Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Lead organisations
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-ar-chul-an-albaim

Ar Chúl an Albaim

| NÓS Suíomh Gréasáin |

Uncovered is teideal don albam is déanaí le Zamilska, léiritheoir ceoil leictreonaigh as an bPolainn a bhfuil cúlra sa cheol trom-mhiotalach agus ceol na gcluichí ríomhaire aici. 

Chuir Zamilska spéis sa cheol leictreonach ar dtús is í 13 bliain d’aois, tar éis di rian a chur le chéile ar an mbogearra Audacity tógtha as giotaí de a capella d’amhrán de chuid Dead Can Dance. Tamall beag de bhlianta ina dhiaidh sin dhíol sí a giotár ar mhaithe le ticéad go ceolchoirm de chuid Björk a cheannach, agus faoin am go raibh sí 15 bliain d’aois bhí beartaithe aici díriú ar cheol leictreonach amháin.

In oiriúint do spiorad imníoch na linne sin, cumasc trom, tionsclaíoch atá i gceol Zamilska de cic-dhrumaí móra, sint-ghlóranna seabhránacha agus fonnadóireacht theibí, mhachnamhach.

Albam é Uncovered faoi aiséirí, agus an beart pearsanta a bhíonn i gceist le deacrachtaí an tsaoil a shárú. “Albam é faoi bheith ar foluain san aer, ní faoi thitim go talamh,” a deir Zamilska. Más fianaise an moladh atá faighte ag ceol na mná óige ó leithéidí Iggy Pop agus Nine Inch Nails tá ag éirí le Zamilska sa mhéid sin.

Seo mar a chuir Zamilska síos do ‘Ar Chúl an Albaim’ faoi na seacht bport is mó a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus Uncovered á chumadh agus á thaifeadadh aici.

Massive Attack – Angel

Is é ‘Mezzanine’ an t-albam is tábhachtaí i mo shaol, gan aon amhras. Ón uair a bhí mé i mo pháiste tá ceol Massive Attack do mo spreagadh. Is iad is giorra dem’ chroí. Dá ndúiseofá i lár na hoíche mé agus dá bhfiafrófaí díom cén t-albam is ansa liom déarfainn ‘Mezzanine’. I gcónaí.

 James Holden – ‘Each Moment Like The First’

Nuair a chríochnaíos ‘Back’, ceann de rianta an albaim, rith an smaoineamh seo liom agus mé ag éisteacht leis: “b’fhéidir go dtaitneodh an t-amhrán seo le James Holden?!” Is breá liom James Holden. Máistir na sintéiseoirí é, dar liom. Tá cumas aige mothúcháin éagsúla a thabhairt le chéile in aon fhuaim chumhachtach amháin. Tá sé dochreidte.

Andy Stott – ‘Violence’

Déanaim iarracht gan a bheith ag éisteacht le ceol faid is a bhfuilim ag obair ar albam dem’ chuid féin, ach caithfidh go raibh ceol Andy Stott neadaithe in íochtar m’intinne. Thugas an méid sin faoi ndeara agus ‘Hollow’, port ón albam nua, á chasadh beo agam. Tamall beag de bhlianta ó shin bhíos thar a bheith tógtha leis an tslí a dhéanann Stott comhbhrú ar fhuaimeanna. Tá an tslí a dhéanaim féin comhbhrú ar fhuaimeanna tar éis athrú ó shin ach maireann mo ghrá do Andy.

Emptyset – ‘Dissolve’

Lá breá éigin ba mhaith liom torann agus dord den gcineál a bhíonn ag Emptyset a chruthú. Tá bealach fada romham, ach tá mo dhúthracht á déanamh agam an sprioc sin a bhaint amach. Tá súil agam go n-éireoidh liom sula gcailltear mé.

M.I.A. – ‘Bad Girls’

Cé nach bhfuil mórán d’fhuaim M.I.A. le clos ar Uncovered tá sí ar an liosta seo agam toisc gur thug sí misneach dom. Cúig nó sé bliana ó shin, agus mé ag iarraidh teacht ar mo bhealach féin sa cheol, bhíodh daoine ag rá liom “ba cheart duit díriú ar rud amháin, ní féidir leat stíleanna éagsúla a mheascadh le chéile.” Ach theastaigh uaim na stíleanna ar fad a mheallann mé a chur le chéile chun fuaim ar leith a chruthú a bhaineann liom féin amháin. Ansin thugas m’aghaidh ar cheolchoirm de chuid M.I.A., agus ar bhealach éigin tháinig athrú ar mo shaol dá bharr. Chuireas muinín ionam féin, agus thuig mé nach féidir gach duine a shásamh – mura dtaitníonn sé le duine, is cuma sa tsioc. Níl faic níos fearr ná saoirse a thabhairt duit féin ceol a chruthú de réir do mhéine.

Nine Inch Nails – ‘The Four Of Us Are Dying’

Uaireanta deireann daoine go n-airítear cosúlachtaí idir ceol Nine Inch Nails agus m’albaim féin. Is onóir liom é sin a chlos. Ceann de na grúpaí is tábhachtaí ó laethanta m’óige é Nine Inch Nails. Táim faoi gheasa ar fad ag fuaim an ghrúpa. 

The Knife – ‘Raging Lung’

Sa bhreis ar dhorchadas agus dord tá mothúcháin an bhróin agus na trua le clos ar Uncovered. Tá an-chuid guthaíochta aistí, cosmaí ann chomh maith. Níos tábhachtaí ná sin, is albam coincheapúil é. Mo ghrá mór don ngrúpa The Knife faoi ndeara sin ar fad. Tá an-mheas agam ar an ngrúpa ó bhí mé i mo chailín óg. Tá géarghá le haiteachas sa saol seo.


Éist le seinnliosta Spotify Zamilska anseo.


Uncovered le Zamilska le fáil anois ar cheirníní Untuned

Níos mó