Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
may-ag-caitheamh-cloch-in-aghaidh-cuain-agus-an-t-eiteach-tugtha-ag-an-dup-aris-di

May ag caitheamh cloch in aghaidh cuain agus an t-eiteach tugtha ag an DUP arís di

| Tuairisc.ie | ,

D’fhógair an DUP aréir nach mbeidís ag tacú leis an tríú hiarracht ag Theresa May an margadh Breatimeachta a aontaíodh leis an AE a chur tríd an bparlaimint in Westminster.

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine tráthnóna inné go raibh fúithi éirí as roimh an gcéad bhabhta idirbheartaíochta eile leis an AE faoin mBreatimeacht agus súil aici go gcabhróidh a fógra léi a margadh a chur thar abhainn faoi dheireadh.

Ach cúpla uair ina dhiaidh sin bhuail an DUP buille mór ar an tseift is déanaí ag May dóthain vótaí a mhealladh don mhargadh a aontaíodh leis an Aontas Eorpach.

Dúradh i ráiteas an pháirtí aontachtaigh nach mbeifí “ag tacú” le margadh May rud a spreag caint go mb’fhéidir go mbeidís sásta staonadh ó vótáil.

Ach rinne leascheannaire an pháirtí Nigel Dodds beag is fiú láithreach nach mór den chaint sin nuair a chuir sé tvuít amach ag dearbhú nach dtarlódh a leithéid.

The DUP do not abstain on the Union. https://t.co/l4oSPj75V2

— Nigel Dodds (@NigelDoddsDUP) March 27, 2019

Dúirt an DUP nach dtacóidís leis an margadh toisc gan aon athrú a bheith déanta ar an gcúlstop, an polasaí árachais a cuireadh sa mhargadh ar mhaithe le teorainn chrua in Éirinn a sheachaint. Ní ar leas shláine na Ríochta Aontaithe a bheadh an margadh dá bharr, a dúradar.

Idir an dá linn, dhiúltaigh feisirí parlaiminte in Westminster aréir do gach ceann de hocht gcinn de mholtaí faoi shocruithe eile mar mhalairt ar mhargadh imeachta Theresa May.

Vótaí táscacha a bhí i vótaí na hoíche aréir, is é sin vótaí a raibh sé i gceist go dtabharfaidís tásc nó tuairisc ar mhianta na bhfeisirí i dtaobh an Bhreatimeachta.

Is amhlaidh, áfach, gur chuir na vótaí leis an éiginnteacht faoi mhianta lucht Westminster nuair a diúltaíodh dóibh ar fad.

Bhí na vótaí ann toisc gur vótáil feisirí Dé Luain go nglacfaidís féin smacht inné ar chlár oibre na parlaiminte d’fhonn fuascailt a fháil ar sháinn an Bhreatimeacht trí theacht ar phlean a mbeadh tacaíocht thraspháirtí ann dó.

Is léir gur theip ar an iarracht sin.

Ar na socruithe éagsúla ar dhiúltaigh na feisirí dóibh, bhí go bhfanfaí sa mhargadh aonair agus san aontas custam, go mbeadh an dara reifreann ann faoin mBreatimeacht, go ndéanfaí Airteagal 50 a aisghairm agus an Breatimeacht a chur ar ceal.

Cheadaigh Theresa May saorvóta d’fheisirí na dTóraithe ach chuir ceannaire pháirtí an Lucht Oibre an fuip i bhfeidhm ar fheisirí an pháirtí sin i gcás vótaí áirithe, ina measc an vóta faoin dara reifreann, an vóta faoi aontas custam agus an vóta ar pholasaí Breatimeachta an Lucht Oibre.

Tá Theresa May meáite i gcónaí ar a plean féin a chur faoi bhráid na parlaiminte den tríú huair.

320 vóta a theastódh ó Theresa May in Westminster chun go nglacfaí lena margadh agus meastar go bhfuil sí gann 50 vóta nó mar sin go fóill. Cé go bhfuil sé i gceist anois ag cuid de na Breatimeachtóirí is diongbháilte ina páirtí féin, ina measc Boris Johnson agus Iain Duncan Smith, tacú léi, tá an chuma ar an scéal gur ag snámh in aghaidh easa atá May i gcónaí.

Tuairiscítear nár éirigh léi ach timpeall 20 duine ar fad ina páirtí féin a mhealladh ó champa na mBreatimeachtóirí is diongbháilte agus go bhfuil i gceist ag thart ar 30 duine eile acu vótáil ina coinne arís.

Fágann sin agus diúltú an DUP go mbeadh gá fós aici le cuid mhaith vótaí a mhealladh ó fheisirí Pháirtí an Lucht Oibre. Maidir le feisirí an Lucht Oibre agus feisirí neamhspleácha níor éirigh léi ach seachtar acu a mhealladh cheana. Anuas air sin, tá roinnt feisirí, seisear nó seachtar, ina páirtí féin a bhfuil an dara reifreann uathu agus nach mbeidh sásta vótáil do mhargadh ar bith dá réir. Tá thart ar dhosaen feisirí eile i bpáirtí May a bhfuil ráite go láidir acu nach bhfuil aon athrú intinne i ndán dóibh.

 Mura nglactar le margadh May cuirfear an Breatimeacht siar go dtí an 12 Aibreáin agus beidh ar an Ríocht Aontaithe plean eile a chur faoi bhráid an AE roimh an lá sin agus cinneadh a dhéanamh faoi pháirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha.

Níos mó
Nuacht – Tuairisc.ie | Tuairisc .ie