Scléip na hÓige 2021
Scléip na hÓige 2021
OnlineImeacht do dhéagóirí (13-18 bl. d’aois) atá ag tarlú idir 15-21 Samhain.
Tá sé saor in aisce do dhaoine páirt a ghlacadh ann agus ní gá d’aon duine clárú. Beidh Scléip na hÓige le feiceáil beo ar Youtube agus Facebook Cumann na bhFiann le go leor duaiseanna le buachaint, idir Scútar Leictreach, Déantóir Grán Rósta, Ceamara Sony Cyber-Shot, Teilgeoir Baile le Scáileán, Síntiús Bliana Netflix & Spotify, agus Airpods! Beidh neart imeachtaí ar siúl le linn na seachtaine idir Ceardlanna Bhácála, Ealaíne, Raidió, Amhránaíochta, Ióga, Comórtas Grianghrafadóireachta, Tóraíocht Taisce ar líne, agus Tráth na gCeist mór beo ar ‘Kahoot’.
Tá gach eolas ar fáil ar www.óige.ie