Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Cadhan.com – Lárionad uirlisí teicneolaíochta na Gaeilge ar líne

| PEIG |

document.write(‘ ‘);

Cadhan Aonair ar an bhfód ó 2008 agus is ollmhór an tionchar a bhí agus a bhíonn acu ar theanga na Gaeilge ar an idirlíon. Comhlacht de chuid Kevin Scannell atá ann ‘a sholáthraíonn seirbhísí teicneolaíochta do phobal na Gaeilge ar fud an domhain. An bunchuspóir atá ag Cadhan Aonair ná saol ríomhaireachta go hiomlán trí mheán na Gaeilge a éascú.’ Féach thíos ar na huirlisí is fearr agus is spéisiúla dar linn atá cruthaithe ag Cadhan Aonair don Ghaeilge agus dá cuid cainteoirí.

Teasáras – aimsigh focail Ghaeilge ar comhchiall lena chéile

Is acmhainn ar líne í an Teasáras atá iontach úsáideach d’fhoghlaimeoirí. Más sa tóir ar fhocal a bhfuil an chiall chéanna aige le focal eile is é an teasáras an uirlis duit. Buíochas le Cadhan.com tá teasáras Gaeilge ina iomláine ar fáil mar chomhad PDF atá saor le húsáid ar líne. Is féidir breathnú air nó é a íoslódáil anseo.

Ní gá ach focal nó frása a chur isteach sa bhosca cuardaigh (brúigh ctrl+f) agus tiocfaidh tú ar an iontráil leis an bhfocal sin. Tugann an teasáras deis d’fhoghlaimeoirí feabhas agus forbairt a chur ar a gcuid scileanna teanga agus stór focal s’acu a leathnú amach.

Gaelú – an bhfuil sloinne Gaeilge ort?

Bíonn spéis againn ar fad ainm agus sloinne s’againne a aistriú go Gaeilge. Déanann an tseirbhís ‘Ghaelaithe’ seo ainm Gaelach de d’ainm Béarla! Is féidir le gach duine sult a bhaint as an uirlis seo toisc go bhfuil roinnt leaganacha Gaelacha de mhórán ainmneacha nach dtagann ó Éirinn ar fáil ann.

Tá ‘Seán Pádraic Mac Mathúna’ déanta de ‘John Patrick Mac Mahon’ cuir i gcás. Déan thú fhéin a Ghaelú inniu. Bain triail as anseo.

Gramadóir – an seiceálaí litrithe a raibh muid ag fanacht air

Má bhíonn profáil le déanamh agat ar shliocht is é an Gramadóir an áis scríbhneoireachta is úsáidí atá ann. Aimsíonn an córas botúin ghramadaí agus botúin litrithe don úsáideoir, díreach ar nós seiceálaí litrithe a bhíonn ar na cláracha scríbhneoireachta, Microsoft Word ina measc.

Tugann an Gramadóir míniú ar an mbotún a aimsíonn sé duit agus moladh ansin faoin rud atá níos cirte le cur ina áit. Mar shampla deir an córas “An raibh ‘seirbhís’ ar intinn agat?” más é go litrítear an focal ‘seirbhís’ mícheart. Is deis iontach í seo chun feabhas a chur ar chruinneas teanga agus gramadaí sna píosaí a chuireann tú i mbun pinn. Bain triail as anseo.

Chuala.me – Reddit na Gaeilge

Céard atá ag treochtáil i saol na Gaeilge ar líne? Ar shuíomh Cadhan.com tá nasc chuig suíomh eile spéisiúil darbh ainm Chuala.me ar a dtugtar Reddit na Gaeilge.

Léirítear na scéalta agus tvuíteanna is mó tráchta agus suime ar an mbord agus tugann sé le fios faoi na postálacha is mó idirghníomhaíochta sa Ghaeilge atá ann. Más spéis leat fáil amach céard atá i mbéal an phobail Ghaeilge is é Chuala.me an áit is fearr le dul.

Treochtaí – Breatimeacht nó Sasamach?

Céard iad na focail Ghaeilge is mó úsáide ar líne? Tá uirlis iontach ar Cadhan.com a thugann le fios dúinn maidir le minicíocht úsáide aon fhocal Gaeilge atá amuigh ansin. Is féidir léarscáil d’úsáid aon fhocal a fheiceáil chomh maith a léiríonn cén áit sa tír a bhaintear úsáid as cibé focal atá i gceist. Bain triail as an uirlis seo anseo.

Tá treochtaí spéisiúla le feiceáil i gcás na bhfocal sin a bhaineann le canúint amháin níos mó ná na canúintí eile. Tá liosta de shampla spéisiúla curtha leis an uirlis a léiríonn conas úsáid chliste a bhaint as an gcóras treochtaí. Ábhar spéise dúinn ar fad is cinnte.

Cartlann – bunachar cuimsitheach Gaelscéal & Cuisle

I measc na n-uirlisí iontacha ar Cadhan.com tá dhá chartlann de shean-nuachtáin Ghaelacha a d’imigh in éag tamall ó shin, Gaelscéal agus Cuisle. Dhá fhoilseachán ar ardchaighdeán a bhí iontu agus tá gach uile eagrán ar fáil anois ar an suíomh.

I gcás Gaelscéal go príomha, seachtanán ceart Gaeilge ar tháinig deireadh leis sa bhliain 2013, tá teacht ar na hailt agus ábhar ar fad de go poiblí anois ar Cadhan.com. Ábhar léitheoireachta iontach don seomra ranga agus don fhoghlaimeoir araon atá ann. Féach ar chartlann Gaelscéal anseo.