Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘deirtear-liom-nuair-a-labhraim-gaeilge-go-bhfuil-me-hostile-agus-disruptive’

‘Deirtear liom nuair a labhraím Gaeilge go bhfuil mé hostile agus disruptive’

| Tuairisc.ie |

Níl seirbhís aistriúcháin ar bith ar fáil i bhformhór na gcomhairlí contae ina bhfuil ceantair Ghaeltachta iontu.

Is iad Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Contae Dhún na nGall an t-aon dá chomhairle a chuireann aon tseirbhís ateangaireachta ar fáil agus ag lánchruinnithe míosúla na gcomhairlí amháin a chuirtear an tseirbhís sin ar fáil. 

Dúirt urlabhraí ó Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus urlabhraí ó Chomhairle Contae Chorcaí, nach raibh seirbhís ateangaireachta i bhfeidhm acu do chruinnithe na gcomhairleoirí agus nár lorgaíodh a leithéid de sheirbhís ateangaireachta  riamh ag aon chruinniú de chuid na gcomhairlí. 

Ní hamhlaidh an scéal i gcás Chomhairle Chontae Dhún na nGall mar a bhfuil éileamh leanúnach ar sheirbhís iomlán ateangaireachta á dhéanamh le roinnt blianta anuas ag an gcomhairleoir neamhspleách Michéal Cholm Mac Giolla Easbuig.

Dúirt Mac Giolla Easbuig go raibh an chomhairle contae “ag diúltú glan” seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil agus dúirt sé nach raibh tacaíocht na bpáirtithe sa chomhairle aige dá éileamh. 

I dtoghcheantar na nGleanntach, tá ceathrar ón seisear a toghadh ar an chomhairle ina gcainteoirí Gaeilge; Anthony Molloy (FF), Noreen McGarvey (FF), John Shéamuis Ó Fearraigh (SF) agus Mícheál Cholm Mac Giolla Easbuig. 

“Gan seirbhís aistriúchán níl mé ábalta freastal mar is ceart a dhéanamh ar mo cheantarsa. Níl mise a’ dhul a bheith sásta, agus ní bheidh mé ag tabhairt suas ach oiread, go mbeidh seirbhísí aistriúcháin ag na cruinnithe uilig go léir. Go dtí sin i nGaeilge a bheidh mé ag labhairt ag cruinnithe de chuid na comhairle contae. 

“Ar an drochuair, ní thugann na páirtithe tacaíocht den seasamh a thógaim i dtaobh na Gaeilge. Dúradh liom go minic go raibh mé hostile agus disruptive agus go raibh mé ag déanamh dochair don teanga siocair mé a bheith ag labhairt na Gaeilge ag cruinnithe. Seo mo chuidse ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a shábháil. An rud atá na páirtithe agus na comhairleoirí neamhspleácha, atá ag déanamh magadh fúm le cúig bliana, a rá ná nach bhfuil an Ghaeilge maith go leor le gnóthaí tábhachtacha a dhéanamh.” 

Ní i nDún na nGall amháin atá ceist faoi sheirbhísí ateangaireachta ag cothú conspóide.

Tá ráite ag comhairleoir contae nuathofa i gCorca Dhuibhne atá sáinnithe cheana féin i raic faoi chúrsaí ateangaireachta go bhfuil dualgas ar pholaiteoirí Gaeilge a labhairt ag cruinnithe Comhairle.

I nGaeilge amháin a bhí an chéad óráid a thug an Comhairleoir Duibhneach Breandán Fitzgerald i gComhairle Contae Chiarraí an mhí seo caite, ach níl aon chóras ateangaireachta ag an gcomhairle chun a leithéid a aistriú.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt an Comhairleoir de chuid Fhianna Fáil gur cheart go mbeadh “córas aistriúcháin ag feidhmiú i ngach oifig stáit in Éirinn agus mura bhfuil tá fadhb ann”.

Dúirt Fitzgerald, a toghadh mar chathaoirleach ag an chruinniú is déanaí de chuid Chomhairle Contae Chiarraí agus a thug uaidh píosa dá chéad óráid i nGaeilge, gur cheart go mbeadh córas aistriúcháin i bhfeidhm ag an chruinniú.

“Bhíos an-shásta go raibh mé ábalta óráid bheag a thabhairt as Gaeilge. Níor cheapas go raibh aon fhadhb ag na comhairleoirí a bhí i láthair. Bhí fadhb ag an gcomhairle féin, mar nach raibh córas aistriúcháin acu.

“Is é an rud is tábhachtaí ná go gcuirfear tús leis na cruinnithe in am agus go mbeidh na comhairleoirí in ann na rúin a phlé. Ní cheart go mbeadh aon duine ag tabhairt amach faoi aon chomhairleoir a labhraíonn in aon teanga ar mian leo. Gan dabht, tá sé tábhachtach do dhaoine ón nGaeltacht go mbeadh Gaeilge le cloisteáil sa chomhairle.”

Dúirt sé gur thug sé “geallúint do mhuintir na Gaeltachta” go mbeadh Gaeilge á labhairt aige nuair a bheadh deis aige.

“Beidh siad ag súil go ndéanfainn amhlaidh ag gach cruinniú de chuid na comhairle,” a dúirt Mac Gearailt.

Dúirt sé go raibh dualgas ar pholaiteoirí an Ghaeilge a labhairt.

“Níl Gaeilge iontach agam ach déanaim mo dhícheall í a labhairt, go háirithe agus mé sa Chomhairle Contae,” arsa an comhairleoir contae nuathofa as an Daingean.

Dúirt Fitzgerald mura bhfuil an Ghaeilge ar a thoil agat agus tú i do chomhairleoir gur fiú “an cúpla focal féin” a úsáid.

Dúirt sé gur cheist í do na comhairleoirí eile iarracht a dhéanamh tuilleadh Gaeilge a labhairt sa chomhairle agus go mbeadh ar dhaoine fanacht go dtí an chéad chruinniú eile le fáil amach an mbeidh sé mar nós aige Gaeilge a labhairt ag cruinnithe eile de chuid Chomhairle Contae Chiarraí.

Níos mó