Siúracha na Gealaí Caillte (IMRAM)
Siúracha na Gealaí Caillte (IMRAM)
@ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 🥇
Arts and EntertainmentÓcáid dhraíochta ina samhlaítear comhrá fíleata idir an file radacach Diane di Prima agus Dairena Ní Chinnéide, le ceol nua chumtha ag Nick Roth, agus píosaí á gcasadh ag Olesya Zdorovetska, agus le híomhánna áille á dteilgeadh ag Margaret Lonergan.
Guth radacach i nuafhilíocht Mheiriceá a bhí ag Diane di Prima, glór cumhachtach feimineach nuair ba iad na fir is mó a labhair ar son ghlúin na bhfilí Beat. Lámhleabhar na hagóidíochta frithchultúrtha a bhí sa leabhar aici Revolutionary Letters (1971) a léiríonn samhlaíocht útóipeach agus aird á tarraingt aici ar an éiceolaíocht. Sa dán eipiciúil Loba, ar tour-de-force é, tarraingíonn sí ar go leor miotas chun spiorad an fhaolchú mar bhandia a chruthú le cantaireacht orthaí. 'Fuascailteach agus ar maos i bhfuil, dán do gach ré,' a thug Robert Hunter air, liriceoir Grateful Dead.
Organizer
IMRAMsinead@culturlann.ie7:30 pm Dé hAoine 3 BealtaineCultúrlann McAdam Ó Fiaich,
216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste
Ticéid £12.00 léiriú amháin
£30 léiriú agus béile dhá chúrsa i mBia Loch Lao