Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘tionol-aeraide-na-nog’-rte-agus-thithe-an-oireachtais-a-fhogairt-i-mbearla-amhain,-ach-‘failte’-roimh-ghaeilgeoiri

‘Tionól Aeráide na nÓg’ RTÉ agus Thithe an Oireachtais á fhógairt i mBéarla amháin, ach ‘fáilte’ roimh Ghaeilgeoirí

| Tuairisc.ie | ,

Tá tugtha le fios ag Tithe an Oireachtais do Tuairisc.ie go mbeidh fáilte roimh dhaoine óga le Gaeilge a bheith páirteach i dtionscnamh nua faoin athrú aeráide, cé gur i mBéarla amháin atá an t-eolas agus na foirmeacha iarratais curtha ar fáil.

RTÉ, i gcomhar le Tithe an Oireachtais, atá i mbun ‘Tionól Aeráide na nÓg’, ócáid náisiúnta a thabharfaidh deis d’aos óg na tíre géarchéim na haeráide agus na timpeallachta a phlé.

Mar chuid de chomóradh céad bliain na Dála roghnófar 157 duine óg, an líon céanna Teachtaí Dála atá sa Dáil, le bheith páirteach i gcomhthionól aon lae i dTeach Laighean.

Tiocfaidh na daoine óga le chéile i nDáil Éireann ar an 15 Samhain

don tionól aeráide, an chéad imeacht dá leithéid a eagraíodh sa tír agus craolfar an díospóireacht ar RTÉ News Now agus ar Oireachtas TV.

Tá iarratais á lorg ag RTÉ faoi láthair ó dhaoine óga ar mian leo a bheith páirteach sa tionól aeráide ach is i mBéarla amháin atá an t-eolas ar fad

curtha ar fáil ar shuíomh gréasáin na heagraíochta agus is i mBéarla amháin atá na foirmeacha iarratais ar an suíomh sin freisin.

“If you have a real interest in climate issues and you’d like to be part of this important event, fill out the Application Form, and tell us why you want to have your say,” a deirtear ar leathanach an tionóil ar shuíomh RTÉ.

Agus an tionól á fhógairt, dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes:

“Is mór an paisean atá léirithe ag aos óg na tíre faoi ghéarchéim na haeráide, agus iad tiomanta de réiteach a fháil agus tá muid ag éisteacht leo.

“Ba mhaith linn a chur ar a gcumas a gcuid glórtha a ardú, níos airde fiú, agus rochtain níos fearr a thabhairt dóibh ar a gcraoltóir seirbhíse poiblí atá ag obair i gcomhpháirt le Tithe an Oireachtais chun an tionól aeráide seo a reáchtáil don óige, tionól faoi ábhar atá an-tábhachtach dúinn ar fad.”

Is é an Ceann Comhairle Seán Ó Fearghaíl, a bheas i bhfeighil ar imeachtaí an lae sa Dáil.

Mar fhreagra ar cheisteanna a chuir Tuairisc.ie chuig Oifig an Cheann Comhairle maidir leis an eolas faoin ócáid a bheith á scaipeadh i mBéarla amháin, dúirt urlabhraí thar ceann Thithe an Oireachtais go raibh “áthas” orthu a rá “nach i mBéarla amháin a bheidh an ócáid”.

Tugadh le fios chomh maith go raibh “eolas seolta ag RTE chuig gach scoil sa tír” agus gur cuireadh “scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna” ar an eolas faoin imeacht.

Ní dúradh, áfach, cé acu an i mBéarla nó i nGaeilge a scaipeadh an t-eolas ar na scoileanna a mhúineann trí Gaeilge.

Mar sin féin, dúradh le Tuairisc.ie go raibh Tithe an Oireachtais “ag tnúth le go leor iarratas i nGaeilge” agus go raibh siad ag súil go n-éireoidh “le cuid mhaith” daoine le Gaeilge áit a fháil don Tionól i dTeach Laighean.

Níl aon fhreagra tugtha fós ag RTÉ ar cheisteanna a chuir Tuairisc.ie ar an chraoltóir náisiúnta faoin ábhar seo.

Tá an tionól oscailte do dhaoine óga idir 10-17 atá ina gcónaí go dleathach sa stát.

Níos mó