the Stars, 123 Chestnut Street Entrance on 2nd St, Philadelphia, PA 19106, Stáit Aont
1ú & 3ú Domhnach den mhí ag a 3i.n. (Am Philadelphia)
Na Cnocadóirí – siúlóidí sléibhe agus dúlra
05/05/2024
Na Cnoic
Club cnocadóireachta agus siúl sléibhe trí mheán na Gaeilge. Eagraímid siúlóidí sléibhte i mBaile Átha Cliath agus i gCill Mhantáin, siúlóidí éasca um thráthnóna sa samhraidh, turais cnocadóireachta in Éirinn agus thar lear, agus imeachtaí sóisialta agus cultúrtha. * Siúlóidí Sléibhe- Gach dara Domhnach ón 21 Samhain ar aghaidh * Siúlóid sóisialta samhraidh gach Déardaoin ag 6:30pm go dtí deireadh Mhí Lúnasa Bíonn an t-eolas ar fad ar ár suíomh - www.cnocadoiri.com Féach an leathanach 'Eolas faoin gClub' chun fáil amach fúinn, agus tar amach ar cheann de na siúlóidí chun aithne a chur orainn.
Ciorcal Comhrá Ard Mhacha
05/05/2024
7 Sráid na Sasamach Íochtar, 7 Sráid na Sasamach Íochtar, Ard Mhacha BT61 7LJ
An chéad agus an tríú Domhnach den Mhí, ag 21:00-23:00
Siúlóid Bláthanna Fiáine as Gaeilge – Inis Meáin
05/05/2024
Inis Meáin, Oileán Árann, Inis Meáin
Bain lán do shúl as áilleacht Inis Meáin agus foghlaim faoin réimse leathan bláthanna fiáine a fhásann ann. Ar an tsiúlóid seo in éindí le hAedín Ní Thiarnaigh, gheobhaidh rannpháirtithe léargas siamsúil, bríomhar ar bhláthanna fiáine Inis Meáin. Tabharfar leideanna maidir le conas bláthanna éagsúla a aithint, pléifear an béaloideas a bhaineann leo agus roinnfear eolas maidir le húsáidí na bplandaí sa chócaireacht, sa leigheas agus sa cheardaíocht.