Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
taim-in-ann-labhairt-as-gaeilge-mcgregor

‘Táim in ann labhairt as Gaeilge’ – McGregor

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Tá an trodaí Éireannach, Conor McGregor, le feiceáil i bhfíseán atá á scaipeadh ar na meáin shóisialta agus é ag maíomh as a chumas labhartha sa nGaeilge. Tá an físeán le feiceáil ar an suíomh Streamable, agus ní léir faoi láthair cé a ghlac, ach tá an chosúlacht ar an scéal gur i gcathair Chicago atá sé ag labhairt.

Bhí McGregor i Meiriceá do Lá Fhéile Pádraig agus d’fhreastail sé ar imeachtaí in Boston agus in Chicago.

“Tá mé in ann labhairt as Gaeilge,” a fhreagraíonn sé do cheist nach gcloistear sa bhfíseán féin, sula bhfreagraíonn sé an cheist “cad is ainm duit?”.

“Conchúr Mac Griogair, that’s how you say ‘Conor’ in Irish, ‘Conchúr,” a dúirt sé.

Cloistear bean sa slua ag béiceach “buíochas le Dia” nuair a fhreagraíonn an trodaí an cheist.

Thug sé le fios freisin gurbh é an focal Gaeilge ‘croí’ a spreag an t-ainm a thug sé ar a iníon a rugadh níos túisce i mbliana – Croia.

“Croia means from the heart or of the heart. Croí as Gaeilge means heart. That is my heart, my little baby girl,” a dúirt sé.

An bhliain seo caite, chuir trodaí eile UFC olc ar McGregor nuair a dúirt sé gur aisteach leis go mbíonn an trodaí as Baile Átha Cliath ag déanamh gaisce as a chuid Éireannachais agus ‘gan an Ghaeilge ar a thoil aige’.

Mar a tuairiscíodh ar Tuairisc.ie mí Dheireadh Fómhair, dúirt Khabib Nurmagomedov:

“Ní labhraíonn sé siúd ach an t-aon teanga amháin agus bíonn sé ag rá ‘Ó, bíonn muide ag troid le hImpireacht Shasana’, ach cad a tharla do do theanga féin?

“Má tá grá agat do do thír, ní mór duit do theanga a labhairt. An amhlaidh nach bhfuil uait ach teacht i láthair agus a rá gur Éireannach tú agus an brat a thabhairt leat ach gan labhairt do theanga féin a bheith agat. Béarla a labhraíonn tú.”

In agallamh a thug an trodaí eile Éireannach, Tom Egan, do Tuairisc.ie i ndiaidh na heachtra, dúirt sé gur chóir do McGregor an deis a thapú an Ghaeilge a labhairt níos minice agus an teanga a chur i lár an aonaigh.

“Ní cheapaim nach mbeidh tacaíocht ag McGregor ó phobal na Gaeilge, faoi mar a dúirt Khabib. Tá mé cinnte, áfach, go bhfuil pobal na Gaeilge curtha ag smaoineamh aige. Cén fáth nach bhfuil níos mó Gaeilge á labhairt ag McGregor agus neart Gaeilge aige ó bhí sé i scoil lán-Ghaeilge? Nach bhfuil sé bródúil as a theanga féin? B’fhéidir gur cuma leis agus tá sé sin togha freisin. Ach cinnte chuirfeadh sé pobal Gaeilge ag smaoineamh,” a dúirt Egan le Tuairisc.ie.

Níos mó
NÓS | NÓS