Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-an-taoide-glas-tagtha-go-costa-chonamara-agus-comhairleoir-ag-comhaontas-glas-den-chead-uair

An taoide Glas tagtha go cósta Chonamara agus comhairleoir ag Comhaontas Glas den chéad uair

Den chéad uair riamh tá Comhairleoir Contae de chuid Chomhaontas Glas, tofa ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus an beart déanta ag Alastair McKinistry i gConamara Theas. As Baile Átha Cliath ó dhúchas do McKinistry a bhfuil cónaí air i mBaile an Chalaidh i Maigh Cuilinn le roinnt mhaith blianta. 

Cé go ndúirt roinnt daoine as Maigh Cuilinn linn nach raibh aon aithne fhorleathan air fiú an taobh sin tíre,  ina dhiaidh sin féin, bhain sé léim as polaiteoirí, tráchtairí agus iriseoirí ag bordáil ar uair an mheáin oíche aréir nuair a bhuaigh sé ceann de na cúig shuíochán i dtoghcheantar Chonamara Theas. 

Saineolaí aeráide é Alastair McKinistry in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh. 

De bhunadh chontae an Dúin é agus tháinig a mhuintir chun cónaithe i mBaile Átha Cliath sna 1940idí.  Scór bliain ó shin a tháinig sé chun cónaithe i Maigh Cuilinn. 

Is sampla é an bua a bhí ag Alastair McKinistry den bhorradh a bhí faoi Chomhaontas Glas i dtoghcháin na hAoine agus chroch sé vótaí leis go láidir sa gcuid den toghcheantar is gaire do chathair na Gaillimhe.  Ach ní taobh leis na vótaí sin a bhí sé; d’éirigh leis 90 vóta a fháil i mboscaí shráidbhaile na Ceathrún Rua agus 35 ceann a fuair sé i Ros a Mhíl comh maith le cúpla ceann anonn agus anall i gceantar na nOileán.  

Ar bhun polaitiúil, d’fhág bua McKinistry nár éirigh le Fianna Fáil an tríú suíochán a bhaint amach i gConamara Theas mar a bhí tuartha go láidir dóibh. Mar a tharla cúig bliana ó shin ba é Máirtín Ó Laoí a bhí fágtha ar an trá fholamh ar deireadh agus é sa séú háit i dtoghcheantar ina bhfuil cúig hsuíochán.  Sa mbád céanna a bhí sé i dtoghchán 2014  – an t-iarrthóir ba mhó vótaí i measc an dreama a chaill i gConamara.

Ba Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, Fine Gael, ba thúisce a thug suíochán leis i gConamara Theas. Tháinig sé isteach ar an tríú comhaireamh agus 1,535 vóta aige, rud a d’fhág ós cionn an cuóta.  Ag Noel Thomas, Fianna Fáil, as Maigh Cuiinn a bhí an dara suíochán tar éis dó scuabadh faoi agus thairis ina cheantar féin.  21 ós cionn an chuóta a bhí seisean. 

Toghadh McKinistry, Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, as Cois Fharraige agus Tomás Ó Curraoin, Sinn Féin Poblachtach, as Bearna gan an cuóta a bhaint amach agus thart ar 1400 vóta acu triúr.

Ba é an roinnt a rinneadh ar vótaí Ann Flaherty (Fine Gael) a raibh 992 vóta aice a chuir an ghaoth faoi sheolta fear Chomhaontas Glas i ndeireadh na cúise.  Fuair Alastair McKinistry 220 acu sin agus fuair Noel Thomas, Fianna Fáil, 188 vóta.  Bhí lorg na tíreolaíochta ar an aistriúchán seo mar gur i gceantar Mhaigh Cuilinn is mo a bhí vótaí ag Ann Flaherty.  Fuair Tomás Ó Curraoin 128 de na haistriúcháin sin agus thug sin é slán ón mbrú a bhí air níos túisce sa lá.   84 a fuair Dáithí Ó Cualáin, Fianna Fáil, agus ghlan sé amach 1400. Ní mba leor an 83 a fuair Máirtín Ó Laoí, Fianna Fáil, an t-aon duine eile a bhí fanta san iomaíocht. 

Níos túisce inné, toghadh an neamhspleách Thomas Welby, Eileen Mannion, Fine Gael, Gerry King, Fianna Fáil, agus Séamas Breathnach, Fianna Fáil, i dtoghcheantar Chonamara Thuaidh.  Ní raibh aon amhras ó osclaíodh na chéad bhoscaí ach gur mar sin a bheadh an toradh.  Chuaigh Welby, a bhí ar an gcéad iarrthóir a toghadh sna toghcháin áitiúla go léir, breis agus 600 os cionn an chuóta agus thug a fharasbarr taca láidir do Shéamas Breathnach, arb as Uachtar Ard dó chomh maith. 

Ach, ba dhíol suntais é go raibh 300 sa mbreis ag Gerry King, Fianna Fáil, ar an mBreathnach ar an gcéad chomhaireamh.  Ba é seo an chéad uair ag fear Bhaile Conaola a bheith san iomaíocht i dtoghchán. 

Chaill Thomas Healy, Sinn Féin, a shuíochán agus níor éirigh leis an iarchomhairleoir contae, Josie Conneely, a bhí ina iarrthóir neamhspleách an geábh seo, a theacht sách gar do Shéamas Breathnach le haon bhrú a chur ar Fhianna Fáil. 

Fágann na torthaí as toghcheantair Chonamara Theas agus Chonamara Thuaidh inné go bhfuil suíochán breise comhairle contae ag Fianna Fáil in iarthar na Gaillimhe anois.  Tarlaíonn sé arís go bhfuil cúig cinn de na suíocháin i gciorcal tíreolaíochta chathair na Gaillimhe – Welby, Walsh, McKinistry, Thomas (Uachtar Ard agus Maigh Cuilinn) agus Tomás Ó Curraoin i mBearna. 

Beirt chomhairleoirí contae atá ina gcónaí in iarthar Chonamara – Gerry King agus Eileen Mannion (ceantar an Chlocháin agus Bhaile Conaola).   Níl cónaí ar chomhairleoir ar bith í réimse mór den cheantar Gaeltachta láidir i gConamara.  

Níos mó