Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Benefits of All-Irish Education
Support, Services & Facilities
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Sloinne
5 Tips
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
  • Home
  • National
  • Súnás Shalómae agus fleá damhsa sa Taibhdhearc
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sunas-shalomae-agus-flea-damhsa-sa-taibhdhearc

Súnás Shalómae agus fleá damhsa sa Taibhdhearc

Is beag duine sa tír nach bhfuil scéal iontach na hógmhná Salomé ar eolas acu, bíodh sin ón mBíobla, ó ghearrscéal Shean-Phádraic Uí Chonaire, ‘Teatrarc na Gaililí’, ó Oscar Wilde nó fiú ó cheol Strauss.

An comhlacht damhsa Ériú agus Amharclann na Taibhdheirce atá ag cur an chluanaí inár láthair sa Taibhdhearc an turas seo agus leagan Gaeilge scríofa ag Eoghan Mac Giolla Bhríde atá bunaithe ar dhráma Oscar Wilde, a scríobh sé in 1891 i bhFraincis.

Ní hé amháin gurb é an damhsóir Breandán de Gallaí Héaróid sa seó, is é an cóireagrafaí agus an comhstiúrthóir é chomh maith agus Sarah Fennell ina Salómae théisiúil ag gabháil idir é agus a chúraimí agus a shuaimhneas.

Deichniúr damhsóirí atá ar stáitse agus is í do shúil seachas do chluas is géire a theastaíonn uait mar ní haon ‘riverdance’, seanváls ná fíbín atá againn anseo ach lúbarnáil mheallacach, searradh sliodarnach agus stáidiúlacht sciamhach le hainmhianta na collaíochta a dhúiseacht i bhfear céile cumhachtach Héaróidias, máthair Shalómae. Amhail seanasal a bheadh spalptha leis an tart cois claí, tá Héaróid spalptha leis an dúil atá aige ina neacht agus a leas-iníon, dúil nach féidir leis a cheilt orainne ná ar shúil nimhe a mhná céile.

Insíonn na damhsóirí an scéal dúinn leis na rithimí éagsúla – cosa ar chlár, gluaiseachtaí tomhaiste, tarraingt na gcos nocht nó fiú struipeáil ar stáitse – agus ní gá focail. Idir an ceol agus na gluaiseachtaí sin bhuail sórt meadhrán mé féin, ní áirím an seanbhuachaill.

Cé nach mór é, tá focail fhileata sa léiriú agus athrá go leor, agus tá canúint cheolmhar Uladh ag an damhsóirí go léir, rud nach iontach is dóigh agus scríbhneoir agus stiúrthóir as na bólaí sin. Ón áit a raibh mise i mo shuí ag cúl na hamharclainne, chuaigh cuid den chaint chéanna ar strae orm agus mé ag brath ar na fotheidil os ár gcionn – is léir go raibh fabht éigin ar an gcóras fuaime nó ar an seachadadh. Is mór an mhaith gur tábhachtaí an fhís ná an friotal sa léiriú agus go raibh dráma Wilde feicthe agam cheana.

Aon duine a léigh leagan Uí Chonaire den scéal seo, díol suntais í Salómae seo Wilde, atá gan aon mheabhair i ndiaidh colainn álainn Ióchánáin, a bhéal caordherg agus a dhá shúil dhorcha agus colg uirthi gur dhiúltaigh sé í agus nach ligfeadh di é a phógadh. A éileacht air, baineadh an cloigeann de agus is féidir le Salómae seo í féin a shásamh lena bhéal milis agus í á húnfairt féin i bhfleá súnáis agus cead a cinn aici anois a rogha rud a dhéanamh lena chloigeann. Bean óg í seo atá go maith in ann a cuid a chur in iúl agus a fháil, a thuigeann a colainn féin agus atá beag beann ar mháthair ná gnás ná fear na hadhairce. Ní bhactar le céasadh intinne Héaróid anseo, an céasadh ina ghabhal is mó atá ag cur as dó.

Bhain mé an-sásamh go deo as an damhsa agus as teaspach is teallaireacht Shalómae Wilde/Mhic Ghiolla Bhríde d’ainneoin mo chuid cantail o leis an bhfuaim san amharclann.

An múisiam is mó a cuireadh orm níor bhain sé leis na rinceoirí breátha beag ná mór ach leis an dá ghiolla treoraithe faoi T-léinte na féile ealaíon nach raibh de chúirtéis ná d’fhios a ngnó acu Gaeilge a labhairt le haoi san amharclann náisiúnta. Is léir nach ealaín í Gaeilge na gcosa lofa.

Níos mó

Máire Ní Fhinneadha

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge