ÉIST LEIS AN ÉANLAITH (IMRAM)
ÉIST LEIS AN ÉANLAITH (IMRAM)
@ Triskel Arts Centre
Arts and EntertainmentLéiriú ilteangach ar shaothar an fhile Phalaistínigh Marwan Makhoul.
'Guth atá ionamsa,' a deir an file Marwan Makhoul faoina shaothar, 'a insíonn don phobal faoina bhféiniúlacht, agus a bhfuil déanta again chun an fhéiniúlacht sin a chaomhnú, mar Phalaistínigh, mar Arabaigh. Palaistíneach ab ea a athair agus Liobánach a mháthair. D'fhás sé suas in Beqeia agus é timpeallaithe ag na sléibhte, tírdhreach a fhaightear go rábach ina chuid filíochta. Palaistíneach é ina chónaí in Iosrael, baineann a chuid filíochta le himeallú na saoránach Arabach ann, agus le ceisteanna féiniúlachta pearsanta agus náisiúnta. Ní dóigh leis go bhfuil foirmeacha dochta próis is filíochta ann níos mó agus tarraingíonn a shaothar as gnáthchaint na ndaoine chomh maith le foirmeacha diamhra den teanga. Is geall le cantaireacht a bhíonn ar siúl aige agus é ag aithris a chuid filíochta, agus is minic amhránaithe agus ceoltóirí á thionlacan. I gcaitheamh an chogaidh in Gaza, 2023, bhain lucht agóide ina milliúin leas as dán leis ar fhallaí cathrach ar fud an domhain: ' chun go scríobhfainnse filíocht nach filíocht pholaitiúil í/ ní mór dom éisteacht leis an éanlaith/ agus chun an éanlaith a chlos / caithfidh na heitleáin chogaidh a bheith ina dtost'.
Beidh Marwan féin ag léamh as Araibis; leaganacha Béarla le Raphael Cohen; agus leaganacha Gaeilge le Eibhlís Carcione, Louis de Paor, agus Áine Uí Fhoghlú. Beidh Keith Payne sa chathaoir le haghaidh comhrá ar an aistriúchán liteartha.
Arna léiriú ag Liam Carson agus Annemarie Ní Churreáin.
World Book Fest Cork i gcomhar le IMRAM. Le tacaíocht ó Éigse Éireann.