Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-stair-agus-scealaiocht-na-mara-curtha-in-oiriuint-do-‘landlubbers’

Stair agus scéalaíocht na mara curtha in oiriúint do ‘landlubbers’

“For just one time, I would take the Northwest Passage, 

To find the hand of Franklin reaching for the Beaufort Sea…”

Agus mé ag tarraingt an leabhar is deireanaí ó lámh Michael Palin, Erebus: The Story of a Ship, anuas ón tseilf bhí liricí príomhamhránaí folk Cheanada, Stan Rogers ag snámh trí m’intinn. 

Duine ar spéis leis Eachtraíocht na Mol, beidh ainm an tSeachaimiréil John Franklin ar eolas aige. D’imigh ‘An Fear a d’Ith a Bhuataisí’, agus a raibh de chriú ar bord Erebus, de chlár an domhain gan tásc ná tuairisc 170 bliain ó shin. 

Tá spéis nach beag agam féin sa taiscéalaíocht a bhí ar bun ag na Sasanaigh, na hIoruaigh, agus na Francaigh ag barr agus bun an domhain, agus eolas maith agam ar na pearsanra mór le rá — Franklin ina measc. 

Ba dheas, mar sin, aithne a chur trí an leabhar seo ar cheann de na pearsanra is tábhachtaí ní hamháin i scéal Franklin agus a chriú míchinniúnach ach i scéal James Clark Ross, duine de na taiscéalaithe is mó riamh i stair na Mol — an long í féin, Erebus. 

Ghlac Palin cur chuige ar leith chuige féin agus an leabhar seo á scríobh aige, agus cur síos chomh cúramach céanna déanta aige ar thréithe na loinge agus atá déanta aige ar thréithe na bhfear a stiúir ó dheas agus ó thuaidh í. Is í Erebus féin réalta an leabhair agus fágtar an léitheoir chomh croíbhriste céanna faoi dhán na loinge agus a fhágtar faoi dhán na bhfear a d’éag sa Tuaisceart Mór Bán. 

Tá Palin 76 bliain d’aois, 15 bliain níos sine ná mar a bhí Franklin nuair a bhásaigh sé, agus go leor eachtraíochta dá chuid féin déanta aige. Is iomaí leabhar agus clár teilifíse atá curtha amach aige faoi na heachtraí sin (From Pole to Pole ina measc), ach seo an chéad leabhar neamhfhicsin, nó staire, óna pheann. Tá an cúram nua déanta go maith ag Palin agus an claonadh a bheadh i go leor daoine dá leithéid scéal a chuid eachtraíochta féin a chur chun cinn seachanta aige. 

Tá inseacht bhreá éasca sa leabhar ar shaol an bháid, ón uair a tógadh sa mBreatain í, a turais ar an Meánmhuir i seirbhís an Chabhlaigh Ríoga, a aistear glórmhar faoi stiúir Ross ó dheas, agus a briseadh agus bá i bhfarraigí reoite an tuaiscirt.  

Is minic an téarmaíocht ina bac i leabhair staire faoi chúrsaí mara. Tá a teanga féin ag an bhfarraige agus bíonn sí deacair a thuiscint, scaití, agus stair na taiscéalaíochta á ríomh ag údair áirithe. Ina chuid focal féin, is landlubber é Palin agus tá an stair agus an scéalaíocht curtha in oiriúint aige dá chomhlandlubbers. 

Tá a chuid taighde déanta ag an údar agus an t-eolas curtha i láthair aige ar bhealach deas taitneamhach. Má tá locht ar bith ar an leabhar is é gur scríobhadh róluath í, seans. Thángthas ar Erebus agus a deirfiúr Terror in 2014 agus 2016 faoi seach. Tá an chéad chaibidil eile i stair na long, agus níos tábhachtaí fós i scéal John Franklin, ar tí a scríofa ach seans go músclóidh an leabhar seo spéis sa dá rud arís. 

Níos mó